‘An té a léann gan peann ina ghlac, is ag cur amú ama a bhíonn sé.’ Tomás Acain a scríobh sin, nó fágtar air gur scríobh. Tá sé de ghnás agamsa, le linn dom bheith ag léamh, deismireachtaí agus nathanna cliste na mórúdar a scríobh síos, ar fhaitíos iad a ligean i ndearmad. Foilsíodh cnuasach díobh, Focail le Gaois, tamall de bhlianta ó shin. Ba é a locht a laghad – is beag is fiú saothar tagartha gan a bheith téagartha. Ba dheas leithéid The Oxford Dictionary of Quotations a bheith ann a dtiocfadh le scríbhneoirí Gaeilge a bheith ag tarraingt air, ach bheadh duine amháin rófhadálach ina bhun. (An féidir go bhfuil saoithe le teicneolaíocht ann i measc léitheoirí ‘Friotal’ a mbeadh fonn orthu obair mheithle wiki a dhéanamh dá leithéid?).
Ag féachaint ar na samplaí a bhailigh mé go dtí seo, is iontach liom an éagsúlacht smaointe i dtaobh ábhar an cholúin seo, an Ghaeilge. Is beag gné den scéal nár chuir údar éigin friotal gonta, greannmhar air i bhfad siar. Is minic, mar shampla, a bhímse ag trácht ar an dúil a bhíonn ag lucht na Gaeilge i gceartú a chéile, ach níor sháraigh mé riamh an breithiúnas a thug Liam Ó Rinn ar an cheist sa bhliain 1956.
‘Dá theirce iad lucht na Gaeilge is líonmhaire go mór na tíoránaigh ina measc ná i measc lucht labhartha teangan ar bith eile. Seo mar is ceart an scéal a leigheas agus cumhacht seo na mion-uilechumhachtach a bhriseadh: aon uair is eagal leat focal nó abairt a úsáid toisc gur dóigh leat go mbeadh a leithéid seo nó siúd de thíoránach ag fonóid fút mar gheall air, scríobh é mar staincín air.’
Siar sa bhliain 1938, thóg Earnán de Blaghd a amas ar lucht léinn a lochtaíodh an nuascríbhneoireacht Ghaeilge gan oiread is siolla Gaeilge a scríobh iad féin. I véarsaíocht a chuir sé a racht de.
‘Is bocht an dream na hollamhain Ghaeilge;
ní thugaid moladh choíche d’aon-rud
ach gabhaid, gan sos, de chosa ar dhréachta
‘s a gcosa slán i gcoisbhirt Bhéarla.’
Goineog bheag ghleoite, leoga!
De réir mar a bhítear ag dul siar, is mó a thagann dealramh na tairngreachta ar chuid de na tuairimí a nochtadh i leith athréimniú na Gaeilge. Ba í an fhírinne a chan Eoin Mac Néill nuair a scríobh sé, ‘bheadh sé chomh maith agat féachaint le cosa adhmaid a chur faoi chearca agus féachaint leis an Ghaeilge a athbheochan tríd an chóras scolaíochta.’ Ba thrua leat fosta chomh dóchasach díograiseach is a bhí glúin na hathbheochana: ‘Ba mhaith liom go mbeadh an Sasanach chomh mór ina choimhthíoch in Éirinn agus a bheadh sa Fhrainc nó sa Ghearmáin.’ Traolach Mac Suibhne a dúirt an méid sin – tairngreacht nár fíoraíodh agus nach bhfíorófar.
Ach ní duairceas ar fad é. Féach, mar shampla, mar a labhair an fear léinn John Pentland Mehaffy, agus é ag tabhairt fianaise do Choimisiún a bhunaigh na Sasanaigh i dtaobh cheist na Gaeilge: ‘Bíonn sí úsáideach uaireanta ag fear a bhíonn ag iascaireacht bradán nó ag marú cearca fraoigh san Iarthar.’
Tá na mílte ann a gcuireann an Ghaeilge an t-im ar an arán dóibh agus nach ngéillfeadh don tuairim sin.
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.
Fág freagra ar 'Tíoránaigh teanga, cosa adhmaid agus cearca fraoigh'