Tionscadal ‘Folláine’ faoi lánseol i nGaillimh ag láithreoir TG4

Beidh an dara ceardlann sa tsraith ‘Wellness’ ar siúl in Óstán G na Gaillimhe Dé Domhnaigh, an 8 Samhain 2015. Is fiú teacht chuige, a deir Máire Treasa Ní Dhubhghaill, craoltóir le TG4 agus duine de lucht eagraithe na gceardlann

Screen Shot 2015-11-03 at 13.10.22

Sraith ceardlann is ea Folláine/Wellness, a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla de shláinte an duine. Beidh an dara ceardlann sa tsraith ar siúl in Óstán G na Gaillimhe Dé Domhnaigh seo chugainn, an 8 Samhain 2015.

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill (Rugbaí Beo, TG4) a bheidh mar láithreoir ar an gceardlann agus ina teanntasa beidh an traenála pearsanta, Kathie Stritch.

Díreofar ar na príomhghnéithe a bhaineann le saol folláin a chaitheamh, mar atá, cothú/beathú, spreagadh, aclaíocht agus sláinte meabhrach.

D’aithin Máire Treasa go raibh géarghá lena leithéid seo de cheardlanna le go mbeadh daoine in ann an t-eolas ceart a fháil chun na hathruithe cuí is gá dóibh a dhéanamh ar mhaithe le saol folláin a chaitheamh.

“Chas muid lena lán daoine in imeacht na mblianta a bhí ag iarraidh saol níos folláine agus níos slaintiúla a chaitheamh ach ní raibh fhios acu cá dtosóidís. Mar sin shocraigh muid na saineolaithe ab fhearr a bhí muid in ann a fháil a thabhairt le chéile le cabhrú le daoine athruithe bunúsacha a dhéanamh le go mbeadh saol níos folláine á chaitheamh acu,” a dúirt Ní Dhubhghaill.

I measc na gcainteoirí a chuirfidh Ní Dhubhghail i láthair ag an gceardlann, tá Roz Purcell, a thabharfaidh comhairle faoi bheathú, Gerry Duffy, a labhróidh faoi spreagadh, agus Alan Quinlan, a bheidh ag caint faoi chúrsaí meabhairshláinte.

Maítear go ndéanfaidh an cheardlann folláine seo maitheas do dhaoine atá ag iarraidh saol níos folláine a chaitheamh.

Má tá tuilleadh eolais uait nó fonn ort clárú don cheardlann, téigh chuig www.irishwellness.ie.

€80 an costas atá i gceist agus beidh lón agus mála féiríní san áireamh leis an táille sin, mar aon le ceardlann folláine agus comhairle míosa ar líne faoi chúrsaí beathaithe.

Tá an t-eolas ar fad faoin gceardlann anseo.

Fág freagra ar 'Tionscadal ‘Folláine’ faoi lánseol i nGaillimh ag láithreoir TG4'