Tionchar na na Gaeilge ar Cheanada le plé ag Comhdháil in Oileán Cheap Bhreatainn

Díreoidh ‘Connecting the Gaels’ ar láidriú caidrimh, cruthú nascanna, agus neartú cultúr agus teanga na nGael sa réigiún

Tionchar na na Gaeilge ar Cheanada le plé ag Comhdháil in Oileán Cheap Bhreatainn

Tiocfaidh cainteoirí Gàidhlig, Gaeilge agus Manainnise le chéile in oirthear Cheanada an tseachtain seo leis an bhféiniúlacht Ghaelach sa tír sin a phlé. Beidh na cainteoirí Gaeilge agus Manainnise i measc toscaireachtaí de shliocht na dtíortha Gaelacha a bheidh ag freastal ar chomhdháil in Oileán Cheap Bhreatainn.

Beidh sliocht na ndaoine a chuaigh ar imirce ó na tíortha Ceilteacha go hoirthear Cheanada i measc na ndaoine a bheidh ag glacadh páirt sa chomhdháil ar an bhféiniúlacht, ar theangacha agus ar an bhforbairt chultúir san oileán. Beidh roinnt ionadaithe ann a thaistil ó Éirinn, Albain agus Manainn go speisialta don ócáid.

Tá an chomhdháil, ‘Connecting the Gaels: An International Gaelic Summit’, á heagrú ag rialtas an cheantair. Deir an rialtas go ndíreofar ar láidriú caidrimh, cruthú nascanna, agus neartú cultúr agus teanga sa réigiún.

Beidh an chomhdháil ar siúl inniu, Déardaoin, agus amárach i gColáiste na nGael i gcontae Victoria in Oileán Cheap Bhreatainn. Tá nasc le cruthú idir Coláiste na nGael san oileán agus coláiste na nGael san Oileán Sciathánach in Albain le linn na comhdhála.

“Taispeánfar le linn na Comhdhála an obair atá déanta ag Gaeil na hAlban Nua le seilbh a ghlacadh athuair ar a dteanga agus cultúr is féiniúlacht atá bunaithe ar an teanga sin a chothú.

“Tá mé ag súil leis an bhforbairt a eascróidh as an gcomhdháil Ghaelach seo ar an gcultúr Gaelach anseo,” a dúirt Rodney MacDonald, príomhfheidhmeannach Choláiste na nGael.

Tá Ceanada ag ceiliúradh 150 bliain a bhunaithe mar chónaidhm i mbliana agus dúirt MacDonald go leagfar béim faoi leith ar an tionchar a bhí ag na Gaeil ar thógáil an chúige agus na tíre ó tháinig siad ann ar dtús an céadta bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Tionchar na na Gaeilge ar Cheanada le plé ag Comhdháil in Oileán Cheap Bhreatainn'