Deis á fáil ar deireadh ag imreoirí óga Gaeltachta agus súil ag seisear as Conamara ar chluiche ceannais na mionúr

Chuaigh imreoirí óga ó Chorca Dhuibhne i bhfeidhm go mór ar Chluichí Ceannais na Mionúr le cúpla bliain anuas, agus tá deis ag imreoirí as Gaeltacht Chonamara an rud céanna a dhéanamh an Domhnach beag seo

Deis á fáil ar deireadh ag imreoirí óga Gaeltachta agus súil ag seisear as Conamara ar chluiche ceannais na mionúr

Ernan McDonagh, Sean Mulkerrin and Finian O'Laoi. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhí tionchar láidir ag imreoirí Gaeltachta ar chluichí ceannais na mionúr le cúpla bliain anuas agus tá gach cuma ar an scéal gur amhlaidh a bheidh an scéal i mbliana.

Agus an rath a bhí ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne in 2014 agus 2015, ba bheag an t-iontas go raibh scata dá gcuid imreoirí ar na foirne ó Chiarraí a bhuaigh Cluiche Ceannais na Mionúr sna blianta céanna.

In 2014, bhí triúr ón nGaeltacht, Brian Ó Beaglaoich, Tomás Ó Sé agus Roibeard Ó Sé, agus triúr ón Daingean, Barry Ó Sullivan, Matthew O’Flaherty agus Mark O’Connor, ar an bhfoireann a fuair an ceann is fearr ar Dhún na nGall.

Anuraidh, nuair a thug Ciarraí an lá leo i gcoinne Thiobraid Árann, bhí O’Connor ann arís, agus é mar chaptaen an uair seo. Ar an bhfoireann leis i 2015 bhí beirt eile ón nDaingean, Tom O’Sullivan agus Conor Geaney.

Beidh fear as Corca Dhuibhne, Seán Ó Lúing, i scuad Chiarraí a thabharfaidh aghaidh ar Ghaillimh sa chluiche ceannais an deireadh seachtaine seo, ach, an uair seo, is ag na Connachtaigh is mó a bheidh na himreoirí Gaeltachta.

Thosaigh ceathrar as Gaeltacht na Gaillimhe, Seán Mulkerrin (Oileáin Árann), Ernán McDonagh (Bearna), Finnian Ó Laoi (An Spidéal) agus Desmond Conneely (Maigh Cuilinn) an cluiche leathcheannais in aghaidh Dhún na nGall an mhí seo caite agus bhí beirt eile i measc na n-ionadaithe, fear eile as Bearna, Ross Murphy a tháinig isteach mar ionadaí, agus Martin Kerrigan ón bhFairche.

Is mór an t-athrú é seo ón uair go mbíodh sé deacair ag fir ón taobh sin tíre seans a fháil sa gheansaí marún.

Duine a raibh taithí aige ar an scéal mar a bhíodh is ea Seán Ó Domhnaill na Ceathrún Rua, a bhuaigh Craobh na hÉireann le sinsir na Gaillimhe i 1998.

“Nuair a bhí mise leis na mionúir, bhain mé áit amach ar an bhfoireann agus d’imir mé gach cluiche sraithe ach chomh luath agus a chríochnaigh Corn Uí Ógáin, tháinig slua leaids as Coláiste Iarfhlatha isteach agus slua eile as Coláiste Mhuire agus cuireadh ar an bhfoireann iad. Nuair a bhí mé féin ar an bhfoireann a bhuaigh an chraobh ceithre bliana ina dhiaidh sin, ní raibh ach duine amháin acu sin fós ann.

“Ní chuirfinn an locht ar na bainisteoirí uile, is drochpholasaí a bhí ann. Má bhí imreoir ag imirt le Naomh Iarfhlatha nó le Naomh Muire, ceapadh go gcaithfeadh sé gur peileadóir maith a bhí ann. Bhí sé deacair ar imreoirí eile áit a fháil ar fhoireann an chontae, ní hamháin imreoirí as Conamara ach as cumainn bheaga eile, An Chealtrach, cuir i gcás,” a deir Ó Domhnaill.

Bhí fir as an gCeathrú Rua, as Carna, as Maigh Cuilinn agus as Cill Aithnín uile ina gcuid den fhoireann sin a bhuaigh craobh na hÉireann i 1998 agus díol suntais gurb é Stephen Joyce ón bhFairche, a bhí ina roghnóir ag John O’Mahony an bhliain sin. Tá Joyce anois ina bhainisteoir ar mhionúir na Gaillimhe. Dar le hÓ Domhnaill, tá aitheantas ar leith tuillte aige as a chuid oibre i mbliana.

“Ó tháinig Stiofán isteach mar bhainisteoir tá scéalta tagtha amach faoi conas mar atá an fhoireann seo ag teacht le chéile. Tá meascán mór imreoirí ann ó gach cineál club, is cuma má tá siad ag imirt sinsir, sóisir nó idirmheánach. Níl imreoir ann a bhuíochas dá sheoladh amháin, braitheann sé ar céard atá sé in ann a thabhairt don fhoireann.”

Ag breathnú chun cinn ar an gcluiche, tuigeann Ó Domhnaill gurb iad Ciarraí rogha na coitiantachta, go háirithe tar éis dóibh scrios a dhéanamh ar Chill Dara sa chluiche leathcheannais, ach deir sé nach féidir Gaillimh a chur as an áireamh.

“Ní raibh mé rómhuiníneach in aghaidh Dhún na nGall. Cheap mé go mbeadh fadhb againn leis an stíl chosantach a bhíonn acusan ach bhí muid ar fheabhas. Tá tosaithe an-mhaith againn agus bhí sé soiléir gur bhain siad sult as a bheith ag imirt peile.

“Nuair a bhreathnaíonn tú ar Chiarraí, tá taithí acu ó bheith ag imirt ar laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh leis na himreoirí a bhuaigh Corn Uí Ógáin le Naomh Breandán. Tá David Clifford dochreidte – ba cheart go mbeadh sé ag imirt do na sinsir! – ach tá craobh na mionúr aisteach mar chomórtas, is féidir le haon rud tarlú.

“Bheinn ag súil go mbuafadh Ciarraí ach chaithfeá seans a thabhairt do Gaillimh i gcónaí.”