‘Tiománaithe bradacha Chonamara imithe ó smacht’ – Ó Clochartaigh

Tá iarrtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar an nGarda Síochána tuairisc a thabhairt ar an méid is féidir a dhéanamh le dul i ngleic leis an tiomáint bhradach i gConamara

Trevor_Ó_Clochartaigh_2013

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) tar éis scríobh chuig údaráis áitiúla an Gharda Síochána i gConamara maidir leis an imní atá air faoin tiomáint bhradach atá sa cheantar le déanaí.

Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ag iarraidh ar na Gardaí níos mó acmhainní a chur ar fáil leis an mbuíon bheag de thiománaithe bhradacha a stopadh. Deir an Seanadóir go bhfuil na tiománaithe “ag déanamh an diabhail” i gConamara faoi láthair.

Dúirt sé go bhfuil an scéal “imithe ó smacht ar fad” i gCeantar na nOileán go háirithe.

“Tuigtear dom go raibh roinnt eachtraí inar cuireadh beatha Gardaí agus daoine eile i mbaol mar gurbh éigean cuid de na tiománaithe seo a leanúint. Dúradh liom gur caitheadh cloch le fuinneog tosaigh feithicil a bhí ag iompar carr a tógadh ag an deireadh seachtaine freisin agus gur tóin charr mná eile riar mhaith uaireanta le deireanas ag ógánaigh a bhí imithe ó smacht,” a dúirt sé inniu.

Dar leis an gClochartach, tá an tiomáint bhradach ag tarlú níos minice anois ná mar a bhí agus ceaptar nach bhfuil ach buíon bheag daoine freagrach as eachtraí den chineál seo.

D’iarr an Seanadóir ar an bPríomh-Cheannfort tuairisc a thabhairt ar an méid is féidir a dhéanamh chun deireadh a chur leis an iompar bradach sula ngortófar duine éigin go dona.

“Creidim go bhfuil deacrachtaí leanúnacha ann maidir le leordóthain achmainní a bheith ar fáil chun póilíneacht a dhéanamh ar na gnóthaí seo,” a dúirt sé.