Tiocfaidh ceannairí Aontas na hEorpa le chéile Dé Céadaoin chun…?  Níl tuairim acu…

Ní aontacht an AE ach a mhalairt atá á léiriú ag géarchéim na n-imirceach/dteifeach

EU Brussells

Roimh gach reifreann Eorpach ina moltar neartú breise ar chomhtháthú an AE, maíonn an freasúra de ghnáth go ndéanfar aimhleas na dtíortha beaga agus go lagófar an daonlathas má ghlactar leis an gconradh atá molta.
Ach ní ró-aontacht san AE, ná ceal daonlathais, ach a mhalairt atá á léiriú ag géarchéim na n-imirceach/dteifeach*. Mar a léirigh an cogadh san Iaráic ar dhóigh eile i 2002, nuair a thagann an crú ar an tairne, cuireann ballstáit an Aontais a leas agus a n-aidhmeanna náisiúnta féin chun cinn, fiú más léir do chách nach réiteoidh easaontas rud ar bith.
Is fiú laigí an Aontais, agus an lagú breise atá feicthe againn a áireamh, ó thosaigh mórtheacht na sluaite thar sáile i dtreo agus thar teorainn isteach san AE:

* Tá Conradh Bhaile Átha Cliath, an conradh Eorpach a rialaigh clárú teifeach ó síníodh é i 1990, curtha i leataobh go haontaobhach ag an nGearmáin, beag beann ar dhlí an AE agus ar leas na mballstát eile;
1) Tá feidhmiú Chonradh Schengen (1985), a cheadaigh saorthaisteal idir ballstáit áirithe, curtha ar ceal ag cuid acu;
2) Dúnadh príomhbhóithre agus bóithre iarainn trasteorann idir ballstáit éagsúla (idir an Ghearmáin agus an Danmhairg, mar shampla) chun cur in aghaidh saorthaistil;
3) In imeacht choicíse, tá saorchead isteach (do 800,000 duine i mbliana, agus do mhórán eile amach anseo) fógartha ag an nGearmáin, agus ansin leath-tharraingte siar..
4) Tá claíocha tógtha ar theorainneacha na hUngáire agus tógáil chlaí nua fógartha Dé hAoine idir an Ungáir agus an Chróáit – dhá bhallstát atá laistigh den ‘aontas’ Eorpach;
5) Tá éidreoir, faillí agus easpa iomlán comhthuisceana léirithe ag ceannairí an AE arís agus arís eile.

Is furasta, gan dabht, cur síos ar theip an Aontais maidir le géarchéim na n-imirceach agus na dteifeach. Is deacra, nó, dáiríre, tá sé do-dhéanta faoi láthair, plean réitigh a dhréachtadh. Nuair a thionólfar cruinniú mullaigh speisialta sa Bhruiséil Dé Céadaoin, ní bheidh sé ar chumas cheannaire ar bith réiteach a mholadh.
Ní bheidh ábhar fíor-réitigh á phlé agus dá mbeadh ní bheadh fíor-mhóramh, seachas móramh ualaithe, toilteanach é a chur i bhfeidhm.

Thug Uachtarán Chomhairle na hEorpa, Jean Claude Juncker sampla breá ina óráid i bParlaimint na hEorpa an 9 Meán Fómhair den uafás atá ag gríosadh na sluaite chun aghaidh a thabhairt ar an Eoraip.
“Dá mbeadh do thír á scrios,” a dúirt sé, “níl praghas nach n-íocfá, ná balla nach rachfá thairis, ná farraige nach seolfá tríd, ná teorainn nach dtrasnófá, chun éaló ó bharbaracht an Stáit Ioslamaigh.”
Is léir dúinn uilig an cruachás. Tá ár bhformhór toilteanach cabhair agus dídean a thairiscint, go pointe áirithe. Ach is i bhfad amach ón ‘bpointe áirithe’ sin atá an leigheas ar an géarchéim seo, más féidir teacht air.
Fiú dá n-aontódh lucht an chruinnithe mhullaigh leis an bplean is deireanaí chun dídean a thairscint do 120,000 teifeach, ní bheadh an t-Aontas i ngiorracht réitigh, toisc gur fadhb gan teora atá le réiteach. Ní léir aon leigheas Eorpach, taobh amuigh de theacht an Gheimhridh, ar an bhfadhb.

* Ní dóigh liom gur chóir ceachtar focal a chur i leataobh, mar shampla mar a mholann daoine a deir gur chóir teifigh a thabhairt ar gach duine atá ar a bhealach chun na hEorpa faoi láthair. Is léir gur imircigh iad na teifigh go léir (níl aon rogha acu ach dul ar imirce), ach ní coir, dar liom, teifeach a thabhairt ar gach imirceach.

– Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTE é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Tiocfaidh ceannairí Aontas na hEorpa le chéile Dé Céadaoin chun…?  Níl tuairim acu…'

  • cormac

    Ta an ceart ag Cathal, is neamhaontas o bhonn e an AE agus e go heidreorach tuathallach tuisleach le fada an la. Gach Ballstat ag tarraingt chun a mhuilinn fein agus an lamh in uachtar ag an gceann is laidre acu, an Ghearmain. Buion chinsealach neamhthofa runda an Eurogroup agus carte blanche acu in eineacht le Banc Ceannais na hEorpa a rialaionn gach agus a ghabhann lastuas de cheannasacht aon Bhallstait nuair a oireann doibh. Is iad na bainceiri ata in airde lain sa choras seo, is acu ata an chumhacht agus is cuid da gcumhacht siud anois no riamh institiuidi na hEorpa. Nil sna polaiteoiri ach spailpini aus feidhmeannaigh na cumhachta neamhchuntasai seo. Feach Trichet agus sceal na hEireann, mar shampla. Ni mor an AE faoi mar ata se – caipitliocht amplach neamhscrupallach fiochmhar – a chur da bhonnaibh ar fad agus coras daonlathach ina mbeidh an leas coiteann mar dhluth is inneach ann a bhunu. Chun e sin a dheanamh beidh ceannairi ag teastailt a bhfuil misneach, intliocht, seiftiulacht agus beartais fhonta ailtearnacha acu. Ca bhfuil siad ar fail?