Tigh An Chriomhthanaigh ar an mBlascaod Mór le hoscailt do chuairteoirí i samhradh 2017

Tá an bhainistíocht in Ionad An Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, dóchasach go mbeidh tigh an údair iomráitigh ón oileán oscailte do chuairteoirí chun an oileáin sin i gcomhair bhiaiste na turasóireachta 2017

Tigh An Chriomhthanaigh ar an mBlascaod Mór le hoscailt do chuairteoirí i samhradh 2017

Pictiúr: Micheál Ó Conchúir

Tá an bhainistíocht in Ionad An Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin, dóchasach go mbeidh tigh an údair iomráitigh ón mBlascaod Mór, Tomás Dhomhnaill Ó Criomhthain, oscailte do chuairteoirí chun an oileáin sin i gcomhair bhiaiste na turasóireachta 2017.

Ó dheireadh an tsamhraidh seo caite tá obair mhór atógála déanta ag foireann cheardaithe, faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí,  ar dhá fhothrach  ar an ‘Oileán Tiar’, atá faoi chúram an Stáit anois,  mar atá tigh an Chriomhthanaigh féin agus tigh eile in aice le caladh an Oileáin  ar a dtugtaí Tigh ‘Faight’ nó tigh Mhichíl Uí Shé.

Faoi stiúir ailtirí oilte, a d’fhostaigh an OPW, tógadh Tigh Faight ó bhonn, nach mór, agus cuireadh díon ar thigh Thomáis Dhomhnaill agus rinneadh oibreacha deisiúcháin ar na fallaí ann chomh maith.   

Cé nár críochnaíodh an obair atógála ar fad faoi dheireadh na bliana seo,  d’éirigh leis an fhoireann tamall níos faide a tabhairt i mbun a gcuid saothair de bharr na haimsire breá a bhí againn i ndeireadh an fhómhair. Dúnadh isteach an dá thigh ón tsíon agus ó ghálaí an gheimhridh agus táthar ag súil an chuid dheireanach den saothar a bheith tugtha chun críche sula mbíonn an bhiaiste turasóireachta go dtí an t-oileán faoi lán seoil an samhradh seo chugainn.

Feisteofar an dá thigh díreach mar a bhíodar agus an pobal ag maireachtaint ar an mBlascaod. Ceann adhmaid, clúdaithe le feilt agus tarra, seachas ceann tuí, a bhí ar fhormhór mór na dtithe ar an oileán, seift  a bhí foghlamtha ag muintir an oileáin ón dteicníc a bhí in úsáid sna naomhóga a bhí tagtha chun an oileáin ó thús na 1880í. Tá sé i gceist na hairm, na huirlisí agus an trealamh a bhíodh in úsáid san oileán, agus in Iarthar Duibhneach i gcoitinne, a chur ar taispeáint i dtigh Thomáis, chun go mbeadh léargas éigin ag cuairteoirí ar shaol an oileáin ag tús an fhichiú haois. Tabharfaidh athchóiriú an tí stádas cuí do dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí Gaelainne a tharraing peann chuige riamh.

TitheOilean2

Is é Tigh an Chriomhthanaigh an foirgneamh is sia ó thuaidh i mbun Bhaile an Bhlascaoid. Tá tigh mhuintir Shé, nó Tigh ‘Faight’, ar fhaobhar Bhóithrín na Marbh, agus é gairid go maith den gcaladh. Ba ann a mhair Micheál Ó Sé nó ‘Faight’ mar ab fhearr aithne air (iarracht fhear Gaeltachta ar an bhfocal Béarla ‘White’ a fhuaimniú is ea Faight) agus a chlann, nó gur bhogadar thar bealach amach go Ceathrú Dhún Chaoin ag deireadh na 1940í. Thugadar siúd ceann an tí leo chomh maith, agus d’úsáideadar ar a dtigh nua é. Is sa tigh seo ar an gCeathrúin atá cónaí ar dhuine de mhór-ealaíontóirí na tíre, Maria Simonds-Gooding anois.

Bheadh sé i gceist an foirgneamh seo a úsáid mar bhunáit d’fhostaithe Oifig na nOibreacha Poiblí, a bhíonn coitianta san oileán. Ón mbliain 2011 tá seirbhís treoraithe ar bun san oileán, a thugann deis do chuairteoirí dul ar shiúlóid threoraithe timpeall an bhaile agus a thugann léargas dóibh ar oidhreacht, ar chultúir agus ar stair na háite.

Cheannaigh Oifig na nOibreacha Poiblí formhór an tseanbhaile thar ceann an Stáit sa bhliain 2009, agus é i gceist acu an baile agus an t-oileán i gcoitinne a chaomhnú agus a chosaint.

Cé ná fuil aon fhaisnéis chruinn tugtha ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le costas na hoibre seo, tuigtear gur thug Fáilte Éireann deontas fial ó bhuiséad na bliana seo, ar an dtuiscint go gcuirfeadh an obair atógála seo agus tigh an Chriomhthanaigh a bheith oscailte do chuairteoirí, go mór le turas taitneamhach a thabhairt ar an oileán cáiliúil seo a tréigeadh i 1953.

Tugann breis agus 10,000 duine cuairt ar an mBlascaod Mór gach bliain.

Fág freagra ar 'Tigh An Chriomhthanaigh ar an mBlascaod Mór le hoscailt do chuairteoirí i samhradh 2017'