‘Ticker, ticker,’ a dúirt sé ag searmanas sollúnta bhronnadh na ngreamán

AG TÓGÁIL CLAINNE: Níor léir dár gcolúnaí céard iad na gníomhartha gaisce a thuill bronnadh na greamáin, ach ní fad go raibh ceann uaithi féín

‘Ticker, ticker,’ a dúirt sé ag searmanas sollúnta bhronnadh na ngreamán

‘Mar go raibh tú go maith agus gur ghlan tú suas na bréagáin ar fad, tabharfaidh mé an sticker speisialta seo duit,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga leis an mBabaí agus í i bhfeighil ar shearmanas sollúnta bhronnadh na ngreamán.

Chrom sí anuas ag a cosa, áit a raibh leabhar mór greamán leagtha go cúramach. Phioc sí suas an leabhar is d’iompaigh na leathanaigh nó gur tháinig sí go dtí an áit a raibh na greamáin ríspeisialta nach mbronntar ach i gcás éacht crógachta as an ngnáth.

‘Seo dhuit, an Hello Kitty,’ a d’fhógair sí agus chuir ionga a hordóige isteach faoi choirnéal an ghreamáin lena bhaint den leathanach. D’ardaigh sí san aer é ar feadh soicind, mar a dhéanfadh sagart le Corp Chríost ag an aifreann, agus ansin, ghreamaigh sí go cúramach é ar bhrollach th-léine an Bhabaí.

Sheas sé amach roimpi go staidéartha, a dhá láimh síos díreach lena thaobhanna agus é ag glacadh go humhal leis an onóir neamhchoitianta a bhí á bronnadh air. ‘Maith an leaidín,’ a dúirt sí leis ansin agus bhuail bosóg ar a ghualainn.

Rith sé anall chugam agus bís air. ‘Ticker, ticker,’ a dúirt sé agus taom mórtais air. Ní hamháin go raibh an greamán ba mhó tóir bronnta air, ach ba í a laoch pearsanta féin a rinne an bronnadh.

Laoch a raibh rónna greamán ar bhrollach a t-léine féin. Tá bailiúchán bonn seirbhíse aici a mbeadh leifteanant-ghinearál in éad leis. Chonaic mé leathcheann an Hello Kitty úd ina measc, meascán réaltógaí ar dhathanna éagsúla agus, go mistéireach, dobhareach corcra.

Níor léir dom ar an gcéad amharc céard iad na gníomhartha gaisce a thuill bronnadh na greamáin. ‘Fuair mé an ceann seo mar go raibh mé an-mhaith ag siúl ag an bpáirc spraoi agus d’fhan mé i ngreim láimhe ar mo pháirtí,’ a mhínigh sí dom agus í ag síneadh méire chuig an gcéad cheann sa tsraith. Lean sí uirthi, fuair mé an ceann seo as a bheith an-mhaith ag dathú, an ceann siúd as an seomra ranga a ghlanadh suas go maith.

Tháinig sí go deireadh an liosta. ‘An raibh tú i do chailín maith inniu, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom. Thug mé faoi deara an leabhar greamán lena taobh, é oscailte amach ar leathanach na n-ardghradam fós. Chuimhnigh mé ar chomhairle mo mháthar; mol thú féin agus bí gan moladh. Ach bhí greamán uaim go géar.

Fág freagra ar '‘Ticker, ticker,’ a dúirt sé ag searmanas sollúnta bhronnadh na ngreamán'