Ticéid ar díol anois do ‘Féile na Gealaí’ i nGaeltacht na Mí

Beidh an fhéile ar siúl ar 10/11 mí an Mheithimh, an deireadh seachtaine a raibh an mhórfhéile cheoil ‘Ravelóid’ le bheith ar siúl, agus is iad Boss Sound Manifesto, na príomhcheoltóirí a bheidh ag casadh ann. Fógraíodh liosta na mbannaí ceoil ar na meáin shóisialta aréir

feile na gealai

Tá liosta na mbannaí ceoil a bheidh ag casadh ag an bhféile nua Ghaeltachta, Féile na Gealaí, fógartha ag lucht eagraithe na féile agus na ticéid ar díol ó inniu.

Beidh an fhéile ar siúl ar 10/11 mí an Mheithimh, an deireadh seachtaine a raibh an mhórfhéile cheoil ‘Ravelóid’ le bheith ar siúl, agus is iad Boss Sound Manifesto, a bhí le bheith ag casadh ceoil ag Ravelóid, príomhcheoltóirí na féile seo.

I measc na gceoltóirí eile a bheidh i Ráth Chairn na Mí beidh JJ Ó Dochartaigh, Banna Ráth Chairn, Éanna Ó Cróinín, Nigel Day agus ceoltóirí eile nach iad. Beidh an t-amhránaí Conallach, Emma Ní Fhíoruisce, ag freastal ar an dá thrá an deireadh seachtaine sin agus í ag casadh ag Féile na Gealaí agus ag Ravelóid sa Chathair, a eagraíodh nuair a cuireadh Ravelóid ar ceal.

Tá Féile na Gealaí á heagrú ag daoine a cheannaigh ticéid don Ravelóid ach atá ag iarraidh deireadh seachtaine campála a bheith acu in áit Ravelóid sa Chathair, mionfhéile i mBaile Átyhenach mbeidh aon champáil ar fáil ann.

Tá cead faighte ag lucht eagraithe na féile deireadh seachtaine campála a reáchtáil i nGaeltacht na Mí ar thailte CLG Ráth Chairn. Tá costas €40 ar thicéad campála d’Fhéile na Gealaí agus tá ticéid lae ar díol freisin, ar €25. Tá tuilleadh eolais faoi Fhéile na Gealaí ar fáil ar leathanach Facebook na féile.

Fág freagra ar 'Ticéid ar díol anois do ‘Féile na Gealaí’ i nGaeltacht na Mí'