‘Those agreements are not agreements made with us,’ arsa Gregory Campbell. Polaitíocht an Chomhaontaithe?

Tá fadhb mhór ag Sinn Féin nuair nach bhfuil fágtha mar ghléas brú acu ach diúltú Stormont a athnuachan agus an DUP a choinneáil amach as Stormont

‘Those agreements are not agreements made with us,’ arsa Gregory Campbell. Polaitíocht an Chomhaontaithe?

“Those agreements are not agreements made with us,” arsa Gregory Campbell, feisire Parlaiminte an DUP d’oirthear Dhoire. Bhí sé ag tagairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus don chuid de chomhaontú Chill Rímhinn a bhain le Gaeilge. Freagra ar John O’Dowd, Teachta Tionóil de chuid Shinn Féin sa Bhanna Uachtair ab ea caint lom an fheisire Campbell. Fadhb an-mhór is ea é sin, arsa O’Dowd mar is ar Chomhaontú Aoine an Chéasta atá institiúidí Stormont bunaithe.

Níor léir arbh é sin an t-údar easaontais a chuir stop le plé an tseachtain seo caite ach más é, ní tuar dóchais é d’athnuachan na n-institiúidí. An bhfuiltear ag fágáil slán le roinnt na cumhachta i Stormont de réir an mhúnla a bhí ann ó 1998? An tseachtain chéanna ar cuireadh tús leis na seisiúin phoiblí den fhiosrú ar an scéim teasa inathnuaite (RHI), an phraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite a chniog Stormont, is deacair aon léas a fheiceáil.

Bhí an bheirt fhear ar chlár teilifíse ar an BBC tar éis teip na gcainteanna rúnda idir an dá pháirtí faoi athnuachan Stormont. Ba é páirtíocht na beirte sa chlár ‘The View’ an chéad deis a bhí ag an bpobal léargas a fháil ar an gcaidreamh reatha idir an dá pháirtí. Ní hamháin gur éirigh leis an DUP agus Sinn Féin cibé plé a bhí eatarthu a choinneáil faoi rún le míonna ach ní raibh ionadaithe ón dá pháirtí in éindí ar chlár raidió ná teilifíse í gcaitheamh an ama sin ar fad.

Ba chosúil nach raibh ceachtar fear toilteanach eolas ar bith a sceitheadh faoin “dul chun cinn” nó “cúngú bearnaí” a bhí in ainm is a bheith déanta. Ní haon chabhair don phróiseas idirbheartaíochta í an tuairimíocht faoi na bearnaí a dúirt O’Dowd agus é ag maíomh arís agus arís eile nach raibh ó Shinn Féin ach go gcomhlíonfaí téarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus chonradh Chill Rímhinn. Nuair a fiafraíodh de John O’Dowd an raibh Sinn Féin toilteanach a theacht ar chomhghéilleadh leis an DUP ba é a fhreagra gurb iad an dá Chomhaontú na comhréitigh. Ní dhéanfaí aon chreimeadh eile le comhghéilleadh eile a fháil, is cosúil.

Tá an DUP toilteanach dul ar ais go Stormont maidin amárach, arsa Campbell ach bhí sé soiléir nach ar na téarmaí céanna le Sinn Féin a dhéanfaidís é. Thagair sé go seasta don chlár rialtais a d’aontaigh an dá pháirtí sular thit Stormont. Is cosúil gurb í sin an bhunlíne ag an DUP- leagan amach a bhfuil droim láimhe tugtha ag Sinn Féin leis.

Cá bhfágann sé sin an próiseas polaitiúil?

Táthar ag déanamh talamh slán de go ndéanfar iarracht eile a theacht ar réiteach an mhí seo chugainn nó go luath ina dhiaidh sin. Ach an bhfuil an deighilt rómhór? Bhí a fhios ag an domhan nár ghlac an DUP le Comhaontú Aoine an Chéasta ag an am ná sna blianta ina dhiaidh nuair a bhí feachtas fíochmhar acu ina choinne. Ach glacadh leis gur athraigh sé sin in 2006 i gCill Rímhinn – an conradh a rinne leasuithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta ar mhaithe leis an DUP a shásamh. Bhí sé de cheart ag daoine dá réir a chreidiúint go raibh glactha ag an DUP le Comhaontú Aoine an Chéasta leasaithe. Is cinnte gurbh é sin a thug Ian Paisley le fios in 2007 nuair a chuaigh sé i mbun roinnt chumhachta le Martin McGuinness.

Más féidir glacadh le briathra Gregory Campbell mar fhíorléiriú ar chur chuige an DUP sa lá atá inniu ann, tá an scéal athraithe go mór. Gan dabht ba léir ó iompar an DUP gur go drogallach, agus greim ar a srón acu, a roinn siad cumhacht le Sinn Féin ach níor dúradh go lom cheana nár ghlac siad le forálacha eile Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ag cúlú chuig a dtrinsí neamhghéilliúla atá siad anois.

Deir Sinn Féin go seasta go bhfuil ról ag an dá rialtas an Comhaontú a chosaint agus a chur i bhfeidhm. Ach tá rialtas mífheidhmiúil Theresa May ag brath ar an DUP. Cén brú is féidir le Sinn Féin a chur ar an DUP nó ar rialtas na Breataine? Ní hionann agus an t-am a mbíodh Sinn Féin in ann brú a chur go seasta síoraí ar an dá rialtas agus cosán dearg déanta acu go Sráid Downing, cén tionchar atá acu anois? Tá fadhb mhór acu nuair nach bhfuil fágtha mar ghléas brú ach diúltú Stormont a athnuachan agus an DUP a choinneáil amach as Stormont.

Bhí Jim Allister an TUV ag éileamh le fada go gcuirfí deireadh le roinnt na cumhachta agus go mbunófaí comhrialtas deonach. Cadhan aonair ab ea é ach díol suntais é go bhfuil caint níos forleithne anois faoi chur chuige nua a aimsiú, comhartha sóirt ar an easpa muiníne i mbisiúlacht Stormont.

Fág freagra ar '‘Those agreements are not agreements made with us,’ arsa Gregory Campbell. Polaitíocht an Chomhaontaithe?'