‘Thosaigh mé ag réiteach mo thuairisce do na seirbhísí sóisialta – Is é an rud a tharla, a dhuine Uasail…’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Deirtear nach bhfuil ann ach cantal an dá bhliain ach dar lenár gcolúnaí go bhfuil sé níos tromchúisí ná sin

Image Bridget

Ní raibh ina ndúiseacht sa teach ach mé féin. Thosaigh mé ag déanamh mo bhealaigh amach as an leaba, beagán ar bheagán. Rinne mé dearmad ar an gclár san urlár a mbíonn díoscán uaidh. Críííííc!

Stop m’anáil i mo phíobán. Thug mé sracfhéachaint anonn ar an leaba. Ní raibh corr as. Bhí mé beagnach éalaithe. Ach ní leor ‘beagnach’.

‘Bricsta! Bricsta, Mamaí!’ a bhéic An Babaí amach mar a dúirt an Fathach le Jeaic tráth agus fí, fi, fó, fum. Ní dhéanfainn chomh fada leis an ngas pónaire go deo é. Bhí mé i ngreim.

‘Seo leat, gabhfaidh muid síos le haghaidh an bhricfeasta,’ a dúirt mé leis. Níl mé cinnte cén píosa den abairt a chuir as dó, ach bhí barúil agam gur thóg sé mar mhasla mór é mar gur thosaigh sé ar screadach ard leanúnach a bhainfeadh an phéint de na ballaí.

Thug mé faoi deara an tsíleáil ag scoilteadh agus, i gcúl mo chinn, thosaigh mé ag réiteach mo thuairisce do na seirbhísí sóisialta. ‘Is é an rud a tharla, a dhuine Uasail, ná gur iarr sé bricfeasta orm agus gur dhúirt mé leis go dtabharfainn bricfeasta dó.’

Bhí a fhios agam nach gcreidfidís an scéal sin go deo. Chaithfinn a rá leo gur thit sé anuas den vardrús nó gur sciorr sé sa bhfolcadán, scéal éicint a bhféadfaidís muinín a bheith acu as.

‘Wísíní, wísíní!’ a scread sé agus muid sa gcistineach. Thóg mé an crúiscín rísíní amach as an bpreas agus chaith lán glaice isteach ina bhabhla. Chuir sé seo soir uilig é. Tháinig dath dearg ar a éadan agus thosaigh sé ag drannadh orm. Scuab sé an babhla chun bealaigh agus thosaigh ar mhana na nGréagach, ‘No! No! No!’ a bhéic sé agus cuthach air, a mhéirín ag cur poll san aer amach roimhe.  

Ní bhíodh sé mar seo. Tháinig an t-athrú tobann go leor. Deirtear liom nach bhfuil ann ach cantal an dá bhliain. Ach ceapaim go bhfuil sé níos tromchúisí ná sin. Tá sé earcaithe, sílim, ag an eagraíocht sceimhlitheoireachta is mó agus is rúnda ar domhan: ‘Dó agus neamh-aithríoch’ nó D.A.N.A, a thugann na forais faire idirnáisiúnta orthu, .

Bhuel, bíodh an diabhal aige anois, a dúirt liom féin, ní labhróidh mé le sceimhlitheoirí. Caithfear seasamh ar son rud éicint sa saol seo.

Ansin, gan aon choinne, stop an screadach. Athrú teaicticí, sílim. ‘Mamaí, iompar thú,’ a dúirt sé agus bheir sé barróg orm. ‘I lub tú Mamaí,’ a dúirt sé agus leag sé a chloiginín plucach síos ar mo ghualainn. Ceapaim go mb’fhéidir go bhfuil siondróm Stockholm orm.

Fág freagra ar '‘Thosaigh mé ag réiteach mo thuairisce do na seirbhísí sóisialta – Is é an rud a tharla, a dhuine Uasail…’'