Thosaigh an ghadaíocht tráthnóna Oíche Shamhna – níl aon leithscéal agam

Níl aon leithscéal ag ár gcolúnaí gur thosaigh sí ar an sciobadh, ní raibh ann ach go raibhsí  ag iarraidh blúire beag seacláide leis an tae

Thosaigh an ghadaíocht tráthnóna Oíche Shamhna – níl aon leithscéal agam

‘An bhfaca tú mo mhála milseán Samhna in aon áit, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus an seomra á chartadh ó chéile aici. Stop mé go tobann. Bhí mé i ngreim.

Thosaigh an ghadaíocht tráthnóna Oíche Shamhna nuair a bhí siad uilig imithe a chodladh agus bhí mé suite sa gcistineach i m’aonar. Chuile thaobh a bhreathnaigh mé bhí málaí ag cur thar maoil leis an ngabháil milseán a bhí cruinnithe ón spaisteoireacht sráide chuig tithe na gcomharsan. Bhí a ndóthain milseán acu is a choinneodh deichniúr ag mungailt go Domhnach Cásca.

Dáiríre, níl aon leithscéal agam gur thosaigh mé ar an sciobadh, ní raibh ann ach go raibh mé ag iarraidh blúire beag seacláide leis an tae. Nach raibh an oiread sa mála is nach dtabharfaí faoi deara go raibh crunchie beag nó dhó, imithe as?

Níl aon mhaith dóibh an iomarca milseán a bheith acu ar aon chaoi, a dúirt mé liom féin. Is ar mhaithe leo a bhí mé dáiríre, nuair a chuimhníonn tú ceart air.

Ba cheart go mbeadh a fhios agam faoin am seo go mbíonn a fhios ag chuile pháiste go díreach céard atá acu ina mála milseáin Shamhna agus go bhfóire Dia ar an té a dhéanfadh iarracht an dallamullóg a chur orthu.

Gach bliain, bíonn plean agam teorainn a choinneáil leis na milseáin a thagann isteach sa teach Oíche Shamhna. Tosaíonn mo phlean nuair a chuirim mo chuid tuairimí in iúl go láidir is muid ag fágáil an tí, ‘ní ghabhfaidh muid ach ag trí nó ceithre theach. Cúig cinn ar a mhéid’!

Tagann sé cineál aniar aduaidh orm nuair a bhíonn muid fós ag siúl na mbóithre dhá uair an chloig ina dhiaidh sin ar nós daoine a mbeadh fóidín mearaí orthu nó andúiligh ar thóir ‘hit’ amháin eile.

“Beidh na milseáin iontach sa teach seo cinnte! Breathnaigh ar an bpuimcín atá sa bhfuinneog acu! Gabhfaidh muid abhaile ina dhiaidh sin,’ a gealladh dom arís is arís eile.

Ní thuigfidh mé go deo cén chaoi go bhféadfadh faitíos a bheith orthu roimh an dorchadas nuair a bhíonn siad slán sábháilte ina gcuid leapacha féin sa mbaile, ach nach mbíonn aon fhaitíos orthu a bheith ag siúl ó theach go teach i ndorchadas na hoíche ag lorg milseán ó strainséirí agus na púcaí amuigh.

‘Ó, tá a ndóthain acu anois, go raibh míle maith a’d,’ a dúirt mé leis an bhfear atá trasna an bhóthair agus é ag dáileadh na milseán go fial flaithiúil. ‘Tá dán againn freisin!’ a chuala mé an Cailín Mór Beag ag rá le mo thaobh.

Thosaigh sí in ard a cinn ag aithris rann a thosaigh le ‘Oíche Shamhna Oíche Shamhna, úllaí agus cnónna’. Tá mé ionann is cinnte go raibh a leath de cumtha ar barr a cinn aici mar nach gcuimhním aon tagairt a bheith déanta do ‘sweeties’ ná ’fun-size mars bars’ sa mbunleagan a tháinig abhaile ón scoil.

‘Muise nár laga Dia thú, bhí sé sin thar cionn,’ a dúirt fear an tí, ‘is tá Gaeilge agaibh freisin, bail ó Dhia oraibh! Sín a’m na málaí go dtabharfaidh mé cúpla milseán eile daoibh.”

Fág freagra ar 'Thosaigh an ghadaíocht tráthnóna Oíche Shamhna – níl aon leithscéal agam'