‘They’re under orders,’ a dúradh leis, ‘name your horse’…

Ba chóir a bheith cúramach i gcónaí leis an capaill fiú nuair atá leid mhaith tugtha duit!

INPHO/Action Images/Scott Heavey
INPHO/Action Images/Scott Heavey

Grand National an lae inné a chuir an scéal faoin tiománaí tacsaí as Learpholl i gcuimhne dom. Cothrom an lae sin tamall de bhlianta siar, bhí a leithéid ina shuí go foighdeach sa scuaine taobh amuigh d’Aerfort John Lennon ag fanacht go dtiocfadh paisinéir an bealach. Bhí sé ag cuimhneamh go bhféadfadh fanacht fada go leor a bheith air freisin mar go raibh an dream ar fad a bhí ag tabhairt aghaidh ar Aintree istigh ar pháirc na rásaí le cúpla uair an chloig agus sráideanna na cathrach folmhaithe. Ba sna siopaí geallghlacadóra nó sna tábhairní a bhí formhór an phobail, faoi réir le dul ag breathnú ar an rása mór.

Leis sin, siúd amach doras an aerfoirt leis an Seapánach dea-ghléasta seo  agus rinne sé ar ár gcara. “Beidh  £50 sa mbreis le fáil agat, ach mé a bheith istigh in Aintree  faoin am a dtosóidh an Grand National,” a deir an Seapánach. “Tá capall de mo chuid ag rith sa rása agus chomh siúráilte lena bhfaca tú buafaidh sé é. Bhí mé le bheith anseo ó bhí aréir ann, ach chuir cúrsaí gnó ar mb’fhiú na milliúin iad moill orm i Tóiceo. Níl againn ach fiche nóiméad.”

Bhí geata an aerfoirt amach fágtha ina dhiaidh ag an tacsaí faoin am a raibh an méid sin ráite ag an bpaisinéir agus a fhios go maith ag an tiománaí gur le sciorta den ádh a dhéanfadh siad an t-aistear in imeacht leathuair an chloig. Ach chuir an síneadh láimhe £50 cruth eile ar an scéal.

Bhí a fhios aige gurbh é an bóthar M57 an bealach ba ghiorra, ach faoin am a sroichfeadh sé Kirkby go mbeadh an bóthar plúchta ag trácht rásaíochta agus ag leoraithe. “Seansálfaidh mé lár na cathrach,”  a deir sé leis féin. “Tá sé míle nó dhó níos faide, ach b’fhéidir gurb é ab fhearr leithéid an lae inniu.”

Ba bheag aird a thug sé ar shoilse dearga, ní áirím na cinn oráiste, gur bhain sé na duganna amach agus ní raibh faoi ach an dá roth nuair a chas sé faoi dheis suas Anfield Road. Níor thóg an míle bealaigh atá idir páirceanna imeartha Liverpool agus Everton an nóiméad féin air.

“Very near now,” a deir an Seapánach nuair a chonaic sé comhartha bóthair a raibh Melling Road scríofa air. B’fhíor dó, mar dhá mheandar ina dhiaidh stop an tacsaí taobh amuigh de phríomhgheata an ráschúrsa, fiche nóiméad díreach tar éis dóibh an t-aerfort a fhágáil.

Nóta £100 a síneadh ag an tiománaí agus bhí a phaisinéir chomh sásta agus gur dhúirt sé leis an tsóinseáil a choinneáil.

“Bhfuil seans ar bith go scríobhfá síos ainm an chapaill dom?” a d’fhiafraigh fear an tacsaí de agus iad ag croitheadh lámha lena chéile. “Cinnte,” a deir an Seapánach, gur scriobláil sé síos ar phíosa beag páipéir é sular thug sé aghaidh ar an ngeata ar a raibh ‘Owners & Trainers’ greanta.

Bhreathnaigh an tiománaí ar a uaireadóir – beagán le cois cúig nóiméad go dtosódh an rása, gan seans faoin spéir aige siopa geallghlacadóra a bhaint amach.

“Bíodh an diabhal ag bobailín,” a deir sé leis féin, “íocfaidh a mbuafaidh mé aon fhíneáil páirceála a thiocfaidh an bealach, nó an lucht clampála féin.” D’fhág sé an tacsaí san áit a raibh sé agus isteach leis agus a phíosa beag páipéir i gcúl a ghlaice aige.

Faoin am ar bhain sé na geallghlacadóirí amach bhí a raibh d’airgead ina phóca féin ina chrúb aige chomh maith le síntiús an tSeapánaigh.

“Let them in and let them out,” a bhéic fear an mhála, ár gcara ag déanamh air agus crúb airgid sínte amach roimhe aige.

“They’re under orders,” a dúradh leis, “name your horse”.

Sin an uair a ndeachaigh sé i gcomhairle an nóitín den chéad uair go bhfeicfeadh sé céard a bhí scríofa ag an úinéir air.

Bhain a bhfaca sé an mothú as!

メカサキラザバヲ

Fág freagra ar '‘They’re under orders,’ a dúradh leis, ‘name your horse’…'