‘There’s a stadium a lot closer than that one, sonny…’ –cad a tharla do ghunnadóirí na hÉireann?

Chuaigh 20 club chun páirce sa Premiership an deireadh seachtaine seo caite. Ní raibh Éireannach as ceachtar taobh den teorainn ar an bpáirc ag dosaen acu

‘There’s a stadium a lot closer than that one, sonny…’ –cad a tharla do ghunnadóirí na hÉireann?

Liam Brady le Alvin Martin. Pictiúr: INPHO/Allsport

Tá sé dornán maith blianta ó shin anois ó bhí tráthnóna le cur tharam agam i Londain agus gan mórán ar m’aire. Ní fear mór leis an ‘West End’ mé agus dá réir thug mé sracfhéachaint ar leathanaigh spóirt an nuachtáin, cé nárbh é an oiread sin súil a bhí agam go mbeadh aon bhlas fóinteach ar bun oíche i lár na seachtaine.

Athimirt i gCorn na Sraithe idir Spurs agus Bolton an rud ba mhó a mheall mé cé gur bheag suim a bhí agam i gceachtar foireann.

‘Ticéad fillte go Tottenham Hale’, a d’iarr mé ar fhear na hoifige nuair a bhain mé stáisiún an iarnróid faoi thalamh in Euston amach. Nuair a bhí sé á shíneadh amach agam, bhreathnaigh sé go grinn orm. Labhair sé agus gan aon cheilt aige ar a chanúint, a bhí chomh gar do Chósta Thiar na hÉireann agus a bhí mo cheann féin. ‘There’s a stadium a lot closer than that one, sonny,’ a deir sé go dímheasúil.

Bhí torann na traenach ag éirí níos láidre agus ní raibh sé de thriail agam a rá leis go raibh a fhios go maith agam go dtabharfadh trí nóiméad chomh fada le Highbury mé, áit a raibh Arsenal lonnaithe ag an am, ach go mba bheag an mhaith sin mar nach raibh aon chluiche ann agus gurb é sin a d’fhág m’aghaidh ar White Harte Lane.

Bhí mé suite sa gcarráiste nuair a rith sé liom gur dóigh go raibh a fhios sin go maith ag mo dhuine agus nach ag iarraidh mé a chur ar bhealach mo leasa a bhí sé beag ná mór, ach ag tabhairt priocadh oscailte dom go mba dhona an mhaise ag Éireannach i Londain a bheith ag tabhairt tacaíochta d’aon fhoireann eile ach amháin don cheann a fuair a gcuid dílseachta go traidisiúnta – Na Gunnadóirí.

Cúpla bliain roimhe sin bhí seachtar Éireannach ar fhoireann Arsenal i gCluiche Ceannais Chorn an FA 1980 – John Devine, David O’Leary, Liam Brady agus Frank Stapleton as Bleá Cliath, Pat Jennings, Pat Rice agus Sammy Nelson as an taobh ó Thuaidh. Chaith a mbainisteoir, Terry Neill as Béal Feirste aon bhliain déag mar imreoir ag an gclub.

Fiú i bhfad roimhe sin, ba d’Arsenal ba ghnách le mórchuid d’imircigh na tíre seo a chuir fúthu i Londain a gcuid tacaíochta a thabhairt, cé, le fírinne, gur dócha gurbh í an chúis ba mhó a bhí leis sin go mba i gceantar Holloway ba mhó a chuireadar siúd fúthu.

Tá siad ag tréigean an cheantair sin le fada agus ag bogadh amach níos faide. Ní móide ach an oiread go bhfuil mo sheanchara ag síneadh amach na dticéad in Euston i gcónaí, ach má tá, is ar éigean a bheadh sé chomh dána liom agus a bhí. Is mór atá idir Arsenal, mar a chonacthas dósan agus dá leithéidí é, agus club an lae inniu.

Faoin am ar thaistil Arsenal 500 méadar ó Highbury go dtí Staid na nÉimíríochtaí in 2006, cúpla bliain tar éis dó an sáiteán a scaoileadh fúmsa, ní raibh saoránach amháin féin de chuid na tíre seo ar na leabhair acu. Go deimhin is é Eddie McGoldrick an tÉireannach ba dheireanaí a raibh áit bhuan go leor ar an bhfoireann aige – i lár na 1990dí.

Ná ceap gurb iad Arsenal amháin atá amhlaidh. Is é mórán an scéal céanna é ag na cúig chlub eile is cáiliúla i Sasana – Liverpool, Manchester United, Chelsea, Manchester City agus Tottenham Hotspur. Agus an séasúr imeartha reatha ina thús, tá imreoirí acusan as 31 tír eatarthu – as Mór-Roinn na hEorpa, as an Afraic, as an Áise, as Meiriceá Thuaidh agus Theas, ach níl oiread agus Éireannach amháin, thuaidh ná theas, acu.

Pictiúr: Mark Leech
Pictiúr: Mark Leech

Ní áirím sin, ach má thógann tú na Breathnaigh Aaron Ramsey (Arsenal) agus Ben Davis (Tottenham) as an áireamh, níl an t-imreoir amháin féin as na tíortha Ceilteacha ag na 6 chlub sin eatarthu.

Níor le Arsenal amháin a bhíodh dáimh agus ceangal ag Éireannaigh, dar ndóigh. Bhí George Best ar an bpeileadóir ab fhearr ag Manchester United, as an liodán d’Éireannaigh a d’imir dóibh.

Tuaisceartach, Danny Blanchflower an captaen ba cháiliúla ag Tottenham agus ó aimsir Steve Heighway go dtí Steve Finnan, bhí Ronnie Whelan, Mark Lawrenson, Jim Beglin, John Aldridge, Ray Houghton, Phil Babb, Jason McAteer agus Robbie Keane orthu siúd a chaith an geansaí glas agus a d’imir do Liverpool.

Ní hé go bhfuil Éireannaigh chomh fairsing le spré-mhóin ag na clubanna eile sa Premiership ach an oiread.

Tá Middlesbrough, Leicester agus Swansea freisin dá n-uireasa. Agus ar eagla go mbeadh tú ag cuimhneamh cás ciníochais a thógáil ina n-aghaidh siúd, tá siad taobh le haon fhear amháin as an tír ina bhfuil siad lonnaithe – Neil Taylor, a d’imir don Bhreatain Bheag i gCraobh na hEorpa i mbliana.

Chuaigh 20 club chun páirce sa Premiership an deireadh seachtaine seo caite. Ní raibh Éireannach as ceachtar taobh den teorainn ar an bpáirc ag dosaen acu.

Ag an taobh seo den teorainn sin, ba mhó a bhí ionadaíocht: Harry Carter, Mark Wilson (Bournemouth); Stephen Ward (Burnley); Damien Delaney (Crystal Palace); David Myler (Hull); Shane Long (Southampton); Shay Given, Glenn Whelan, Jonathon Walters (Stoke) agus James McClean (West Brom).

Bhí Séamus Coleman (Everton) agus John O’ Shea (Sunderland) gortaithe agus beidh Jeff Hendrick ag imirt go rialta sa Premiership feasta ós rud é go bhfuil £10.5m tugtha ag Burnley air.

Triúr Tuaisceartach a d’imir sa Premiership an deireadh seachtaine seo caite – Jonny Evans agus Gareth McCauley do West Brom agus Steven Davis do Southampton.