Léiriú a thuill bualadh bos gan choinne sa phictiúrlann…

In ‘The Siege of Jadotville’, déantar an léigear féin a shamhlú go réalaíoch agus bhí tine ar an gcraiceann gach babhta gur tháinig ionsaí

The Siege of Jadotville

Stiúrthóir: Richie Smyth

Cliar: Jamie Dornan, Guillaume Canet, Mark Strong, Jason O’Mara, Mikael Persbrandt.

Is minic mé ag píobaireacht sa cholún seo faoi thábhacht an scéil/na scríbhneoireachta i saothar drámatúil. Má tá laige sa bhunchloch sin ní féidir le haon stiúrthóir nó aisteoir, dá fheabhas iad, an t-easnamh a chúiteamh. Má chuimhníonn tú ar na saothair is mó a chuaigh i bhfeidhm ort tabharfaidh tú faoi deara gur eascair siad ar fad as scéal tathagach, cumasach. Is fearr fós é nuair is scéal fíor, nó scéal atá ‘bunaithe ar scéal fíor’ atá idir chamáin.

Mise á rá leat go bhfuil scéal le dealramh le hinsint in The Siege of Jadotville, saothar atá bunaithe ar leabhar faisnéiseach le Declan Power. Ní hamháin go bhfuil sé fíor agus lán le haicsean, crógacht agus camastaíl pholaitiúil ach is scéal é a ndearnadh iarracht é a cheilt nó neamhaird a dhéanamh air.

Bhí aithne ag an saol Fódlach ar an gCongó faoi dheireadh 1960 óir gur mharaigh baill den treibh Baluba naonúr d’Óglaigh na hÉireann i luíochán in Niemba i mí na Samhna. Chuaigh an eachtra sin chomh mór sin i bhfeidhm ar an bpobal gur neadaigh ainm na treibhe i gcaint na ndaoine mar nath ar ghrúpa buile.

An bhliain dár gcionn d’ardaigh an dara rabharta d’Óglaigh a seolta leo chuig an tír shuaite a bhí lán le mianraí luachmhara. Go deimhin ag pointe amháin, deir bean de bhunadh na Beilge (a raibh cúram na tráchtaireachta uirthi an dá bhabhta a bhfacamar í) gur as an mianach áitiúil in Jadotville a tháinig an t-ábhar núicléach a úsáideadh i mbuamaí Nagasaki agus Hiroshima.

Bhí complacht faoi cheannas Pat Quinlan (Dornan) ina measc siúd a shroich an Congó i 1961 agus é mar chúram orthu baile Jadotville a chosaint. Ní fada nó go gur dhein gallóglaigh Fhrancacha agus mílístí áitiúla ionsaí orthu. In ainneoin go raibh lucht a n-ionsaithe fiche uair níos líonmhaire ná iad, dhein fearaibh na hÉireann an fód a sheasamh ar feadh sé lá, go dtí faoi mar a deir siad, agus gur léir ó radharc iontach aicsin, gur ‘úsáideadh gach urchar faoi dhó.’

Ba é an Ceannfort Quinlan, gurbh ón gCoireán i gCiarraí Theas ó dhúchas dó, laoch na coimhlinte agus an scannáin. Cé go gcuaigh canúint Chiarraí ar bóiléagar ar Dornan ar uairibh d’éirigh leis údarás agus crógacht an fhir ar leithligh seo a thabhairt leis go paiteanta.

Is é Conor Cruise O’Brien, a bhí ina thoscaire speisialta dos na Náisiúin Aontaithe, a soláthraíodh mar bhithiúnach. Tugadh íde na muc agus na madraí dó, rud go rabhas ag súil leis nuair a chonaic gurbh é Mark Strong, an t-aisteoir iontach sin a léiríonn bithiúnaigh de ghnáth, a bheadh ag tabhairt faoin ról. Ba thríd siúd a deineadh na toisí polaitiúla den scéal a chíoradh – Na Náisiúin Aontaithe ag athrú ó ‘chosaint’ na síochána go ‘feidhmiú’ na síochána.

Deineadh an léigear féin a shamhlú go réalaíoch agus bhí tine ar an gcraiceann gach babhta gur tháinig ionsaí. Tá gaisce déanta ag an stiúrthóir ina chéad fhadscannán.

Bhí rian den bhuaileam sciath le brath uaireanta agus bhí a óráid bheag Braveheart féin ag Dornan ag pointe amháin. Is cinnte dá mba tháirge Meiriceánach é seo, bheadh gach aon chnead againn le searbhas agus soiniciúlacht. Bíodh sin mar atá tá. Tá údar againn a bheith bródúil as na gaiscígh seo. Ag an léiriú go rabhas aige sa Ghaillimh bhí bualadh bos gan choinne, ach ón gcroí, ag an deireadh. An chéad uair riamh go bhfaca a leithéid sa phictiúrlann.