The Search – ceann de na cláracha is brónaí agus is cumhachtaí le fada

Craoladh dhá chlár chumhachtacha ar RTÉ an tseachtain seo a thug léargais dhifriúla ar chúngaigeantacht agus cruálacht na hEaglaise Caitlicí

The Judas Iscariot Lunch

Thar thréimhse dhá oíche craoladh dhá chlár chumhachtacha ar RTÉ 1, cláracha a thug léargais dhifriúla ar chúngaigeantacht agus cruálacht na hEaglaise Caitlicí san am atá caite.

Bhain clár an Luain, The Judas Iscariot Lunch, le cuimhní cinn agus dearcthaí buíon Sagart Colmánach a d’fhág an tsagartóireacht.

Bhíos an-tógtha le deisbhéalaíocht agus macántacht an triúr déag a labhair.

Bhíodar fealsúnach agus tomhaiste ina gcuid cainte ach bhí gearradh inti chomh maith agus slaiseanna diamhaire á gcaitheamh le hEaglais na linne.

Tugadh an-léargas ar an tslí a mealladh chun na sagartóireachta iad á rá go gur mhúnlaigh an cleachtadh sóisialta iad le tabhairt faoin ngairm, go rabhadar géilliúil, go raibh tnútháin a dtuismitheoirí ag luí orthu agus gur theastaigh uathu daoine a shásamh. Níos déanaí sa chlár deintear comparáid le gadhair Pavlov.

Cé go mbaineadar sásamh éigin as a gcuid laethanta i bPáirc Dhealgan cháin siad cúngaigeantacht na hinstitiúide agus an tslí nár ullmhaíodh iad le tabhairt faoi na misiúin.

Deineadh trácht ar an aontumha, agus d’fhormhór acu ba í a spreag iad lena mbónaí a chaitheamh leis an ngairm. Arís deineadh an easpa ullmhúcháin a chásamh, á rá nach ionann a  bheith id shagart agus a bheith aontumhach agus gur cleachtas mínádúrtha é a tugadh isteach in 1139. Ceistíodh duine amháin acu uair faoin rud is fearr a dhein sé mar shagart: ‘To lie down on the side of the  mountain with a Fillipino,’ an freagra a thug sé.

Maíonn an fear céanna gur mheall an aontumha go leor ‘freaks’ agus nárbh ionadh, dá réir, gur tharla mí-úsáid ghnéis.

B’ait liom ainm an chláir ón gcéad luí súl ach míníodh gurb é sin an t-ainm a thugann siad ar an teacht le chéile bliantúil a bhíonn acu agus gur gineadh é as masla a chaith an Pápa Pól V1 leo siúd a d’fhág na sagairt.

Is fearr i bhfad a bheadh an Eaglais dá mbeadh leithéidí na bhfear uasal seo fanta inti agus ba léir sin ó chlár na Máirt, The Search, inar tugadh cuntas ar bheirt fhear de chine measctha a chaith tréimhsí i scoileanna saothair an Stáit. Bhíodar beirt ag iarraidh teacht ar bhreis eolais faoina muintir.

Bhí srathair na hainnise ar Gerry Moran agus Colin Brennan ó rugadh iad agus bhí briseadh croí ag baint leis na scéalta a bhí á reic acu agus an t-eolas nua a tháinig chun solais i rith an chláir.

Ba é States of Fear (1999) is túisce a bhain creathadh asainn le scéalta faoi uafás na scoileanna saothair. Thóg an clár seo ar an mbunsraith sin. Dúradh le Gerry gur tréigeadh é mar go raibh sé dubh agus deir sé ina dhiaidh sin gur fágadh go leor bréagán ag an scoil ina raibh siad agus nár tugadh do na leanaí riamh iad.

Thángthas ar áiléar lán bréagán nuair a folmhaíodh an foirgneamh.

Is truamhéalach agus is suaite an t-aistear a dheineann siad go Learpholl agus Meiriceá le teacht ar bhreis eolais faoi mháithreacha agus leasdeartháireacha/leasdeirfiúracha.

Ní haon sólás atá i ndán dóibh ach tuilleadh briseadh croí.

Ceann de na cláracha is brónaí, agus is cumhachtaí, atá feicthe agam le tamall.

Fág freagra ar 'The Search – ceann de na cláracha is brónaí agus is cumhachtaí le fada'