‘The people of the UK have spoken’ ach tá sé in am anois éisteacht leis an bpobal

Is cuma cé chomh minic a deir Theresa May ‘Brexit is Brexit’, nó is cuma cé chomh minic is a deir Arlene Foster ‘the people of the UK have spoken’, tá rud le rá ag daoine faoina bhfuil i ndán dóibh. Ba cheart éisteacht leo…

‘The people of the UK have spoken’ ach tá sé in am anois éisteacht leis an bpobal

Réiteach praiticiúil ar chiallachais na Breatimeachta do Thuaisceart Éireann gan filleadh ar theorainn chrua. Sin é a theastaíonn ó Phríomh-Aire nua na Breataine, Theresa May a dúirt sí ar sciurd sciobtha ar Stormont Dé Luain. Cá bhfios cad is brí le réiteach praiticiúil in intinn Theresa May? Breis is mí i ndiaidh an reifrinn níl dada níos soiléire.

Labhair Theresa May le triúr le linn an 80 nóiméad a mhair a cuairt. Ba iad sin Arlene Foster, Martin McGuinness agus iriseoir amháin. Bhuail sí leis an gCéad-Aire Foster agus an LeasChéad-Aire McGuinness in éindí agus ansin ina nduine is ina nduine sula ndearna sí ráiteas le hiriseoir ag rá go raibh na cainteanna tairbheach, dearfach agus í ag díriú ar cheist na teorann.

Ar ndóigh, bheannaigh sí d’fheidhmeannaigh agus bhí an Státrúnaí James Brokenshire ina fochair ach ní dheachaigh sí i ngaobhar pháirtithe an fhreasúra ná an gnáthphobal. Ba dheacair easaontú leis an té a dúirt nach raibh sa chuairt ach iarracht chun cuma na maitheasa a chur ar chúrsaí. Léiriú ar a tiomantas don Ríocht Aontaithe tráth a bhfuil na ceisteanna faoi Thuaisceart Éireann agus Albain ag treisiú.

Má bhí freagraí ag an bPríomh-Aire May ar na ceisteanna atá ag déanamh tinnis don phobal ní raibh fonn uirthi iad a roinnt. Ní raibh de theacht uirthi ag iriseoirí ach an ráiteas a thug sí do thuairisceoir aonair ar son na meán ar fad.

Ní raibh ann ach aidhm. Má tá a rialtas ag scrúdú roghanna éagsúla – bealaí, mar shampla chun nasc idir Tuaisceart Éireann (agus Alba) agus an AE a chaomhnú d’ainneoin Sasana agus an Bhreatain Bheag a bheith ag imeacht – ní bhfuaireamar eolas ar bith faoi. Fad is a bhí Theresa May i mBéal Feirste bhí Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, ag labhairt ag comhdháil i nDún Éideann faoi na héilimh a bheadh aici má táthar chun reifreann neamhspleáchais de bharr na Breatimeachta a sheachaint.

Tá Sturgeon agus páirtí náisiúnach na hAlban níos láidre ná mar atá an DUP ná Sinn Féin i Stormont agus dá bhrí sin níl oiread easaontais thall is atá abhus. Níor thúisce Theresa May imithe as Stormont ná ba léir cé chomh deighilte is atá an Feidhmeannas. Mhaígh Martin McGuinness, an LeasChéad-Aire ó Shinn Féin gurbh eisean a labhair thar ceann an mhóraimh i dTuaisceart Éireann, aontachtach, náisiúnach agus poblachtach, a vótáil chun fanacht san AE. Sa ról sin, chuir sé in iúl don Phríomh-Aire gur drochscéala do Thuaisceart Éireann í an Bhreatimeacht. Tá an móramh sin meáite de go bhfanfaidh siad san AE, a dúirt McGuinness.

Thug Arlene Foster, an Chéad-Aire agus ceannaire an DUP, freagra gasta air. Mheabhraigh sí dó go bhfuair sise 38 suíochán i dtoghchán an Tionóil sa Bhealtaine i gcomparáid le 28 suíochán do Shinn Féin. Mhaígh Foster gur ag labhairt thar ceann mhóramh na n-aontachtach a bhí sí, go raibh McGuinness ag labhairt thar ceann náisiúnaithe agus gur i gcomhar le chéile a labhraídís ar son an phobail uilig. Bíodh sin mar atá, níl siad ag caint d’aon ghuth. Tá siad aontaithe nár cheart an teorainn a dhaingniú agus gur mian leo go mbuanófaí saorchead taistil idir Éirinn agus an Bhreatain Mhór. Thairis sin, níl siad i bhfoisceacht scread asail dá chéile agus ní léir cén treoir atá tugtha do na feidhmeannaigh atá ag ullmhú cur chuige an Fheidhmeannais.

An bhfuil cead tugtha do na státseirbhísigh a dhul i gcomhairle le scoláirí, meithleacha machnaimh agus saineolaithe eile atá ag scrúdú féidearthachtaí? Tá roghanna éagsúla faoi chaibidil. Ina measc tá socruithe feidearálacha sa Ríocht Aontaithe a cheadódh d’Albain agus do Thuaisceart Éireann a bheith lánpháirteach san AE fad is a bheadh Sasana agus an Bhreatain Bheag leathscoite. Molann meitheal i Londain scéim thríchosach faoina bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAE gan mhoill (in 2018). Faoin leagan amach seo chuirfí srian inimirce i bhfeidhm ach bheadh teacht ar mhargaí an AE ar feadh sé nó seacht mbliana ina dhiaidh sin agus bheadh nasc ag Albain agus Tuaisceart Éireann leis an AE.

Níl an obair pholaitiúil ach ina tús. Ach, chomh maith le saothar na státseirbhíseach agus na bpolaiteoirí tá gá le dioscúrsa poiblí. Is í an Bhreatimeacht an t-athrú is mó ar shaol na ndaoine le fada. Ba cheart cead cainte a bheith acu,  go háirithe i réigiún a thug an t-eiteachas don Bhreatimeacht. Is cuma cé chomh minic a deir Theresa May ‘Brexit is Brexit’ nó is cuma cé chomh minic is a deir Arlene Foster ‘the people of the UK have spoken’, tá rud le rá ag daoine faoina bhfuil i ndán dóibh. Ba cheart éisteacht leo.

Fág freagra ar '‘The people of the UK have spoken’ ach tá sé in am anois éisteacht leis an bpobal'