‘The Irish requirement was relevant over a 100 years ago, it is not relevant now’ – léargas ar chinneadh OÉG

Tugann miontuairiscí ó chruinnithe de chuid Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, léargas ar an gcinneadh conspóideach deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge d’uachtaráin na hollscoile

‘The Irish requirement was relevant over a 100 years ago, it is not relevant now’ – léargas ar chinneadh OÉG

“Tá an cath caillte”.

B’in an tátal a bhí ag ball d’Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i ndiaidh don Údarás cinneadh a ghlacadh i mí na Nollag seo caite deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán an choláiste.

Léiríonn miontuairiscí ó chruinnithe de chuid Údarás na hOllscoile a fuair Nuacht TG4 faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, agus a mbeidh tuairisc ina dtaobh ar chlár nuachta na hoíche anocht, nach raibh comhaontú i gceist leis an chinneadh a glacadh agus nár glacadh vóta foirmeálta faoi.

Bhí tromlach an Údaráis i bhfabhar an athraithe, áfach, cé go raibh díospóireachtaí fada faoi sular cinneadh deireadh a chur leis an riail. Bhíothas buartha freisin faoin drochphoiblíocht a chothódh an cinneadh seo agus tuigeadh go raibh gá lena chur i láthair an phobail mar ghníomh dearfach.

Mhol ball amháin go gcuirfí cumas sa teanga san áireamh sa chóras marcála don phost agus mheas ball eile den údarás go n-athrófaí cultúr na hollscoile ó bhonn dá gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge.

Dúradh fosta, áfach, go raibh a leithéid de riachtanas ceart go leor breis is céad bliain ó shin ach nár cheart go mbeadh aon ghlacadh leis sa lá atá inniu ann.

Dúirt ball don Údarás gur bhain an riail le ré eile: “while the Irish requirement was relevant over a 100 years ago, it was not relevant now”.

I measc na dtuairimí eile nochtadh sa díospóireacht, dúradh go raibh barraíocht airde ag an ollscoile ar chóras rangaithe idirnáisiúnta na gcoláistí, córas atá fánach go maith agus nach gcuireann cúrsaí teanga san áireamh.

Is léir ó na miontuairiscí gur tagairt a deineadh d’fhabht i bpróiseas ceapacháin an Uachtarán Reatha (a d’fhág go raibh iomaíocht theoranta ann don phost) a spreag an díospóireacht chun na rialacha ceapacháin a athrú.

Ar an chéad lá de Samhain, 2016, phléigh Údarás na hOllscoile ceapachán Uachtarán úr a thiocfadh i gcomharbacht ar an Dr Jim Browne. Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, an t-iarBhreitheamh Catherine McGuinness, go gcaithfí riachtanas na Gaeilge a chur san áireamh sa díospóireacht “particularly in the context of attracting strong National and International interest in the post”.

D’fhiafraigh ball amháin den Údarás an raibh aon fhabht sa chóras ceapacháin a reáchtáladh in 2007-08. Mar fhreagra ar an cheist seo, dúradh gur ghlac an próiseas sin 14 mí lena chur i gcrích agus gur bhain an chaint is mó ag an am leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag an té a bheadh le ceapadh.

Rinne ball eile tagairt don tréimhse a chaith sé ag obair in ollscoil i Meiriceá: “if the University is endeavouring to attract a broader international interest in the post than heretofore, a strong Irish language clause is simply not an option”. Socraíodh go ngairfí cruinniú speisialta den Bhuanchoiste um Phleanáil Straitéiseach chun riachtanas na Gaeilge a phlé.

Ba é tuairim an Bhuanchoiste go mbeadh athruithe sa reacht de dhíth chun deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge agus gur cheart d’Údarás na hOllscoile cinneadh a dhéanamh faoin riachtanas.

Deineadh an cinneadh sin ag cruinniú a reáchtáladh ar an 2 Nollaig. Mhair an díospóireacht ar an cheist ar feadh ionann is trí huaire an chloig. Níor ghlac an tUachtarán reatha, an Dr Jim Browne, páirt sa díospóireacht ar eagla go mbeadh coimhlint leasa i gceist.

Chuir an Cathaoirleach tús leis an díospóireacht leis an ráiteas go raibh an cinneadh ag brath ar cé chomh “leathan” is a bhí an t-údarás ag iarraidh go mbeadh taithí na n-iarrthóirí.

Chuir ball amháin den Údarás fainic ar a raibh i láthair go n-athrófaí cultúr na hollscoile go huile is go hiomlán mura mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán. Dúirt ball eile, áfach, nach raibh cultúr an choláiste ag brath ar an Ghaeilge amháin.

Dúradh fosta go gcuireann an riachtanas Gaeilge srian ar chaighdeán na n-iarrthóirí a chuirfeadh isteach ar an phost agus gur cheart é a leasú le go spreagfaí an tUachtarán chun an teanga a fhoghlaim. Mhol ball eile den Údarás gur cheart go mbeadh Gaeilge riachtanach do phost an Chláraitheora feasta seachas do phost an Uachtaráin.

Dúirt ball eile go raibh an ollscoil faoi gheasa ag córas rangaithe na n-ollscoileanna nó “a University obsession with the world rankings, an evaluation model which is subjective and blinkered in some respects and that the Irish language could not feature in that context”. Dúirt sé gurb é an tUachtarán a chuireann cultúr na hOllscoile chun cinn agus dá réir sin gurb é ba cheart a bheith ag cur na Gaeilge chun cinn. Níor leor dar leis go mbeadh an Ollscoil ag spreagadh an Uachtaráin chun an teanga a fhoghlaim; ba cheart go mbeadh ceangal níos láidre ná sin i gceist.

Thug ball eile den Údarás le fios go bhféadfadh go mbeadh olc ar go leor den phobal dá gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge agus dúirt go mbeadh sé ríthábhachtach dá réir sin go gcuirfí casadh dearfach ar an scéal.

Mhol sé go n-athrófaí an reachtaíocht agus go gcuirfeadh an fhoclaíocht úr béim ar thiomantas na hollscoile i leith na Gaeilge agus ról ceannasaíochta an Uachtaráin i gcur chun cinn na teanga. Mhol duine eile go mbeadh foghlaim na Gaeilge ina riachtanas don Uachtarán tar éis a cheapacháin seachas roimhe sin.

Ach thug ball eile den Údarás le fios go mbeadh deacrachtaí ag baint le cur i bhfeidhm an choinníll go bhfoghlaimeodh an tUachtarán Gaeilge tar éis a cheapacháin. Chuir sé fainic ar an Údarás gan riachtanas a thabhairt isteach nach bhféadfaí a fheidhmiú: “He stated that the proposed removal of the Irish language proficiency is a de facto phasing out of the Irish language in the University and that he did not want to be a member who voted for that”.

Mhol sé mar sin go gcloífí le riachtanas na Gaeilge agus nach n-athrófaí é go dtí go bhféadfaí a chruthú nach rabhthas ábalta iarrthóir fóirsteanach don Uachtaránacht a aimsiú.

Dúirt ball eile go mbeadh sé ní ba thábhachtaí go mbeadh Gaeilge ‘i gcroí’ an Uachtaráin seachas ina chloigeann.

Thug an Cathaoirleach, Catherine McGuinness, le fios go raibh comhaontú i measc bhaill an Údaráis gur cheart deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge agus gur cheart foclaíocht an reachta a athrú le léargas a thabhairt ar choimitmint na hollscoile i leith na teanga.

Ach thug beirt bhall le fios go raibh léamh an Chathaoirligh maidir le comhaontú an Údaráis mífhéaráilte ó tharla nár glacadh vóta foirmeálta ar an cheist.

Mar fhreagra air seo, thug Catherine McGuinness le fios gur léir go raibh tromlach na mball i bhfabhar fáil réidh leis an riachtanas ach gur ghlac sí leis go raibh tuairimí láidre nochta ag baill áirithe faoin athrú. Dúirt sí, áfach, nár mhian léi go nglacfaí vóta foirmeálta ar an cheist.

Dúirt sí go raibh cinneadh glactha anois deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán, go leasófaí an reacht agus go gcuirfeadh Rúnaí na hOllscoile dréacht den leasú os comhair an chéad chruinnithe eile.

Admhaíodh go bhfaigheadh an cinneadh seo drochphoiblíocht sna meáin chumarsáide agus dúirt Rúnaí na hOllscoile go mbeadh comhrá aige leis an phreasoifig ina leith.

Cuireadh an dréacht don leasú faoi bhráid an Údaráis ar an 15 Nollaig, 2016. Thug an Rúnaí le fios don chruinniú go raibh tagairt déanta san fhoclaíocht úr do ról ceannasaíochta an Uachtaráin i gcur chun cinn na teanga. Ba ag an tráth sin, a thug ball den Údarás le fios don Rúnaí le teann frustrachais gur mheas sé go raibh an cath caillte.

D’fhiafraigh an duine céanna an raibh riachtanas Gaeilge luaite le post an Mheabhránaí agus an bhféadfaí a chinntiú go bhfoghlaimeodh sealbhóir an phoist sin an teanga. Dúradh leis nach raibh a leithéid de choinníoll ann agus go mbeadh sé doiligh monatóireacht a dhéanamh air.

Níl post an Uachtaráin fógartha go fóill. San idirlinn, ghlac an Dáil leis an chéad chéim de bhille ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív chun go leasófaí acht rialaithe na hollscoile lena chinntiú go mbeadh Gaeilge líofa ag an té a cheapfar feasta. Ba i nGaeilge a rinne Nuacht TG4 a n-iarratas ar eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar an cheist seo, ach ba i mBéarla a tháinig freagra na hollscoile.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4/RTÉ é Breandán Delap

Fág freagra ar '‘The Irish requirement was relevant over a 100 years ago, it is not relevant now’ – léargas ar chinneadh OÉG'

  • Mánus

    Teastaíonn coláiste triú leibhéal LánGhaeilge. Cailleadh an cath in Ollscoil Náisiúnta na Gaillimhe fadó.

  • Tomás de Buitléir

    “Ba i nGaeilge a rinne Nuacht TG4 a n-iarratas ar eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar an cheist seo, ach ba i mBéarla a tháinig freagra na hollscoile.” Cuireann an masla seo an tarcaisne i gceann na héagóra. Tá a threo caillte ag OÉG agus tá sé intinn agam mo shíntiús do Cois Coiribe a chuir ar ceal.

  • Jerry Kelly

    An ollscoil Mheiriceánach í seo nó an ollscoil Éireannach í seo? Is deacair dom, mar Mheiriceánach, a thuiscint go mbeadh uachtarán uathu ó na S.A.M. nó ó aon tír eile thar lear. Ní bheadh aon duine mar sin in ann an post a dhéanamh go ceart gan blianta caite ag foghlaim chultúr na hÉireann agus chultúr na hollscoile. Ní múintear go cuimsitheach (nó beagnach ar bith) cultúr, stair, agus teanga na hÉireann anseo sna S.A.M. nó in aon tír eile thar lear. Agus má rinne siad é seo chun rangú margaíochta éigin a ardú do Mheiriceánaigh, ní thuigeann siad Meiriceánaigh ar bith. Is maith linn rudaí Éireannacha toisc gur rudaí Éireannacha iad, ní toisc gur rudaí Meiriceánacha iad. Is féidir linn a lán ollscoileanna Meiriceánacha a fháil anseo sna S.A.M. gan dul go hÉirinn. Is dúr agus amaideach an cinneadh seo. Ba chóir an cinneadh seo a chur amach leis an mbruscar. Maidir leis na daoine a thug tacaíocht leis seo, níl aon chiall acu. Lig dóibh áireamh a dhéanamh ar an méid fáiscíní páipéir le ceannach don ollscoil. Ní ceart go bhfuil siad i gceannas ar chúrsaí ard-oideachais na náisiúin. – Jerry Kelly, Oileán Fada, Stáit Nua-Eabhraic