The Fall ‘náirithe’ ag Corp + Anam

Tá Corp + Anam ar cheann de bhuaicphointí teilifíse na bliana ach tá The Fall tite chun leadráin

C+A2 Sinead Ní Fhlatharta, Colm Joe Mac Donncha2
Colm Joe Mac Donncha (sa lár), tugann sé uaidh taispeántas iontach i Corp + Anam.

Ba é an tríú gála de Corp + Anam 2 (TG4, Déardaoin) sméar mhullaigh an chnuasaigh, go dtí seo ar aon nós.

Deineadh an cinneadh cliste go bhfeidhmeodh cláir 3 agus 4 mar aonad amháin agus tugann seo breis scóip don scéal agus do na carachtair.

Dar liom go rachadh an cur chuige chun leasa na sraithe in iomláine mar cé go bhfuil snáthanna áirithe ag rith tríd na cláir tá an brú na scéalta a thabhairt chun críche ag luí ar gach clár.

Tugadh am dúinn an babhta seo aithne cheart a chur ar na carachtair agus b’fhiú sin mar ba charachtair théagartha, casta, mealltacha a cuireadh os ár gcomhair.

Tá an scian á chur go feirc sa chóras dlí go leanúnach ag an stiúrthóir/scríbhneoir Darach Mac an Iomaire agus a chomhghuaillithe cé go mothaím uaireanta go bhfuiltear ag feiscint púcaí ar fud na mball.

Is lánúin óg iad muintir John agus Mags McGuire atá ar tí a teach a chailliúint. D’fhág uncail John an tigh le huacht aige agus de barr camastaíle agus cúblála na ndlíodóirí níl an uacht sin le fáil agus níl tásc ná tuairisc ar an bhfinné.

Déanfaimid an lánúin seo a thionlacan ar bhóthar na cúirte agus feicimid John bocht ag dul as a chiall. Tugann Sinéad Ní Fhlatharta agus Colm Joe Mac Donncha taispeántais den chéad scoth uathu. Beireann Colm Joe barr bua ar gach duine eile agus éiríonn leis dul go smior is go smúsach ina charachtar.

Cé nach n-aontaímid lena ghníomhartha táimid in ann ionnanú leis, a bhuíochas sin dá thaispeántas nádúrtha, misniúil. Tá moladh mór ag dul do lucht déanta na sraithe seo as an tslí go n-éiríonn leo aisteoirí cumasacha (le Gaeilge líofa) a aimsiú go leanúnach agus taispeántais chumasacha a mhealladh astu, go mórmhór os rud é nach bhfuil mórán taithí scáileáin ag cuid acu.

Fiú ag an bpointe seo is í an tsraith seo ceann de bhuaicphointí teilifíse na bliana (i nGaeilge nó i mBéarla) agus tá tine ar mo chraiceann ag fanacht leis an gclár deireanach.

The Fall (RTÉ 1, Dé Domhnaigh) náirithe ag Mac an Iomaire agus a chomrádaithe. Tá cad é castróvaics ar an táirge gustalach seo ag an bpointe seo agus rudaí ag imeacht chun leadráin, agus go deimhin chun seafóide. Ní luíonn sé le ciall ná le réasún go mbeadh Paul Spector fós ag siúl timpeall agus na póilíní cinnte gurb é an dúnmharfóir srathach a bhfuil siad sa tóir air.

Gan amhras tá seo á dhéanamh ar mhaithe le fad a bhaint as cúrsaí ach tá scéal mhadra na n-ocht gcos déanta acu don chúram. Ba cheart an scéal a bheith tugtha chun críche acu sa chéad tsraith nó scéal Spector a bheith sa chúlra. An tseachtain seo deineadh iarracht chiotach plé a dhéanamh ar dhrochúsáid ghnéasach leanaí agus cé go ndein Seán McGinley a dhícheall bhí blas neamhoiriúnach ar an rud ar fad. Bainfear amach ceann scríbe an tseachtain seo chugainn. Is mithid sin.

 

Fág freagra ar 'The Fall ‘náirithe’ ag Corp + Anam'