Thar am scéal scannalach na ‘Disappeared’ a thabhairt chun críche

Agus taisí Shéamus Ruddy faighte sa Fhrainc, tá triúr de na daoine a fuadaíodh fós ar iarraidh as an sé dhuine dhéag ar liosta An Choimisiúin Neamhspleáigh um Aimsiú Taisí Íospartach

Thar am scéal scannalach na ‘Disappeared’ a thabhairt chun críche

Dea-scéala agus brón fite fuaite ina chéile do mhuintir Shéamus Ruddy ab ea an scéala go raibh taisí aimsithe ag na speisialtóirí a bhí ag cuardach a choirp i gcoill sa Fhrainc. Bheadh deis acu ar deireadh, tar éis 32 bliain, taisí a ndearthár a thabhairt abhaile le cur san uaigh lena thuismitheoirí. Faoiseamh as cuimse dóibh é sin d’ainneoin a mbrón faoina bhás uafásach is é 33 bliain d’aois.

Níl sé dearbhaithe go hoifigiúil fós gurb iad taisí Shéamus Ruddy na cinn a fuarthas sa choill ag Pont de l’Arche in aice le Rouen Dé Sathairn seo caite ach táthar sásta gurb iad. Den chéad uair beidh a dheirfiúracha agus a dheartháireacha in ann Séamus a chaoineadh, ceart a ceileadh orthusan agus ar ghaolta na ‘Disappeared’ go léir a fágadh gan corp, gan uaigh, gan eolas.

Taca an ama seo i 1985 a thosaigh an tromluí. Fuair muintir Shéamus Ruddy in Iúr Chinn Trá scéal ó Pháras go raibh sé ar iarraidh. Comhghleacaithe sa scoil i bPáras ina raibh Séamus ina mhúinteoir Béarla a ghlaoigh le rá leo nár fhreastail sé ar an obair agus nach raibh siad in ann teacht air.

D’ainneoin fiosrúcháin agus tóraíochta ní bhfuair a mhuintir tásc ná tuairisc air go ceann deich mbliana. Iarbhall den IRSP, eite pholaitiúil an INLA ab ea é agus i mí na Nollag 1995 d’admhaigh an INLA gur mharaigh siadsan é. I mí Feabhra 1999 a tugadh faisnéis gur i Rouen a cuireadh a chorp i bhfolach. Ba é an cuardach an tseachtain seo caite an ceathrú hiarracht a rinne an Coimisiún um Aimsiú Taisí na nÍospartach chun corp Shéamus Ruddy a fháil agus is léir gurb é an t-eolas a fuaireadar an babhta seo an fhaisnéis ba chruinne. Bhíodar i bhfoisceacht ceathracha nó caoga slat don láthair cheart ag amanna eile agus ba mhinic muintir Ruddy ansin ach ní raibh toradh ar a saothar go dtí anois.

Ghabh an teaghlach buíochas ó chroí leis an gCoimisiún agus na hoibrithe a rinne an mionchuardach. Ghabh siad buíochas freisin leis na daoine a thug an t-eolas cruinn don Choimisiún. Beidh na daoine sin saor ó cheistiú agus ó chúiseamh de réir na reachtaíochta faoinar bunaíodh an coimisiún.

(Eisceacht is ea cás Jean McConville; ní bhaineann an tsaoirse ó chúiseamh lena cás siúd mar nach de bharr eolais a tugadh don Choimisiún a fuarthas í ach mar gheall ar eolas ó dhuine a bhí ag siúl ar thrá agus a tháinig ar a taisí, de sheans).

Tá na teaghlaigh sásta leis an gcur chuige seo. Is é a mian a ndaoine muinteartha a aimsiú agus a adhlacadh de réir na ndeasghnátha agus le hómós.

Barbarthacht as miosúr ab ea daoine a fhuadach, a mharú i ngan fhios agus a dtaisí a chaitheamh i bpoll éigin i gcoill, i bportach nó ar thrá. Tá dalladh fianaise againn faoin damáiste do ghaolta a rinne maruithe ina raibh corp ar fáil ag teaghlaigh le hadhlacadh agus lena chaoineadh. Tá ualach breise crá croí ag baint leis an bhail a fágadh ar mhuintir na ndaoine a fuadaíodh, na ‘Disappeared’.

Sula bhfuair máthair Shéamus Ruddy bás d’éiligh sí go gcuirfí ainm a mic ar leac a huaighe. Rinne máthair Columba McVeigh an rud céanna. Theastaigh uathu aitheantas dá gclann mhac a chinntiú, an t-aitheantas a cheil a ndúnmharfóirí orthu amhail is nárbh thada iad.

Tá sárobair déanta ag an gCoimisiún. Údar dóchais é go bhfuarthas taisí Shéamus Ruddy. Fianaise is ea é gur féidir eolas beacht a fháil fiú tar éis 32 bliain agus fiú má theip ar iarrachtaí eile. Is minic a dúirt saineolaithe an Choimisiúin go bhfuil tábhacht le blúirí beaga eolais chun míreanna mearaí na gcás a chur le chéile. Dúirt iarphríosúnach de chuid an INLA, ball den IRSP a chomhoibrigh leis an gCoimisiún sa chuardach, gur píosa fánach eolais faoi luaidreán a threoraigh iad ag an láthair cheart.

Údar uchtaigh é sin do mhuintir na ndaoine atá fós ar iarraidh, Columba McVeigh, Joe Lynskey agus an Captaen Robert Nairac. Ní foláir nó go bhfuil blúirí eolais faoi mharú na ndaoine sin ag líon maith d’iarbhaill an IRA – daoine a mbeadh aithne ag baill de Shinn Féin orthu. Is mithid iarracht chuimsitheach a dhéanamh chun an scéal scannalach seo a thabhairt chun críche.

Fág freagra ar 'Thar am scéal scannalach na ‘Disappeared’ a thabhairt chun críche'

  • Pól Mac Uistin

    Go raibh maith agat, a Phóilin, as an alt.
    Scéal uafáis a bhí ann, cinnte.
    Bhí breacaithne agam ar Shéamus nuair a chuir mé fúm anseo i bPáras sna 80idí.

    Seo píosa beag a chuir mé ar líne le déanaí ar Facebook, sa ghrúpa Gailge Amháin : Séamus Ruddy – 30 bliain ag fanacht :
    https://m.facebook.com/groups/166677873392308?view=permalink&id=1410594222333994&refid=8&ref=m_notif&notif_t=like

    ( Ag filleadh abhaile dom ó Havre go Páras ar an Autoroute A13 inné, stop mé an gluaisteán in aice le Rouen ar feadh deich nóiméad chun smaoineamh beag a dhéanamh ar fhear ar bhuail mé leis breis is 30 bliain ó shin anseo sa Fhrainc.
    Sna coillte timpeall Pont-de-l-Arche, táthar tar éis trí lá a chaitheamh ag cuardach chorp Shéamus Ruddy, gníomhaí agus múinteoir scoile as an Iúr a fuadaíodh, agus a maraíodh i 1985 i bPáras, de bharr aighneas fuilteach idir fhaicsin an INLA. Tá sé ar dhuine den cheathrar a d’imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí nach bhfuil a gcoirp faighte fós ….. )