‘Thar am’ ag Údarás na Gaeltachta eolas a thabhairt faoi iniúchadh ar Mhuintearas – Seanadóir

Deir an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh nach raibh ‘tada cloiste’ aige i dtaobh an eolais a lorg sé anuraidh faoi athbhreithniú ar fheidhmeanna agus struchtúir Muintearas Teo

‘Thar am’ ag Údarás na Gaeltachta eolas a thabhairt faoi iniúchadh ar Mhuintearas – Seanadóir

Tá sé “thar am” ag Údarás na Gaeltachta eolas a thabhairt maidir leis an iniúchadh a fógraíodh anuraidh ar fheidhmeanna agus struchtúir Mhuintearas Teo, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt Ó Clochartaigh gurb iad Údarás na Gaeltachta agus Bord an Údaráis a chaithfeadh an soiléiriú sin a thabhairt toisc gur fochomhlacht de chuid an Údaráis atá i Muintearas.

Agus deontas breise riaracháin á fhógairt aige do Mhuintearas Teo i mí Dheireadh Fómhair seo caite, thug iar-aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil go raibh an maoiniú breise á cheadú aige ar an tuiscint go raibh tús á chur “láithreach” ag Údarás na Gaeltachta le hiniúchadh ar “fheidhmeanna, maoiniú agus struchtúir” Mhuintearas, eagraíocht oideachais, oiliúna agus forbartha atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Thug urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie anuraidh gurb é Gilroy Gannon, comhlacht cuntasóirí cairte agus iniúchóirí, atá fostaithe ag Bord Mhuintearas Teo le “hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar straitéis, struchtúr agus chlár oibre Mhuintearas Teo, ag tabhairt san áireamh na hathruithe atá tagtha ar réimsí áirithe dá chlár oibre le cúpla bliain anuas”.

Dúirt urlabhraí an Údaráis an uair sin gur “gnáthphróiseas oibre rialachas corparáideach” é “athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis agus pleananna oibre comhlachtaí gach cúpla bliain”.

Ag cruinniú de Bhuan-Choiste an Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag deireadh na bliana seo caite, dúirt Príomhfheidhmeannach Mhuintearas Teo Seán Ó Coisdealbha go raibh comhairle dlí á lorg aige faoi ráitis phoiblí atá déanta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi chúrsaí fostaíochta san eagraíocht Ghaeltachta.

Ag an gcruinniú céanna, d’iarr an Seanadóir de chuid Shinn Féin eolas ar Príomhfheidhmeannach Mhuintearas faoi chásanna caidreamh saothair, a mhaígh an Seanadóir a bhain leis an eagraíocht.

Thagair an Seanadóir chomh maith ag an gcruinniú den choiste Oireachtais don iniúchadh atá á dhéanamh ar struchtúir agus feidhmeanna na heagraíochta Gaeltachta.

“Ar déanadh íocaíochtaí le hiar-oibrithe sna cásanna áirithe sin agus, an rud a bheadh ann, an bhfuil an t-iniúchadh atá ar bun chun díriú ar na cúinsí a bhain leis na cásanna sin. An bhfuil na deacrachtaí sin le réiteach mar chuid den iniúchadh?” a dúirt Ó Clochartaigh i mí na Samhna seo caite.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin nach raibh “tada cloiste” ó shin aige i dtaobh an eolais a lorg sé anuraidh ag an gcruinniú coiste i dTithe an Oireachtais.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gur phléigh sé na ceisteanna a bhí aige cheana le Bord Mhuintearas agus le feidhmeannaigh agus Bord Údarás na Gaeltachta agus go ndúradh leis “go mbeadh an t-athbhreithniú atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta ag déileáil leis na ceisteanna seo”.

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta gur “eagraíocht an-tábhachtach atá i Muintearas” agus go gcaithfí soiléiriú a thabhairt faoin athbhreithniú.

Thug  urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie i mí Dheireadh Fómhair seo caite go mbeadh an t-iniúchadh a bhí á dhéanamh ar struchtúir agus feidhmeanna na heagraíochtaí Gaeltachta, Muintearas Teo, curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana seo caite.

Fág freagra ar '‘Thar am’ ag Údarás na Gaeltachta eolas a thabhairt faoi iniúchadh ar Mhuintearas – Seanadóir'