Thar am ag TG4 Fionn agus na Fianna a chur ar an scáileán

Tá na scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta inchurtha le ‘The Lord of the Rings’ agus ‘The Chronicles of Narnia’, agus b’fhéidir níos fearr ná iad, a deir ár gcolúnaí

Thar am ag TG4 Fionn agus na Fianna a chur ar an scáileán

Tar éis dom tochailt a dhéanamh ar chomhfhreagras pearsanta C.S. Lewis le cúpla mí anuas, is léir dom anois go raibh sé ag tarraingt as tobar na Rúraíochta agus na Fiannaíochta chun smaointe agus téamaí a fhorbairt dá shaothar fantaisíochta.

Níl aon amhras ach go raibh na Gréagaigh agus na Rómhánaigh ina intinn aige agus é ag cur peann le pár, ach ba léir a bheann ar Chonchúr Mac Neasa freisin, ní áirím eachtraí Thír na nÓg agus Dhiarmada is Ghráinne.

Cuirfear plámás i mo leith, gan amhras, ach smaoiním ar an gcóiriú stáitse agus scripte teilifíse atá déanta ag leithéidí Alan Titley agus Macdara Ó Fátharta le blianta beaga anuas chun saothar Mháirtín Uí Chadhain a chur os comhair pobail nach léann an oiread sin ina dteanga féin. Smaoiním ar Noel Ó Gallchóir agus a léiriú stáitse ar shaol agus ar shaothar an Phiarsaigh; ar chaint bhreá Niall Mhic Eachmharcaigh agus é i mbun scéalaíochta; ar Ghaeilge bhinn ár scoláirí béaloidis agus an saineolas atá acu ar an ré lena mbaineann na scéalta thuas, mar atá, imeacht na Págántachta agus teacht na Críostaíochta in Éirinn.

Is chuige seo atáim: níl aon easpa dea-scríbhneoirí orainn agus, in ainneoin na ndeacrachtaí teanga atá ann le glúin nó dhó anuas, tá cainteoirí agus aisteoirí breátha as chuile chearn den Ghaeltacht fós inár measc, gan trácht ar chraoltóirí agus léiritheoirí óga den scoth. Cruthúnas ar an méid sin is ea ‘Aisling’ agus foireann óg TG4.

Is d’aiteas an tsaoil gur Aontachtóir agus fear a raibh cáil air as feabhas a chuid Béarla (i measc rudaí eile) atá tar éis mé a chur ag léamh scéalta Fiannaíochta i gceart den chéad uair riamh i mo shaol. Nílim ach i dtús m’aistir, más ea, agus, ar an ábhar sin, ní mé is údarásaí ná baol air. Mar sin féin, i gcead do C.S. Lewis agus dá chomrádaí, JRR Tolkien, ón mbeagán atá léite agam, tá a bhfuil le fáil san Fhiannaíocht inchurtha lena saothar siadsan, mura bhfuil sé níos fearr ná é.

Bhí feiliúnacht na scéalta seo don scáileán ag ráthaíocht timpeall i mo chloigeann nuair a d’airigh mé deirfiúr mo pháirtí, mac léinn Gaeltachta, ag rá gur cheart do TG4 sraith scannán a dhéanamh astu.

Scoláire nótáilte Gaeilge darbh ainm Standish Hayes O’Grady a bhunaigh Cumann Oisín (‘The Ossianic Society’) i lár an naoú haois déag. Na scéalta Fiannaíochta a choinneáil beo trí na lámhscríbhinní ar ar scríobhadh iad a chaomhnú agus ábhar a mbreactha a fhoilsiú, an aidhm a bhí ag an gCumann.

Le linn na mblianta deireanacha dá shaol, chaith O’Grady cuid mhaith ama ag cur oird agus eagair ar ábhar lámhscríbhinní Gaeilge i Músaem na Breataine – obair a bhí gan chríoch nó go ndeachaigh Robin Flower (“Bláithín”) ina bun tar éis bhás O’Grady. Ó shin i leith, tá laoithe agus scéalta na Fiannaíochta fite le chéile mar eipic ag an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, gan trácht ar éachtaí an tSeabhaic agus Uí Dhónaill san ábhar.

Amach ó shaibhreas na Rúraíochta, fágann obair na scoláirí úd i réimse na Fiannaíochta go bhfuil tús, lár agus deireadh eipice anois againn, dála mar atá i gcás ‘The Lord of the Rings’ agus ‘The Chronicles of Narnia’.

D’éirigh thar cionn leis an leagan scannáin de Cré na Cille agus ba dhóigh leat ar gheáitsí Alan Esselmont go bhfuil fís nua aige do TG4. Seo linn go Tír na nÓg, más ea.