Thar am ag an OPW obair ‘lochtach’ ar eaglais Naomh Conall ar Inis Caoil a chur ina ceart

Rinne an OPW obair ar bhallaí eaglais Naomh Conall atá suite ar Inis Caoil, oileán beag atá in aice leis an Phort Nua in Iarthuaisceart Thír Chonaill

Thar am ag an OPW obair ‘lochtach’ ar eaglais Naomh Conall ar Inis Caoil a chur ina ceart

Tá sé thar am ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an obair “lochtach” a rinne siad ar shean- eaglais ón tríú céad déag ar oileán amach ó chósta Dhún na nGall a chur ina ceart, dar le Cumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall

Rinne an OPW obair ar bhallaí eaglais Naomh Conall atá suite ar Inis Caoil, oileán beag atá in aice leis an Phort Nua in Iarthuaisceart Thír Chonaill.

De réir an tseanchais bhunaigh Naomh Conall mainistir ar Inis Caol sa séú haois agus tá fothracha na heaglaise ann go fóill.

Tuairim is cúig bliana ó shin rinne Oifig na nOibreacha Poiblí obair chothabhála ar an eaglais chun na ballaí a dhaingniú.

Deir Cumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall nár baineadh úsáid as an ábhar ceart san obair seo agus gur coincréit nua-aimseartha a cuireadh sna ballaí in áit ábhar ar nós aoil. Maítear chomh maith go bhfuil péint nach féidir a bhaint curtha i mbrící na mballaí.

Cúis imní agus díomá gur glacadh le “drochchaighdeán agus drochchleachtais” san obair chothabhála, a deir Uachtarán Chumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall, an Dr Lochlann McGill.

Dar le McGill go gcaithfear iachall a chur ar an OPW láithreach an obair a chur ina ceart mar go bhfuil cuma na heaglaise “millte”.

Eagraíonn Cumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall turais stairiúla chuig an oileán agus deir an Dr McGill go mbíonn staraithe ag trácht leis ar an drochobair a rinneadh ar eaglais Naomh Conall.

Tá cros ársa ar an oileán chomh maith le tobar beannaithe Naomh Conall, agus is ón oileán a tháinig an clog ‘Bearnán Chonaill’ atá anois ar taispeáint in Iarsmalann na Breataine.

Fág freagra ar 'Thar am ag an OPW obair ‘lochtach’ ar eaglais Naomh Conall ar Inis Caoil a chur ina ceart'