‘Thar a dlínse’ a bhí an Roinn Oideachais i gcás pholasaí Gaeilge Scoil Lorcáin

Tá an Roinn Oideachais tugtha os comhair na hArd-Chúirte ag Scoil Lorcáin maidir le cinneadh a rinne coiste de chuid na Roinne faoin gcoinníoll Gaeilge ina bpolasaí iontrála

Four Courts High Court

Cuireadh tús san Ard-Chúirt inniu le cás atá á thabhairt ag Scoil Lorcáin, Gaelscoil i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, i gcoinne na Roinne Oideachais. Tá Scoil Lorcáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal cinneadh a rinne Coiste Achomharc na Roinne go raibh iallach orthu áit a thabhairt do dhalta áirithe, a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge polasaí iontrála na scoile.

Tugann an scoil tús áite ina polasaí iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.

Mhaígh abhcóide na scoile, an tUasal Luán Ó Braonáin, nach raibh le déanamh ag an gcoiste ach fíricí an scéil a scrúdú agus glacadh le polasaí iontrála na scoile. Dúirt sé go ndeachaigh coiste na Roinne “thar a dhlínse” nuair a fuair siad locht ar pholasaí na scoile.

Agus a chinneadh á fhógairt ag coiste na Roinne, dúradh nach raibh polasaí Scoil Lorcáin a thugann tús áite do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge ag teacht leis an mír i réamhrá pholasaí na scoile, ina ndeirtear go gcuirtear fáilte roimh gach páiste cuma cén cúlra teanga, sóisialta nó creidimh atá aige nó aici.

Dúirt an tUasal Ó Braonáin go raibh sé de cheart ag an Choiste Achomhairc léirmheas  a dhéanamh ar an bhuncheist, is é sin, an raibh an páiste in ann an polasaí tosaíochta a chomhlíonadh agus an raibh sí á tógáil le Gaeilge.

Níor chreid Ó Braonáin go raibh an bhuncheist sin freagartha ag coiste na Roinne.

Cháin Colm Ó hOisín, a bhí ag gníomhú thar ceann na Roinne Oideachais, polasaí measúnachta Scoil Lorcáin.

Léigh sé amach sa chúirt torthaí na measúnachta a rinneadh ar an pháiste agus a hathair.

Chinn siad nach raibh athair an pháiste compordach agus é ag labhairt i nGaeilge agus nach raibh rudaí bunúsacha ar nós uimhreacha i nGaeilge agus dathanna i nGaeilge ar eolas ag a iníon. Cheistigh abhcóide na Roinne iontaofacht na measúnachta. Beirt mhúinteoirí a raibh 55 bliain de thaithí múinteoireachta eatarthu acu  a bhí i mbun na measúnachta.

D’easaontaigh an tUasal Ó hOisín leis an Uasal Ó Braonáin agus dúirt go raibh sé de cheart ag an Choiste Achomharc polasaí iontrála Scoil Lorcáin a cháineadh mar gur chuid de chur i bhfeidhm an pholasaí a bhí i gceist.

Mhaígh sé go raibh doiléireacht ag baint leis an pholasaí iontrála agus an tuiscint a bhí á baint as an mbrí le ‘páistí atáthar á dtógáil le Gaeilge’. Dúirt sé gur léir gur chreid an coiste go raibh an páiste áirithe seo á tógáil le Gaeilge.

Beidh an cás os comhair na cúirte arís maidin Dé Máirt seo chugainn ag 10:30.

Fág freagra ar '‘Thar a dlínse’ a bhí an Roinn Oideachais i gcás pholasaí Gaeilge Scoil Lorcáin'