‘Thaitin Bróga Gucci leis ach ba dhiabhail a dhúil sa fry ag an am céanna…’

LÉIRMHEASTÓIR: Bhí ár gcolúnaí meallta le cúpla oíche anuas ag Mad Men na hÉireann agus True Detectives LA

Dr Tony Ryan arriving at the Irish Management Institute in Killarney. 1992 Pic Photocall Ireland
Tony Ryan: Pictiúr: Photocall Ireland

Sa tarna clár sa tsraith faisnéise seo faoi phearsana difriúla, Ryan: A Legacy (RTÉ 1, Dé Máirt) dírítear ar an bhfear gnó rathúil, ceannródaíoch Tony Ryan. Is í an aerlíne a bhunaigh sé, agus a bhfuil a ainm uirthi i gcónaí, is mó a bhuanaíonn a cháil i measc an phobail, ach is iad a ghaiscí le GPA, an comhlacht a dhein a chóta bán an chéad lá riamh agus a chuaigh go tóin poill ina dhiaidh sin, a d’fhág an oidhreacht is suntasaí, b’fhéidir.

Ag deireadh an chláir seo deir Denis O’Brien (a labhair go hionraic, tomhaiste agus umhal) go bhfuil Éire i lár an aonaigh maidir le léasú aerthárthaí sa lá atá inniu ann mar is le comhlachtaí Éireannacha leath de na haerthárthaí atá ar léas ar fud an domhain. Ní beag sin mar ghaisce agus d’eascair sé ar fad as gaiscí gnó fhear Thiobrad Árann.

Tugann an clár seo cuntas ar chúlra agus ar shaol Ryan: ag obair mar chléireach in Aerfort na Sionnainne, bunú an chomhlachta léasa GPA, scrios an chomhlachta, a thréimhse leis an Sunday Tribune, an dua a chaith sé le hEastáit an Líonaigh, na mná bhí ar adhastar aige agus an tslí gur shlánaigh Michael O’Leary é le Ryanair. Go deimhin ba gheall le clár ar Mhichael é an 20 nóimintí deireanacha.

B’fhathach in iomaire an ghnó é Ryan sna hochtóidí agus ba naíolann é GPA d’fhir agus mhná gnó a bhí ag teacht in imhe. Ba é O’Brien an cúntóir pearanta a bhí aige agus tháinig O’Leary i gcomharbacht air mar an “sweeper-upper, cleaner-upper and bag man,” faoi mar a deir sé féin is é ag caitheamh thairis go deisbhéalach, mar is dual dó. Chaith Peter Sutherland é féin tréimhse fairis agus tá ionchar suimiúil, macánta ó mhórán daoine cé nach raibh éinne óna theaghlach féin mar chloigeann cainte seachas a dheartháir.

Ba dhíol spéise an cultúr gnó a bhí in GPA agus stíl bhainistíochta faoi leith ag Ryan lena bhféadfadh sé léasadh a thabhairt trí dhearcadh faoi na fabhraí ag cruinnithe cinniúnacha spleodracha an Luain. B’iad Mad Men na hÉireann gan aon agó, cé nár chaith siad puinn ama in Éirinn.

Bhí luí ag Ryan le sóchais an tsaoil, claonadh a shroich buaichphointe leis an dua agus airgead a caitheadh le hEstáit an Líonaigh. B’fhear é a bhí teann as a dhúchas ag an am céanna, dar lena dheartháir agus é ag maíomh go bródúil gurb iad dathanna Thiobrad Árann atá an aerlíne go dtí an lá atá inniu ann. Thaitin Bróga Gucci leis ach ba dhiabhail a dhúil sa fry ag an am céanna.

Is fathach de shaghas eile é Ryanair agus gan é “ní bheadh an Polannach ag labhairt leis an bPortaingéalach,” faoi mar a deir rannpháirtí amháin go magúil, tarcaisniúil. Bhí Ryan sé bliana déag le cois an dá scór agus fiacha na milliún air i ndiaidh chliseadh GPA. Ní haon iontas mar sin gur thug sé cead a chinn do Mhichael O’Leary lorg ísealchostais Southwestern Airlines i Meiriceá a leanúint. Cinneadh ba ea é a dhein a chóta bán de in athuair cé nach raibh sé riamh ar a chompord le híomhá an chomhlachta.

Déanann David Murphy, Eagarthír Gnó le RTÉ News, sinn a threorú trí na heachtraí seo agus é tuisceanach nach gcuimhineodh mórán atá faoin dá scór ar ghaiscí GPA. Fathach gnó a bhí, dar leis féin, ina bhastard nuair ba ghá le cinntiú go ndéanfaí an bheart.

true detective

True Detective (Sky Atlantic, Dé Luain) fillte don tarna sraith. Chuaigh an chéad tsraith, lena hatmaisféar tuarúil, a scéal mistéireach agus an chomhghuallíocht iontach idir Matthew McConaughuey agus Woody Harrelson, i bhfeidhm ar mhórán. Ba fhrithbhuaic an chríoch, áfach, agus dar liom féin, fágadh go leor snátha ar foluain le sraith eile a bhaint as.

Ach deineadh an cinneadh misniúil tosnú as an nua agus portaigh New Orleans a thréigint le tabhairt faoi shráideanna Los Angeles, mar a mbuailimid le póilíní i dteannta Colin Farrell, Rachel McAdams agus Taylor Kitch (agus gan aithne ag éinne acu ar a chéile go deireadh an chéad chláir).

Ina dteannta sin, tá bithiúnach dúnéaltach,Vince Vaughn. Braithfidh mórán ar chomhghuaillíocht na gcarachtar ar scáileán agus cé go bhfuil faobhar á chur ar sceana ag roinnt daoine cheana féin, is dóigh liom go bhfuil na máithreacha leagtha do shraith shuimiúil eile.

Fág freagra ar '‘Thaitin Bróga Gucci leis ach ba dhiabhail a dhúil sa fry ag an am céanna…’'