‘Tháinig cnapán im scornach le racht bróid nuair a chonac ansiúd an corn aréir…’

Chuaigh an gníomh gaile thar na bearta a dhein gaiscígh óga Phobalscoile Chorca Dhuibhne i bhfeidhm go mór ar ár gcolúnaí

Tommy Griffin celebrates with his team after the game 11/4/2015
©INPHO/Ryan Byrne

Bhíos féin agus comhghleacaithe dem’ chuid istigh i bPobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean aréir chun ár gcluiche seachtainiúil sacair faoi dhíon a imirt sa halla breá spóirt atá san áit.

Táimid ag dul ann le breis is trí bliana ó dúnadh Halla na mBráthar ar an mbaile chun an cluiche coimhthíoch a imirt toisc nach bhfuil ar ár gcumas an chaid a imirt a thuilleadh. Is mó buntáiste atá ag baint le bheith ag plé leis an sacar céanna – níos lú reatha, fallaí a chuireann an liathróid thar n-ais chughat nuair a theipeann ort í a cheansú agus sinn go léir ar comhchéim ins an ainnise ach sinn fós den dtuairim gur i mbláth na hóige atáimid!

Bhí an oíche aréir difriúil, áfach. Tuigeadh a leithéid dúinne, iarscoláirí de chuid Scoil na mBráithre Críostaí, agus sinn gafa díreach laistigh de dhoras na Pobalscoile isteach.

Ansiúd, ar bhord a bhí maisithe le brat na scoile, bhí Corn Uí Ógáin suite go maorga ag féachaint amach orainn. Toirtín gleoite earraigh má bhí a leithéid riamh ann.

Cé go raibh sé de phribhléid agam bheith i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn le triúr dem’ cheathrar iníon, a bhí ag freastal den gcéad uair riamh ar ardeaglais CLG, tháinig cnapán im scornach le racht bróid nuair a chonac ansiúd an corn aréir. Níor bhuail sé i gceart go dtí san mé – an gníomh gaile thar na bearta a bhí déanta ag gaiscígh óga na Pobalscoile; ár bPobalscoil a cruthaíodh de dhroim comhnascadh agus coimhlinte agus a bhfuil a cuid imreoirí anois ina máistrí ar shaol na peile ag leibhéal iar-bhunscoile.

Ní gan dua a dhein Corn Uí Ógáin a shlí siar go Dúthaigh Duibhneach i 2015 ach déanfaidh na scréipeanna go léir a bheir ar imreoirí na Pobalscoile i gcraobh na bliana seo machnamh lae agus taibhreamh oíche dóibh, pé triail a bheidh orthu mar imreoirí caide feasta.

B’fhéidir gur dheacair do dhuine ná beadh aithne aige ar na himreoirí ná cur amach aige ar an ndúthaigh dar dhíobh iad tomhas ceart d’fháil ar a bhfuil bainte amach. Ar an áireamh deireanach, ní raibh ach 222 buachaill ag freastal ar an scoil agus cé go raibh imreoir amháin ó Liospóil, Ryan Ó Mainnín, a tháinig chun páirce sa chluiche ceannais in aghaidh bhuachaillí Ros Comáin, bhí an uile dhuine seachas fáinleog amháin, Barra Seán Mac an Bhradáin, a tháinig ina measc ó Rinn Mhaoile na Gaillimhe, sniogtha as cumainn na Gaeltachta agus an Daingin.

Chóiríos seacht gcumann éagsúil a bhí luaite le himreoirí Ros Comáin ar chlár an lae Dé Sathairn agus tá isteach is amach le 350 buachaill ag freastal ar an scoil sin. Beagán os cionn seacht bpointe ar an meán a bhí géillte acu ina dtrí chluiche ar a n-aistear go dtí cluiche an tSathairn agus ní túisce an chaid caite isteach sa chluiche ceannais nó go dtuigeadh don lucht féachana gur cur chuige cosantach, seiftiúil a bheadh ag curaidh Chonnacht.

Thóg sé tamall maith ar imreoirí na Pobalscoile teacht i dtír ar a raibh ag tarlúint ós a gcomhair amach ach nuair ba mhó a chaitheadar luí amach orthu féin, léiríodar an fhoighne, an misneach agus thar aon ní eile, an taithí a bhí iontu chun ceithre phointe de bhearna a fhágaint idir iad féin agus a gcéilí comhraic sa deireadh.

Le cluiche ceannais an tSathairn, tá cuid mhaith d’imreoirí na Pobalscoile tar éis a gcluiche deireanach a imirt ins an gheansaí dearg is bán úd a chaitheadar le sé bliana anuas. Tá gach aon bhonn gur fiú trácht air buaite ag an nglúin órga sa tréimhse sin agus tá an chuma ar an scéal gur rompu amach atá na laethanta is gile ar fad.

Nuair a thosnaíodar amach sa Phobalscoil, b’iad na scoileanna Ultacha ar nós Coláiste Naomh Colmán, Iúr Chinn Trá agus Coláiste Naomh Pádraig Machaire Rátha a bhí sa treis agus iad ag buachtaint trí cinn as na ceithre cinn de chraobhacha idir 2010 agus 2013. Tá an forlámhas sin briste anois ach casann an roth i gcónaí agus is deacair an tuile ag trá a bhíonn i gceist le haon mheánscoil bheag tuaithe a sheachaint.

Casann an roth istigh sa Phobalscoil, leis, áfach. Tá Éamonn Mac Muiris, an té a stiúraigh Ciarraí gan choinne go craobh na hÉireann anuraidh, tosnaithe ag plé le himreoirí óga na céad bhliana in athuair. Tá daoine maithe i bhfeighil na bhfoirne ag gach grád aníos go Ciarán Ó Móráin, Tommy Ó Grifín, Johnny Ó Flannúra agus Tomás Ó Beaglaoich a bhí ar an stiúir Dé Sathairn. Tá forbairt á dhéanamh le tamall anois ar pháirc CLG nua-ghlan agus raon lúithchleasaíochta le hais na Pobalscoile agus beidh san, leis, ina háis agus ina lóchrann sna blianta romhainn amach.

Tá sé ráite riamh gur fearr aon fhéachaint amháin romhat ná dhá fhéachaint i do dhiaidh agus aoinne a bheadh ag éisteacht le himreoirí na Pobalscoile ar an Saol ó Dheas ar Raidio na Gaeltachta inné, chloisfidís go bhfuil cluichí eile rompu amach le buachtaint, cathanna eile le troid agus scrúdaithe béil le déanamh fiú an tseachtain seo féin ag na laochra óga seo a thug oiread sásaimh do lucht leanta na caide i gCorca Dhuibhne i mbliana. Go n-éirí na cluichí, na cathanna agus na scrúduithe leo!

AGUISÍN: Bhí briseadh croí fhoireann peile Choláiste Ghobnatan Bhaile Mhúirne le clos i nguth a mbainisteora Micí Ned Ó Súilleabháin ar an Saol ó Dheas chomh maith inné. Ach bhí mórtas le braistint, leis, uaidh as an dteacht aniar a bhí ins na himreoirí óga a thug a raibh iontu i gcoinne Ardscoil Ráth Iomgháin tráthnóna Dé hAoine.

Bhí cúis mhaith leis an mórtas céanna agus daoibhse go léir atá ag cáiseamh meath agus bás na caide le blianta beaga anuas, b’fhiú daoibh súil a chaitheamh ar Youtube don dá bháide a scóráil Dan Ó Duinnín do Choláiste Ghobnatan sa chluiche céanna…Iontaisí geala a dh’ardóidh do chroí.

Fág freagra ar '‘Tháinig cnapán im scornach le racht bróid nuair a chonac ansiúd an corn aréir…’'

  • Feardorcha

    Ana alt go deo! Ní raibh aon chluiche ceannais ró-iontach ann, ach ní mheán san faic nuair a smaoinítear ar an mbliain a bhí acu. Hup an Phobalscoil!

  • padraig o donnchu

    An bhfeadfadh sibh peictiur nios fearr den gCinneideach a chur in airde? Ta se i bhfad nios sceimhiula na sin.