TG4@20: Cuimhní cinn bhunaitheoirí TG4 ar Oíche Shamhna 1996

Cuimhníonn triúr de lucht bunaithe Theilifís na Gaeilge agus duine den Fheachtas Náisiúnta teilifíse ar sheoladh an stáisiúin cothrom an lae seo fiche bliain ó shin

TG4@20: Cuimhní cinn bhunaitheoirí TG4 ar Oíche Shamhna 1996

Ardbhainistíocht Theilifís na Gaeilge: Ó chlé: Siún Ní Raghallaigh, Stiúrthóir Airgeadais, na heagarthóirí coimisiúnaithe, Micheál Ó Meallaigh agus Anne McCabe, Ceannasaí bunaithe an stáisiúin Cathal Goan, agus Leascheannasaí Theilifís na Gaeilge, Pádhraic Ó Ciardha

TG4 at 20

Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4

An chuimhne is gléine agam: an dóchas agus an misneach a bhí le brath in Óstán Chois Fharraige fiú sular thosaigh an craoladh. Ní cuimhneach liom a leithéid riamh roimhe ná ó shin – ócáid speisialta ina raibh muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge fré chéile ag ceiliúradh rud úr dearfach a bhí bainte amach, togra físiúil, tús nua, spás lárnach dár scéalta agus dár meon féin.

Ar ndóigh, ar an oíche sin theastaigh uaim a bheith in áit eile nach óstán sna Forbacha é. Ach ba léir don dall nach bhféadfaí an chóisir oscailte a chur ar bun sa gCeannáras. Ní raibh an foirgneamh sin baileach críochnaithe. Ní raibh spás ann do chóisir mhór. Bheadh rudaí eile ar aire na foirne ansin ag tús craolta an chainéil. Ní hamháin sin, ach is le clár casta beo-chraolta, il-láthair a bhíothas ag tosú.

Thit sé ar mo chrann-sa feidhmiú mar fhear an tí san Óstán. Ní túisce mé gléasta ná mé ar chlár beo raidió ag am tae, ag díospóireacht le ‘Gael’ a bhí ag gearán go binbeach faoi fhotheidil Bhéarla. Nuair a bhí a chuid ráite aige go paiseanta, mheabhraigh mé dó gur i mBéarla a bhí sé ag labhairt, rud a lagaigh a chás de bheagán, mheas mé.

Sheas muid sa halla ag fanacht gur thosaigh TnaG. Nuair a tharla sin, sileadh deora, rinneadh gártha agus tuigeadh dúinn ar fad go raibh rud iontach bainte amach. Bhí oíche go maidin againn…. ach le breacadh an lae, bhí a fhios againn nach raibh muid ach ina thús.

Is mar an chéile anois é – ach soilsíonn lasair sin Oíche Shamhna 1996 go gléineach fós ionainn. Beidh an oíche anocht mar a chéile.

Anne McCabe, Léiritheoir Feidhmiúcháin ag an seoladh agus iar-eagarthóir coimisiúnaithe le TG4

Bhí mise i mo Léiritheoir Feidhmiúcháin ar an oíche, ag obair do chomhlacht neamhspleách. Bhí sceitimíní orainn ach is cinnte go raibh ardbhrú fola i gceist agus muid ag dul beo ar an aer den chéad uair. Bhí muid ag rith timpeall ar nós cearca! Bhí agallaimh bheo le socrú le RTÉ agus na meáin Bhéarla eile, b’ócáid mhór a bhí ann.

Ansin, nuair a bhí sé críochnaithe, bhí muid chomh sásta gur oibrigh gach rud amach. Bhí na láithreoirí iontach ar fad, gan aon taithí acu ar chraoladh beo, bhí mé chomh bródúil astu. Bhí mé ag breathnú ar Reeling in the Years tamall ó shin, ceann 1996, agus bhí mír ann faoin seoladh agus bhreathnaigh sé go hiontach. Bhí sé réabhlóideach chomh maith; bhí radhairc ó héileacaptar, radhairc leanúna sa stiúideo agus a leithéid.

Rud amháin a raibh díomá orm faoi ná nár bhain muid amach an lucht féachana a bhí mar sprioc againn. Sílim go raibh muid ag iarraidh 3% den lucht féachana a fháil agus níl a fhios agam ar bhain muid é sin amach. Is díomách an rud é sin, cé go bhfuil ardmheas fós ar an stáisiún.

Bhí daoine an-diúltach faoi ar dtús. B’fhéidir go raibh daoine ag smaoineamh go raibh muid chun an seanfhear lena phíopa a chur ar an teilifís ach tháinig muid amach leis na ‘Barna Babes’: Gráinne Seoighe agus na mná sin. D’iompaigh muid bunoscionn an múnla uilig.

Micheál Ó Meallaigh, Iar-eagarthóir coimisiúnaithe le TG4

Tá sé deacair agam cuimhneamh ar céard a bhí ag tarlú an oíche ar thosaigh muid mar go raibh an oiread sin brú ann. Bhí amhras ann an mbeadh gach rud réidh in am. Ní cuimhin liom an raibh mé ag obair nó nach raibh ach bhí mé ag crochadh thart ag iarraidh déanamh cinnte go raibh rudaí ag dul go geal.

Bhí daoine an-‘emotional’ nuair a thosaigh muid,  bhí troid mhór fhada ann roimhe sin chun an tseirbhís seo a chur ar fáil. Is cuimhin liom go raibh cóisir mhór againn ina dhiaidh sa Connemara Coast, a bhí plódaithe, agus gach duine ar cineál ‘high’. 

Ba thús nua é don teanga. Bhí géarghá leis an stáisiún ag an am. Is é an trua é nár tharla sé deich mbliana roimhe, agus b’fhéidir go mbeadh tionchar níos mó aige faoin am seo.

Tá an saol athraithe go mór ó shin agus comórtas ann don lucht féachana ó ríomhairí, Facebook, Youtube agus a leithéidí ach is seirbhís thar a bheith tábhachtach í TG4. Tá lucht féachana dílis ann i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach bíonn daoine ann nach dtuigeann an teanga nó nach labhraíonn í a bhreathnaíonn ar na cláracha. 

Agus cuimhní duine de na daoine is mó a throid ar son Theilifís na Gaeilge…

Ciarán Ó Feinneadha, An Feachtas Náisiúnta Teilifíse

Bhí sceitimíní ar gach duine le linn an chúpla lá roimh Oíche Shamhna. Ar ndóigh, bhíomar ag fanacht ar feadh na mblianta roimhe sin ach bhíomar ar bís díreach roimhe. Is cuimhin liom an oíche féin go raibh nasc idir an tOireachtas agus an ócáid seolta san óstán sna Forbacha. Bhíomar chomh sásta an chéad mhír a chuaigh amach a fheiceáil. Rinne Cathal Goan agus an fhoireann go léir an-jab. An rud is mó a raibh mé sásta faoi gur cuireadh go leor leor béime ar chláracha do dhaoine óga agus do pháistí. Sin iad an dream is tábhachtaí. Bhí Hiúdaí an-tábhachtach ag an am ó thaobh teagmháil a dhéanamh le páistí agus tá neart cartún fós ann. Is dócha ar bhealach go rabhamar ag fanacht chomh fada sin nár thuigeamar agus é ag tarlú gur lá mór stairiúil a bhí ann don tír. Dúirt go leor daoine nach dtarlódh sé riamh.

Fág freagra ar 'TG4@20: Cuimhní cinn bhunaitheoirí TG4 ar Oíche Shamhna 1996'