TG4@20: Cá bhfuil leanaí 1996 anois? Na dúshláin is mó roimh TG4…

Agus TG4 ag ceiliúradh fiche bliain ar an Luan, cuirtear tús inniu le sraith alt faoin gcraoltóir Gaeilge. San alt seo féachann ár léirmheastóir teilifíse ar na dúshláin agus na féidearthachtaí atá roimh an stáisiún

TG4@20: Cá bhfuil leanaí 1996 anois? Na dúshláin is mó roimh TG4…

TG4 at 20

Tá comóradh fiche bliain TG4 ag teannadh linn agus tá allagar agus píobaireacht na nGael faoi lán seoil. An mó uair a chasfar leo a sluaghairm cháiliúil ‘Súil Eile’? Luafar an seanfhocal faoi shúile na gcarad agus sé is dóichí ná a mhalairt ná go mbainfear deatach faoi ráiteas an tSúilleabhánaigh faoi fhiche bliain ag fás. Tá sé chomh maith agam luach mo leathphingine a chaitheamh isteach.

Tá sé ráite agam cheana go gcaithfear aon phlé ar TG4 a chur sa chomhthéacs cuí: stáisiún beag le hacmhainní teoranta, comórtas domhanda, dírithe ar phobal teanga mhionlaigh, fás ollmhór na n-ardán féachana srl.

Alan Esslemont
Alan Esslemont

Is minic é ráite go bhfuilimid i ré órga na teilifíse, ré a thosaigh, dar liom, timpeall thús na mílaoise le The Sopranos (1999), The West Wing (1999), agus The Wire (2002), tráth a raibh stáisiún Bhaile na hAbhann ina naíonán. Ní fhéadfadh éinne an uair úd an claochlú a thiocfadh ar an tionscal a thuar. Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh, más maith leat. Athruithe a sholáthraíonn dúshláin agus féidearthachtaí araon don stáisiún agus don Ard-Stiúrthóir nua, Alan Esslemont.

Fógraíonn TG4 ar a suíomh ‘go mbreathnaíonn’ 650,000 duine ar an stáisiún in aghaidh an lae agus go bhfuil sciar 2% den mhargadh acu (2.15 a bhí acu an mhí seo caite, dar le figiúirí TAM Mheán Fhómhair 2016). Fágann sin san seachtú/ochtú háit in Éirinn iad, taobh thiar den fhathach RTÉ1 le 20%, TV3, UTV Ireland, RTÉ2, BBC1 agus 3e.

Ní sodar i ndiaidh scóranna féachana amháin an barrshamhail ba cheart a bheith ag TG4, ach cloí le meon na craoltóireachta seirbhíse poiblí chomh maith. An ‘Súil Eile’ sin arís, más maith leat. Caithfidh siad freastal ar an gcroíphobal atá acu, ’sé sin na daoine in Éirinn, agus ar fud an domhain, a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Caithfidh siad rith ar an tanaí mar sin má theastaíonn uathu ‘fiche bliain faoi bhláth’ a bheith acu. Seo na dúshláin agus ábhar machnaimh a cheart a bheith acu.

Cork captain Briege Corkery leads her team out on the pitch 28/9/2014

1.Spórt, spórt agus a thuilleadh spóirt

Ní fhéadfadh éinne a shéanadh ná gurb é an spórt máithreacha an sceidil ag an bpointe seo. Ó thosach craolta d’éirigh le TG4 bearna sa mhargadh spóirt a aimsiú go cliste, cumasach agus an comhlacht Gaeltachta Nemeton ar thosach cadhnaíochta. Is deacair a shamhlú anois go mbímis i dtaobh leis an raidió dos na sraitheanna náisiúnta peile/iomána agus craobhchomórtas na gclub. Tá freastal déanta ar pheil na mban agus an margadh rugbaí chomh maith.

Is léir cad ina thaobh go bhfuiltear ag brath ar an spórt (agus d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin gceol). Is féidir leis lucht féachana ar bheagán Gaeilge (nó gan Gaeilge ar bith) a mhealladh. Sna cuntais TAM do mhí Mheán Fómhair ba chláracha spóirt agus ceoil iad gach ceann den chlár is mó tóir. Ní féidir do lucht sceidil agus coimisiúnaithe neamhaird a dhéanamh air sin. Ach an bhfuiltear ag brath an iomarca ar spórt, agus faillí á dhéanamh ar réimsí eile, dá réir? An ‘Súil Eile’ é craoladh a dhéanamh ar an Tour de France agus Rugbaí Faoi 17? Cad a tharlódh dá dtosódh na ceártaí gustalacha ag cantáil a gcoda? Ní dóigh liom (bunaithe ar mhargadh Sky) go mbeadh CLG dílis do cheannródaíocht agus dúthracht TG4.

An Klondike 1A
An Klondike

2. An bhfuil an drámaíocht ag imeacht le fán?

Ros na Rún ar an bhfód ón gcéad lá agus á sheachadadh ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile. Is liosta le háireamh iad na saothair drámaíochta a tháinig ó cheártaí na Gaeilge ó thús ama: Na Cloigne, The Running Mate, An Klondike, Cré na Cille, Rásaí na Gaillimhe, An Bronntanas agus Corp + Anam. Bhaineas féin súp riamh as na gearrscannáin a deineadh fé scéimeanna cosúil le Oscailt agus Lasair. Seoda faoi leith iad leithéidí An Leabhar, Cúilín Dualach, Rúbaí, Filleann an Feall srl. Taibhsítear dom go bhfuil an ghaoth imithe as seolta na drámaíochta le tamall anuas, áfach, go mórmhór ó thosaigh an bhróg ag teannadh. Trí chúis leis sin is dócha: costas, costas agus costas. É sin agus go bhfuil uasteorainn (ar chúiseanna teanga agus toighse) leis an lucht féachana a d’fhéadfadh saothar drámaíochta a mhealladh. Cé go raibh An Bronntanas agus Klondike againn le tamall anuas, níor ceadaíodh an tríú sraith de Corp + Anam. Níl na gearrscannáin leath chomh flúirseach is a bhí. Céard faoi fhadscannáin? Dar liom go gcaithfidh drámaíocht d’ardchaighdeán i nGaeilge a bheith i lár an aonaigh do stáisiún atá, go príomha, in ainm is a bheith ag freastal ar phobal a labhraíonn teanga mhionlaigh.

Eimear Ní Chonaola ag déanamh tuairisc ón nuachtsheomra.
Eimear Ní Chonaola ag déanamh tuairisc ón nuachtsheomra, le linn Olltoghchán 2016

3.Teirce na nuachta agus cúrsaí reatha

Tá snastacht agus feistiúlacht ag baint le seirbhís nuachta an stáisiúin. Soláthraíonn sé an ‘Súil Eile’ agus tá caighdeán maith Gaeilge ann (téama a fhillfidh mé air thíos). Níl de locht air ach a laghad, fé mar a déarfadh fear an tseanrá, seanchaite. Ní leor leathuair an chloig i rith na seachtaine agus cúpla nóimeat fánach ag an deireadh seachtaine. Ní rabhas riamh ar mo chompord ach an oiread leis an nós am na nuachta a athrú ar mhaithe le spórt. Ní leor ach an oiread clár leathuair an chloig amháin eile de chúrsaí reatha, 7 Lá. Bhí seo le feiscint go ríshoiléir ar lá an bhuiséid. Fad is a bhí na meáin eile, na meáin Ghaeilge san áireamh, ag sluaisteáil leo ar feadh uaireanta an chloig i gcaitheamh an lae, bhí lucht na teilifíse i dtaobh le huair an chloig tráthnóna. Seo réimse go gcaithfear forbairt a dhéanamh air.

Seán Mac an tSíthigh TG4
Seán Mac an tSíthigh, Béaloideas Beo

4. Ról na cainte agus an chultúir:

Ba cheart go mbeadh seó beo cainte ar an stáisiún. I saol eile ar fad ráinig dom a bheith im aoi ar chlár Ardán a bhíodh á chraoladh beo ó stiúideo Dhomhnach Broc. Is cuimhin liom go maith an bús a bhíodh faoin gclár seo a dhein cúrsaí reatha a mheascadh le hábhair níos éadroime. Tá an chreatlach acu cheana féin sa tslí is go bhféadfaí Róisín le Róisín Ní Eadhra a fhorbairt tuilleadh. Is cláracha fiúntacha iad leithéidí Comhrá, Béaloideas Beo, Logainm srl. Gaeilge le cloisteáil formhór an ama, ábhar á chíoradh nach bhfuil ar aon chainéal eile srl. An chontúirt atá anseo ná go gcaithfí leo mar shaothair a dhéanfadh bearnaí sa sceideal a líonadh agus dualgas teanga a chomhlíonadh. Táid réasúnta saor agus déanfaidh siad na hantoiscigh teanga a shásamh. Seo iad na cláracha is sainiúla atá ag an stáisiún agus ba cheart cúram a dhéanamh dóibh.

021Aoife Paisean Faisean

 

5. Nuálaíocht na faisnéise agus seanchaiteacht na siamsaíochta

An cuimhin leat Cleamhnas? Paisean Faisean? Bhí na cláracha siamsaíochta againn ón tús. Iarracht atá iontu lucht féachana níos óige, ar bheagán Gaeilge a mhealladh. Lucht féachana nach leomhfadh riamh féachaint ar ábhar níos ‘sollúnta’. Tá ról ann dóibh ach cuireann siad pip orm go minic óir is féidir leo a bheith díorthach agus seanchaite. Caithfear cothromaíocht a bhaint amach. Ar an dtaobh eile den scéal thuill cláracha faisnéise go leor airde agus moladh riamh. Taibhsíodh dom go mb’fhéidir go bhfuil na maidí á ligean le sruth sa tslí is go bhfuil roghnú na n-ábhar imithe ar bóiléagar agus an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine. Borradh ag teastáil anseo.

Aifric

6.Cá bhfuil leanaí 1996 anois?

Bhí cad é bús ón tús faoin bhfreastal a dhéanfaí ar dhaoine óg. Thuill an t-ábhar a soláthraíodh dóibh moladh faoi leith agus tá dhá dhuais Emmy, mar aon le cúig ainmniúchán eile, gnóthaithe ag Telegael. Go deimhin ba mhinic go mbíodh Gaeilge níos fearr le cloisteáil anseo ná mar a bhíodh i gcláracha eile sa sceideal. Aon duine a bhí sa bhunscoil an uair úd táid ag tarrac ar thríocha anois!

Cúpla bliain ó shin bhí an-rath ar an tsraith Aifric agus d’éirigh leis guailleáil isteach i scioból samhlaíochta na ‘tweenagers’. Is margadh tábhachtach, cigilteach é seo agus beidh ar TG4 é a rómhar go cliste sna blianta atá romhainn amach.

mobile-phone-1709206_1920

 

7. Dúshlán na nArdán Féachana

Faoi mar is léir do chách tá athrú ó bhonn tagtha ar thionscal na teilifíse agus nósanna féachana le cúig bliana anuas, fiú. Ba in 2007 a thosaigh Netflix le sruthlú mar shampla. Anois is fathach é atá ina cheárta agus ina chraoltóir. Tá dúshláin anseo sa tslí go bhfuil saothair de gach cineál ar fud an domhain ag cantáil ar lucht féachana TG4. Tá féidearthachtaí anseo chomh maith; táirgí an stáisiúin a dhíol ar mhargaí thar lear, an seinnteoir mar uirlis le lucht féachana ar fud an domhain a mhealladh. Ina theannta sin ar fad tá ceist na cartlainne. Fiú sara tosaíodh ag dul siar bóithrín na smaointe do chomóradh TG4XX bhí cnuasaigh dhifriúla á gcur ar an seinnteoir. B’fhéidir gur ar líne seachas ar bhosca an chúinne is mó a bheidh féidearthachtaí forbartha an stáisiúin.

Foclóir beag

8. Caighdeán na Gaeilge

Tá mo mhaide curtha san fheamainn seo agam cheana. Ba cheart go mbeadh an stáisiún mar eiseamláir teanga. Cé go dtuigfeá cad ina thaobh ná beadh seo mar an chloch is mó ar a bpaidrín, taibhsítear dom ar uairibh nach bhfuil sí ar an bpaidrín in aon chor. Is léir an dúshlán seo ar fud an sceidil: sa chéatadán beag de ‘chloigne cainte’ le Gaeilge, san easpa guthaithe, in úsáid na bhfotheideal, sa reacaireacht, sa drámú, agus thar aon ní eile sa drochchaighdeán Gaeilge a bhíonn le clos rómhinic nuair a bhíonn an Ghaeilge le clos. Uaireanta measaim go bhfágtar an ‘spriocphobal’ in áit na leathphingine. Caithfear cúram a dhéanamh don teanga má táthar le freastal mar is cóir ar an spriocphobal céanna agus fanacht dílis don tsluaghairm cháiliúil agus do phrionsabail na craoltóireachta seirbhíse poiblí.