TG4@20: An stáisiún náisiúnta Gaeilge agus margadh na smaointe

Déanann craoltóirí poiblí fearacht TG4 an réim phoiblí atá againn a chosaint

TG4@20: An stáisiún náisiúnta Gaeilge agus margadh na smaointe

 

Mura bhfuil agat ach meannán gabhair bí i lár an mhargaidh leis. Is iomaí comhlacht meán a díoladh, a ceannaíodh agus a leachtaíodh ó tháinig TG4 ar an bhfód 20 bliain ó shin. Moladh an fhuinniúlacht agus an flosc a bhain le craoladh na mblianta tosaigh agus tá buaiceanna an chainéil molta agus ardmholta ó shin. Is ann fós don chaibidil faoi fhotheidil agus caighdeán teanga an stáisiúin ach léargas atá sa phlé sin ar an bpobal teanga féin agus a gcuid tnúthán maidir le seirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge.

Tugann an dá fhocal úd, náisiúnta agus Gaeilge, leid láidir dúinn faoi mhianach agus nádúr na seirbhíse a seoladh i 1996 agus a buanaíodh de bhun leasaithe reachtúil sa bhliain 2009. Thar aon ní eile, creidim gurbh é beart seo an neamhspleáchais an cinneadh polasaí ba thábhachtaí agus ba chinniúnaí a glacadh ó caitheadh TG4 ar an sop. B’éigean do RTÉ feidhmiú mar bhean ghlúine oíche Shamhna 1996, cúram a raibh rian láidir den dualgas air murar ceileadh an doicheall féin i gcónaí.

Agus ní thógfaí ar RTÉ an méid sin, is dócha, i bhfianaise na socruithe corracha maoinithe a bhí ag an stáisiún céanna ó dheireadh na 1980idí. Ní fhéadfaí sochaidearthacht a chur i leith an rialtais agus RTÉ maidir le gnóthaí craolta an uair úd ná anois féin. Nádúr na ceirde go mbíonn beithígh mhóra an mhargaidh ag guairdeall ar a chéile go hamhrasach. Bhí an dara seirbhís phoiblí anois ar an saol agus ghéaraigh arís eile ar iomaíocht an mhargaidh. Margadh barainneach an státchiste sa chás seo.

Socrú annamh go maith é dhá chraoltóir seirbhíse poiblí a bheith ag feidhmiú i ndlínse ar bith. Baineann tábhacht as cuimse leis an stádas sin óir aithnítear an ról eisceachtúil a bhíonn ag seirbhís chraolta poiblí don chóras daonlathach. Ní lia stát ná traidisiún daonlathach go fiú i dtíortha bunaithe na hEorpa. Mearbhall a bhíonn ar an Iodálach nuair nach dtagann athrú ar léitheoirí nuachta de réir mar a athraíonn an rialtas sa tír seo. Cúis iontais don Spáinneach nach nós linn bréagfhaisnéis ghlanoscartha a chraoladh in aimsir éigeandála. Agus maidir leis an Rúis…

Cuirtear claontacht i leith na gcóras craolta poiblí ar fad, is cuma cén dlínse a bhíonn i gceist. Le bheith cóir faoin scéal, is minic a chastar easpa cothromaíochta leis an earnáil tráchtála freisin. Nuair a bhí cogadh mór na hIaráice á bhagairt don dara huair sa bhliain 2003 áiríodh go raibh 175 eagarthóir ar nuachtáin éagsúla de chuid Rupert Murdoch ar fad as éadan ar son na cogaíochta. Is den riachtanas é go mbeadh líne eagarthóireachta ag ardáin agus foilseacháin ach ní foláir tionchar ollchomhlachtaí meán a mheá go han-chúramach.

Is ionann saoirse eagarthóireachta agus an deis ábhar a chraoladh gan cur isteach ó rialtas, ó pháirtí leasmhar, comhlacht tráchtála nó úinéir meán. Is éard is brí le hiolrachas meán go mbíonn deis ag an saoránach (recte tomhaltóir) ar chuimse tuairimí agus léargais éagsúla seachas a bheith i dtuilleamaí líne absalóideach eagarthóireachta ó fhoinse aonraic amháin. Dá fholláine éagsúlacht na meán féin – teilifís, raidió, ardáin chlóite agus leictreonacha – is amhlaidh is sláintiúla don iolrachas freisin é. Ach cén mhaith saoirse eagarthóireachta mura bhfuil saoirse reáchtála ann freisin? Soláthar slán airgeadais a dhearbhaíonn saoirse.

Beart rialachais a bhí sa cheadúnas teilifíse an chéad lá riamh le nach gceapfaí go raibh an córas craolta poiblí faoi ró-anáil an rialtais ach gurbh é an pobal féin a choinnigh scilling leis. D’fhéach iarPhríomh-Stiúrthóir RTÉ, Noel Curran, leis an ábhar polasaí seo a dhúiseacht leis an rialtas deiridh. Bhí Aire Cumarsáide tuisceanach roimhe, Pat Rabbitte, a mheas go raibh fabht bunúsach sa chóras maoinithe. Moladh go dtiocfadh muirear teaghlaigh i gcomharbacht ar dhroch-chóras amscaí a bhfuil bunús seafóideach anois leis. An fón cliste agus goiris eile na príomhbhealaí seachadta feasta. Chuir caismirtí na dtáillí uisce pé seans ar ghníomh atheagair sa réimse seo go grinneall. Tá fuaraíocht mhór déanta ó shin agus ní fheicim muirear, táille nó dleacht nua á éileamh ag an rialtas reatha ar phobal atá glórach, tíobhasach faoi chánacha, pé bunús atá leo.

Aisteach go leor, ní cosúil go bhfuil aon éiseal á chleachtadh i leith Virgin Media, Eir agus Sky. Tá curtha go suntasach acu le líon na síntiúsóirí agus tuilleadh creimthe fós á dhéanamh ar sciar margaidh na gcraoltóirí poiblí. Creimeadh, nó bláthú más mian leat, ar cuireadh tús leis sa bhliain 1988 le bunú an IRTC, tráth ar shocraigh an stát ceannasach ceadúnais a bhronnadh ar ghnólachtaí trádála chun margadh tráchtála a dhéanamh den speictream craolacháin.

Chinntigh Ray Burke, beannú air, go mbeadh iolrachas meán ann ar ais nó ar éigean. Forbraíodh an earnáil neamhspleách ach baineadh an bonn den chraoltóir poiblí san am céanna. Tá an earnáil chéanna ag forbairt léi, meannáin á ndíol agus á gceannacht i gcónaí, agus tá tréad meannán thar a bheith líonmhar i ngarraí Denis O’Brien faoi seo. Talamh sléibhe Bhaile na hInse ní foláir. Toradh tomhaiste an tsaormhargaidh: ní cumannaigh sinn le bratacha dearga tar éis an tsaoil.

Cuidíonn réimeanna reachtúla agus réimis rialachais seachas a chéile le húinéirí an chuid is mó a dhéanamh den infheistíocht atá déanta acu. Céard is fiú mórchomhlacht meán a bheith agat? Sciar suntasach den mhargadh a bheith faoi do bhois agat? Nó rochtain fhairsing ar dheiseanna tionchair? Nó an dá rud? Cuireann an tAontas Eorpach spéis i gceisteanna polasaí meán ó am go chéile toisc baol trasnaíola idir an réim eacnamúil – iomaíocht, fóirithint stáit, rialachas margaidh – agus an réim pholaitiúil – bunchearta agus reachtaíocht, polasaí poiblí agus an dioscúrsa daonlathach trí chéile.

Agus TG4, a deir tú? Déanann craoltóirí poiblí fearacht TG4 an réim phoiblí atá againn a chosaint. Cothaíonn craoladh an chainéil allagar bríomhar, éagsúil, rannpháirteach a thugann dúshlán na n-údarás, a dhearbhaíonn agus a cheistíonn an fhéiniúlacht in éindí, a éilíonn cuntasacht as cos i dtaca, a thugann tuairisc chothrom ar imeachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar neamhchead do thuairim an rialtais nó úinéirí meán eile. Slánaíonn an neamhspleáchas úd seilbh an phobail ar an gcóras craolacháin trí chéile. Is linne TG4. Fágtar againn seirbhís náisiúnta Ghaeilge i gceartlár mhargadh na smaointe.

Fág freagra ar 'TG4@20: An stáisiún náisiúnta Gaeilge agus margadh na smaointe'