TG4 – Scoth na Nollag

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar TG4 le linn féile na Nollag

TG4 – Scoth na Nollag

Dé Céadaoin, 28, Nollaig

Bliain an tSneachta Mhóir
4.25pm
Clár faisnéise faoi thréimhse dhá mhí a d’fhág an tír seo cráite ag fuacht, sioc agus cruatan. I mí Eanáir 1947 fágadh Éire stromptha ag cioclón aisteach aimsire a d’fhág an tír ina lán-stad beagnach. Thit an teocht go -14°C agus fágadh carranna, busanna, tithe agus bailte beaga faoi bhrat tiubh sneachta.

Eithne – Idir dhá Shaol
7.45pm
Clár cuimhneacháin agus ómóis ar dhuine de an ceoltóirí ba bhinne agus ba iomráití dá glúin, a bhásaigh go hóg sa mbliain 1999. D’fhág an tubaiste seo a rian go domhain ar a clann óg agus ar a muintir agus ar lucht an cheoil traidisiúnta i gcoitinne. Amhránaí, flúiteadóir agus cumadóir ceoil ab ea Eithne Ní Uallacháin a tógadh le Gaeilge i dteaghlach aitheanta Gaelach i nDún Dealgan. Thuill sí cáil óna hóige as a guth binn agus threisigh a caidreamh ceoil (agus pósta ina dhiaidh sin) leis an bhfidléir Gerry O’Connor an cháil sin.

Bilingua – Ceol Eithne Ní Uallacháin
8.45pm
Chaill an tír seo duine de na hamhránaithe ab fhearr a bhí aici nuair a cailleadh Eithne Ní Uallacháin go hanabaí sa mbliain 1999. Seo ceolchoirm speisialta a rinneadh in ómós d’Eithne in Ard-Eaglais Phádraig, i mBaile Átha Cliath, áit a ndearna a comhcheoltoirí agus na hamhránaithe a spreag í ceiliúradh ar a cuid ceoil.


Déardaoin, 29, Nollaig

Cluichí na Bliana
3.50pm
Deis eile Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann idir Áth Cliath agus Ciarraí ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Ba é seo an cúigiú uair a casadh na foirne seo ar a chéile i gCraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann ón mbliain 2007.

Corn Uí Riada 2016 – Súil Siar
7.45pm
Súil siar ar phríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós Oireachtas na Samhna 2016.

Frank O’ Connor – Idir Dhá Shruth
9.15pm
Insíonn Liam Ó Muirthile, file agus scríbhneoir, scéal dearmadta Frank O’Connor. Cé go raibh sé ar cheann de na gearrscéalaithe is fearr riamh, ba mhaith le Liam obair O’Connor ar son litríocht na Gaeilge a mheabhrú dúinn. Cuireann sé brú orainn aghaidh a thabhairt ar an gceist: cén fáth go bhfuil litríocht na Gaeilge agus an Bhéarla chomh scartha sin óna chéile anois?


Dé hAoine, 30, Nollaig

Cluichí na Bliana
3.05pm
Deis eile Cluiche Leathcheannais Sinsear Iomána na hÉireann idir Gaillimh agus Tiobraid Árann a imríodh ar Pháirc an Chrócaigh a fheiceáil. Bhí Gaillimh dhá phointe chun cinn ar sheaimpíní na Mumhan agus gan ach naoi nóiméad fanta sa gcluiche ach fuair Tiobraid Árann dhá chúl taobh istigh de chúpla nóiméad rud a thug an bua dóibh.

An Biongó
8.00pm
Clár ina bhfiosraítear an tóir atá ag muintir na hÉireann ar bhiongó. Déanfaidh lucht biongó idir óg agus aosta cur síos ar an tábhacht atá leis an gcaitheamh aimsire dóibhsean.

Frances Black ag Ceol
9.05pm
Frances Black agus a ceolta speisialta féin tigh Phaddy Coyne cois na farraige i gCrois na Tulaí i gConamara. Ag ceol in éineacht léi beidh a mac Eoghan Scott, chomh maith le Jimmy Smyth agus James Blennerhassett.


Dé Sathairn, 31, Nollaig

Joe Lios Tuathail
3.10pm
Clár faisnéise ar shaol neamhghnách Joe Murphy, feirmeoir as Tuaisceart Chiarraí atá ina Stiúrthóir Ealaíne ar Théatar Naomh Eoin i Lios Tuathail.

Rugbaí Beo
5.00pm
Cúige Chonnacht v Cúige Mumhan: Craoladh beo ar Chúige Chonnacht in aghaidh Chúige Mumhan as an Sportsground agus buaicphointí Chúige Laighean v Cúige Uladh as an RDS sa dara babhta déag den PRO12. Lá mór i Rugbaí na hÉireann é seo agus na cúigí ar fad ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

TG4XX Beo

8.50pm
Ceolchoirm speisialta a craoladh beo ó láithreacha éagsúla ar fud na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar scór bliain de TG4.

Opry an Iúir The High Kings:
11.25pm
Tá Opry an Iúir ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O’Donnell. Beidh The High Kings ar chlár na seachtaine seo agus Nell Ní Chróinín mar aoi speisialta acu.


Dé Domhnaigh, 1, Eanáir

Cluichí na Bliana
4.00pm
Deis eile an ceathrú babhta de Chraobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann idir Tiobraid Árann agus Doire a fheiceáil. Bhí bua stairiúil ag peileadóirí Thiobraid Árann.

Poitín Mhicíl
9.30pm
Ní ón ngaoth a thug Pádraic Ó Griallais a shuim sa stiléireacht leis.   Tá cáil an phoitín ar a mhuintir leis na glúinte fada anois.  Is óna shean-athair, Jimmí Chearra, fear atá os cionn na ceithre scór bliain, a fuair Pádraic an cheird agus is óna sheanathair féin, Micil, a fuair Jimmí an cheird.    Cé gur cháin an Eaglais Chaitliceach an fuisce as an dochar morálta a rinne sé, dar léi, bhí éileamh riamh i gConamara ar “shú na heorna” agus meas ar lucht a dhéanta má bhí fios a gceird acu, rud a bhí ag na Cearraigh. 

Teastaíonn ó Phádraic stádas an phoitín a athrú, a tháirgeadh ar bhonn tionsclaíoch caighdeánach agus margadh ceart dlisteanach a bhunú dó. Tá Poitín Mhicil á tháirgeadh anois ag Pádraic – go dleathach – agus é i mbun margaíochta air go tréan. Léiriú le Scannán Dobharchú.

Gradam Ceoil TG4 2016
10pm
Tristan Rosenstock agus Muireann Nic Amhlaoibh a chuir Gradam Ceoil TG4 i láthair beo as Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí i bhFeabhra 2016.


Flann O’Brien – An Béal Saibhir
8.05pm
Clár faisnéise faoi shaol agus shaothar Bhrian Uí Nualláin ina ndéantar ceiliúradh ar a chuid oibre.

Altan ag Ceol
9.10pm
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan ag ceiliúradh 30 bliain i mbun an cheoil tigh O’Connor’s i mBóthar na Trá, Gaillimh sa cheolchoirm speisialta seo.

Planxty – No Disco
12.00am
Clár in ómós an bhanna ceoil mór le rá as Éirinn, Planxty, á chur i láthair ag Leagues O’Toole. I measc na ndaoine faoi agallamh tá Christy Moore, Liam Óg O’Flynn agus Andy Irvine. Roinnfidh ceoltóirí na linne seo – David Kitt, Richie Egan (The Redneck Manifesto), Jimi Goodwin (Doves) agus Colm Mac An Iomaire (The Frames) – a dtuairimí faoin mbanna clúiteach.

Fág freagra ar 'TG4 – Scoth na Nollag'