TG4 HD ar fáil do chustaiméirí an chomhlachta teilifíse Sky

Deir Pádhraic Ó Ciardha, leascheannasaí an stáisiúin, gur ‘céim chun cinn thábhachtach’ don tseirbhís an leagan ardghléine a bheith ar fáil

TG4 HD ar fáil do chustaiméirí an chomhlachta teilifíse Sky

Tá leagan ardghléine de TG4, TG4 HD, anois ar fáil do chustaiméirí an chomhlachta teilifíse Sky ar fud na tíre.

Dúirt Pádhraic Ó Ciardha, leascheannasaí an stáisiúin, gur “céim chun cinn thábhachtach” don tseirbhís an leagan ardghléine a bheith ar fáil agus gur “dheas [le TG4] go mbeadh an rogha HD ar fáil d’oiread den lucht féachana ar fud an oileáin agus is féidir”.

“Bhain go leor oibre le cumas ardghléine a thabhairt don trealamh ar fad i ngach lúb den slabhra fada a bhaineann le hábhar teilifíse – ón gceamara ar an láthair, go dtí an trealamh eagarthóireachta, seachadta agus craolacháin.

“Agus sin curtha i gcrích, bhí ar ár gcumas fís ar chaighdeán HD a sholáthar do chustaiméirí cábla. Rinne muid sin le custaiméirí cábla ar dtús agus táimid á dhéanamh anois ar ardán satailíte Sky in Éirinn, an t-ardán seachadta teilifíse is mó a bhfuil custaiméirí aige ar an oileán,” a dúirt sé.

Cuireann go leor ardán teilifíse rogha HD nó SD (gnáthghléine) ar fáil dá gcuid custaiméirí do chainéil éagsúla, cainéil de chuid RTÉ ina measc. Ní mór do chustaiméirí Sky atá ag iarraidh breathnú ar an leagan ardghléine de TG4 teilifíseán a bheith aige le cumas HD chun an leagan sin den phictiúr a thógáil.

Tá TG4 HD ar fáil ar chainéal 104 ó dheas agus cainéal 163 ó thuaidh.

Tá an leagan ardghléine de TG4 ar fáil do chustaiméirí cábla UPC/Virgin le fada an lá anois.

Fág freagra ar 'TG4 HD ar fáil do chustaiméirí an chomhlachta teilifíse Sky'