Tête à tête sa Fhrainc idir fear gan pháirtí agus bean gan scrupall

Is é an 7 Bealtaine lá na cinniúna don Eoraip agus níl ach fear amháin ann fós a thiocfas roimh Marine Le Pen agus deireadh an AE

Tête à tête sa Fhrainc idir fear gan pháirtí agus bean gan scrupall

Is ar an 7 Bealtaine seo chugainn a thoghfar uachtarán na Fraince. Is baol gur ar an lá sin a bheas deireadh le hAontas na hEorpa. Cén fáth? Tá Marine Le Pen chun cinn sa rás. Má thoghtar í, cuirfidh sí an franc i réim sa bhFrainc arís, agus dúnfaidh sí teorainn na tíre. Déanfaidh sí neamhaird den tsíocháin agus den dea-mhéin atá ag muintir na hEorpa le chéile ó cuireadh Plean Mharshall i bhfeidhm tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Fillfidh an meon a bhí i réim san Eoraip roimh 1914, nuair ba naimhde cách taobh thall den sliabh agus den abhainn.

Níl ach fear amháin ann a thiocfas roimpi fós, fear amháin a bhainfeas an ghaoth as a cuid seolta. Emmanuel Macron is ainm don fhear sin. Cé hé féin?

Chuaigh Emmanuel le léann na fealsúnachta ina fhear óg dó. Bhí grá ag a mhuintir don léann. Chaith sé ceithre bliana le banc Rothschild. Bhí sé ina aire eacnamaíochta ar an bhFrainc faoi François Hollande. Agus in Aibreán na bliana 2016, bhunaigh sé feachtas polaitíochta nua darb ainm En Marche! (Ar Aghaidh Linn!). Is duine neamhspleách, éirimiúil, paiseanta, dána atá in Emmanuel Macron. Le teann míshástachta faoin gcóras atá i bhfeidhm, chaith sé a phost aireachta san aer. Deir sé go bhfuil deireadh leis an tseanpholaitíocht, agus leis an tseanscoilt idir an dá eite, clé agus deas. Níl ann anois ach an dea-pholaitíocht agus an drochpholaitíocht, dar leis. An dea-pholaitíocht, déanfaidh sí leas na ndaoine, ní leas na tíre, ná leas aon aicme amháin. Na trí rud is tábhachtaí leis an bhFrainc a thabhairt aníos as an bpoll báite a bhfuil sí ar éidreoir ann, dar leis? An t-oideachas, an t-oideachas, agus an t-oideachas. Deir sé go bhfuil an caipitleachas domhanda ar tí titim as a chéile, agus gur rud é nach inbhuanaithe. Tá na smaointe seo agus tuilleadh nach iad sa leabhar Révolution (Réabhlóid), a scéal féin, leabhar ar cuireadh 200,000 cóip de i gcló anuraidh.

Is maith a baisteadh an leabhar. Mar is réabhlóid atá ar bun sa bhFrainc. Agus ach oiread le haon réabhlóid, beidh sí nimhneach, naimhdeach. Tá deireadh leis an gCúigiú Poblacht, poblacht a bunaíodh i 1958, agus poblacht ar cuireadh múnla sainiúil uirthi i reifreann na bliana 1962 faoi Charles de Gaulle nuair a leagadh síos an córas atá i bhfeidhm fós leis an uachtarán a thoghadh. Deireadh le hAontas na hEorpa, deireadh leis an gcúigiú poblacht? Ní haon áibhéil a leithéid a cheapadh. Seo a leanas tuilleadh fíricí.

Den chéad uair riamh i stair na poblachta, an té atá ina uachtarán reatha, níl sé ina iarrthóir sa toghchán. Ní miste sin ann féin, b’fhéidir. Ach d’fhág François Hollande an cinneadh sin ar an méar fhada. Is praiseach a bhí i bpróiseas ceaptha iarrthóir an Pháirtí Shóisialaigh, agus tá an t-iarrthóir sin, An tUasal Benoît Hamon, chun deiridh go mór anois. Ó tharla iarrthóir Les Républicains, An tUasal François Fillon, iarPhríomh-Aire ar an tír, ag fanacht le gairm chun cúirte, agus é náirithe os comhair na tíre dá réir, tá sé beagnach cinnte nach duine ó cheachtar den dá phríomhpháirtí a thoghfar ar an 7 Bealtaine. Tête à tête idir fear gan pháirtí agus bean gan scrupall.

Más fear gan pháirtí atá in Emmanuel Macron, ní fear gan phobal é. Is daonlathach sóisialach é ar an déanamh traidisiúnta. Maidir le Marine Le Pen, is milleán agus masla a chleachtann sí, ach oiread le Donald Trump, Viktor Orban, Vladimir Putin agus Nigel Farage, agus is milleán agus masla a leanfas í, más istigh nó amuigh a bheas sí.

Má tá todhchaí na hEorpa idir dhá cheann na meá, tá todhchaí na hÉireann sa gcás céanna. Bítear ag clamhsán faoi ghnéithe den Aontas, ach má dhúntar margadh na Breataine agus margadh na Fraince agus margadh Mheiriceá orainn, is ag caoineadh na ré órga a bheifear arís. Is é an 7 Bealtaine lá na cinniúna.

Fág freagra ar 'Tête à tête sa Fhrainc idir fear gan pháirtí agus bean gan scrupall'

  • Fearn

    Alt úsáideach!

    Ach cogar, tête à tête? Deir de Bhaldraithe liom gur “comhrá beirte, séis chomhrá”é seo, nó deir an Fhraincis :” dialogue, conversation, entretien, conciliabule, causerie, colloque, conférence, entrevue, interview ” Narbh fhearr “gráscar lámh” a rá?
    Más mian leat teanga nach Gaeilge , cad mar gheall ar “Zeitgeist” nó “Zugzwang”?

  • Pól Mac Uistin

    Cinnte, tar éis Trump, agus tar éis ach Brexit, is léir gur aois corraithe atá ann,
    agus drochscéala gan choinne i ndán dúinn, ach ná déanaimis scéal chailleach an uafáis de gach aon rud
    Mise i mo chónaí anseo sa Fhrainc le 30 bliain anuas. Mura miste, cúpla pointe:
    – In aon phobalbhreith go dtí seo, ní bhfuair Marine Le Pen níos mó ná 27%, sin an méid a fuair sna toghcháin réigiúnacha 2015
    – Má tá sí sa chéad áit , an chúis is ea an vóta atá scoilte idir an dá iarrthóir ar chlé ( Melenchon / Hamon) agus an dá cheann ar lár agus dheis ón lár ( Macron/Fillon). Seo é an chéad toghchán riamh anseo a bhfuil 5 iarrthóir ann le breis is 10% gach duinne acu sna pobalbhreitheanna
    – Fiú amháin, dá mbeadh an bua ag Le Pen, is beag an seans go mbeadh sé ann rialtas a chruthú. Tar éis an 7 Bealtaine beidh an toghán don Assemblé Nationale . Córas vótála faoi leith atá ann anseo, córas ar dhá bhabhta. Múna bhfaigheann aon iarrthóir níos mó na 50% sa chéad bhabhta, téann an dá iarrthóir is mó vóta i gcoinne a chéile sa dara babhta. Agus seanchleachtadh atá ag na Francaigh ar vótáil thaicticiúil , nó an “pacte répuplicain” mar a thugtar air. Mar sin, sna toghcháin réigiúnacha 2015 d’éirigh leis an Front National de Le Pen an vóta is airde a fháil sa chéad bhabhta , gan smacht a fháil , faoi dheireadh, ar aon cheann de na 15 réigiún atá ann.
    – dar liom , an rud is suntasaí sa toghchán seo ná go bhfuil seans maith ann anois go mbeidh an bua ag iarrthóir den lár (Macron), rud nach bhfacthas roimhe anseo

  • Feardorcha

    N’fheadar an bhféadfaí “bréagnuacht” a thabhairt ar an alt áirithe seo?