‘Teorainn ar muir’ idir Éirinn agus Sasana, an socrú is ciallmhaire i ndiaidh an Bhreatimeachta?

Cibé bealach a dhéanfaimid é caithfidh muid gníomhú ar ár son féin maidir le Breatimeacht

‘Teorainn ar muir’ idir Éirinn agus Sasana, an socrú is ciallmhaire i ndiaidh an Bhreatimeachta?

Enda Kenny le Theresa May. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá mearbhall fós ar an rialtas i dtaobh an Bhreatimeachta agus seasamh na hÉireann maidir lena caidreamh leis an Aontas Eorpach agus leis an mBreatain ina dhiaidh.

Cé gur léir gur chóir don rialtas idirbhbheartaíocht dhíreach a dhéanamh leis an dá dhream, tá siad ag diúltú dá leithéid de chur chuige ar an ábhar go mbainfeadh sé dár stádas mar Eorpaigh dhílse.

Mar a tharlaíonn tá díospóireacht ar siúl ar fud na hEorpa faoi thodhchaí an Aontais – sin má tá aon rath i ndán dó. Ach ní raibh plé dá laghad in Éirinn, ag polaiteoirí ná ag na meáin chumarsáide, faoin bplépháipear faoi thodhchaí an Aontais a d’fhoilsigh Uachtarán an Choimisiúin, Jean Claude Juncker, is a pléadh den chéad uair sa Róimh an deireadh seachtaine seo caite.

Mar is iondúil do lucht ceannais na tíre seo, tá siad ag feitheamh, is cosúil, ar na daoine mór le rá san Eoraip le cinneadh a dhéanamh.  Glacfaidh muide le cibé rud a shocraíonn siad.

Mar sin féin, de réir a chéile, tá daoine ag teacht ar thuiscint ar na deacrachtaí a bhainfeadh le teorainn chrua ar an oileán seo. Is é an rud is spéisiúla, áfach, ná na daoine mór le rá i Sasana ag tabhairt aird ar an scéal.

Tamaillín ó shin dúirt Vince Cable, duine sinsearach sna Liobrálaigh Dhaonlathacha – páirtí, dála an scéil, atá go láidir ar son an Aontais Eorpaigh – nach féidir teorainn chinnte a chruthú in Éirinn idir tuaisceart agus deisceart agus mar sin gurb é an t-aon pholasaí ciallmhar ná Éire Aontaithe a thabhairt isteach.

B’fhéidir nach bhfuil an oiread sin tábhachta ag baint leis na Liobrálaigh Dhaonlathacha, ach bhí macalla ar a chuid cainte i gcaint Mervyn King, iarghobharnóir Bhanc Shasana agus duine de na daoine is mó a bhfuil meas air agus tionchar aige ar dhearcadh lucht rialaithe Shasana.

Dúirt King go bhféadfaí an teorainn chánach agus táillí a bhogadh ón teorainn in Éirinn go agus teorainn ar muir.  Níor ghá aon athrú a dhéanamh ar na socruithe polaitiúla reatha dá mbeadh an dá rialtas sásta comhoibriú lena chéile sa chás seo.

Agus dúirt sé freisin nach gá go mbeadh an córas céanna cánach ag na Sé Chontae agus an Bhreatain.

Is ionann sin ar ndóigh agus moladh na Sé Chontae a cheangal níos dlúithe leis an Deisceart ná leis an mBreatain ó thaobh na heacnamaíochta de.

Cinnte tá tráchtairí Éireannacha ann atá ar an bport céanna.  Mar shampla, bhí alt le James Anderson, ollamh le Tíreolaíocht in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, san Irish Times inar moladh an rud céanna.

Ach tá níos mó tábhachta leis an moladh nuair a thagann sé ó dhaoine a bhfuil cumhacht acu i Sasana féin mar is thall, cheapfá, a bheadh an deacracht.

Is cinnte nach dtaitneodh réiteach ar bith den chineál seo le polaiteóirí aontachtacha, ach tá Cable agus King ag trácht ar leas na Breataine agus níl mianta na nAontachtóirí ar aon chéim le leas na Breataine i Sasana féin.

Is íorónta gurb iad na daoine in Éirinn a labhair amach i bhfabhar an Bhreatimeachta atá ag maíomh anois nach mbeadh an díospóireacht seo ar siúl ar chor ar bith dá cheal!

Tá bac mór ann i gcónaí, ámh. Cén dearcadh a bheadh ag na 26 ballstát den Aontas i dtaobh socrú den chineál seo? Ní léir go bhfuil na féadearthachtaí seo pléite ar chor ar bith lenár ‘bpáirtnéirí’ san Eoraip.

Agus má tá a leithéid le cur os a gcomhair, ba  chiallmhar an mhaise dúinn na mionsocruithe a oibriú amach leis na Sasanaigh roimh ré lena chinntiú go mbeadh muid ar fad ar an bport céanna.

Sea, tá muid ag pointe cinniúnach agus má tá leas na hÉireann le cur chun tosaigh níl aon dul as ach a bheith ag brath ar fhoireann na hÉireann (más féidir an feidhmeannas a chur ag feidhmiú arís ó thuaidh) nó ar rialtas na hÉireann féin. 

Ní féidir cloí le seantéarmaí na díospóireachta nuair atá chuile rud i mbaol a athraithe.  Agus tá sé sin fíor, ní hamháin chomh fada is a bhaineann le deighilt na hÉireann, ach maidir leis an díospóireacht faoi thodhchaí an Aontais.

Cén cineál Aontais ar mhaith linn a fheiceáil má tá Aontas ar bith le bheith ann?

Ar ndóigh, d’fhéadfadh muid a aithint nach chun ár leasa a thuilleadh é fanacht san Aontas Eorpach agus sampla na Breataine a leanacht ar mhaithe lenár dtrádáil le Sasana agus an caidreamh thuaidh-theas a chosaint.

Ach cibé bealach a théann muid caithfidh muid gníomhú ar ár son féin, nó is measa an toradh dúinn.