Teipthe ar dhúshlán cúirte Fhóram Chonamara maidir le SICAP

Mhaígh Fóram Chonamara gur cás ar leith iad toisc an Ghaeilge a bheith ina teanga pobail sa cheantar lena mbíonn siad ag plé agus go raibh locht ar an gcinneadh go mbronnfaí conradh reáchtála an chláir ar chomhlacht forbartha amháin

Teipthe ar dhúshlán cúirte Fhóram Chonamara maidir le SICAP

Theip inniu ar dhúshlán dlí eagraíocht phobail as Conamara maidir le cinneadh gur aon eagraíocht amháin a bheadh freagrach as an gClár SICAP (An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail) do chontae na Gaillimhe.

Mhaígh Fóram Chonamara go raibh locht ar an gcinneadh a rinne Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chomhairle Chontae na Gaillimhe in 2014 go mbronnfaí an conradh do reáchtáil an chláir forbartha ar chomhlacht forbartha amháin in oirthear an chontae.

Roimhe seo bhíodh níos mó ná dream amháin sa Ghaillimh i mbun an chláir Leader, mar a thugtaí air, agus mhaígh Fóram Chonamara go raibh lochtanna bunúsacha ar chinneadh Choiste Forbartha Pobail Áitiúil na Comhairle.

Bhí Fóram Chonamara ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an cinneadh, a cuireadh in iúl dóibh i scríbhinn i Márta 2015, nach mbeadh aon chonradh acu chun airgead an chláir a roinnt ar sheirbhísí pobail.

Tá an Fóram ag cur seirbhísí forbartha ar fáil d’iarthar na Gaillimhe agus d’oileáin Árann ó 1990 agus áitíonn lucht an Fhóraim gur cás ar leith iad toisc an Ghaeilge a bheith ina teanga pobail sa cheantar lena mbíonn siad ag plé.

Ina bhreithiúnas scríofa inniu, áfach, dúirt an Breitheamh John Hedigan nach raibh aon rud ‘mícheart’ faoi chinneadh Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Níor ghlac an Breitheamh leis ach an oiread nár thug an Coiste Forbartha dóthain cúiseanna lena chinneadh.

Dúirt an Breitheamh gur a mhalairt a bhí fíor agus gur thug an Coiste Forbartha “breis agus a dhóthain” cúiseanna.

Dúirt sé nach raibh aon easpa “comhréireachta” i gceist le cinneadh an Choiste agus gur tugadh “cothrom na Féinne do chách” sa phróiseas tairisceana.

B’ait leis an bhFóram go ndearnadh réimse amháin de Chontae na Gaillimhe ar fad d’ainneoin seacht réimse a bheith déanta de Chontae Chorcaí agus trí cinn de Mhaigh Eo.

Agus a bhreithiúnas tugtha aige, chuir an Breitheamh Hedigan an cás ar atráth go dtí tús Dheireadh