Teipthe ar chóras na scéimeanna teanga agus é ag baint de chaighdeán seirbhísí Gaeilge an Stáit– An Coimisinéir Teanga

Léiríonn taighde nua ó Oifig an Choimisinéara Teanga gur ligthe in aimhréidh atá an córas atá in ainm is a chinntiú nach mbíonn gá ag lucht labhartha na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát

Teipthe ar chóras na scéimeanna teanga agus é ag baint de chaighdeán seirbhísí Gaeilge an Stáit– An Coimisinéir Teanga

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Tá an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc” dar leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Léiríonn tuarascáil speisialta ar fheidhmiú chóras na scéimeanna teanga faoin Acht Teanga gur minic a dhéanann an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas a bheith ag cur leo.

De réir na tuarascála, rinneadh “cúlú” nó maolú ar ghealltanais in 52% den dara agus den tríú scéim teanga a aontaíodh le comhlachtaí poiblí in 2015 agus in 2016.

Ag tagairt don tuarascáil taighde nua, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill:

“Is léir ón anailís seo go bhfuil teipthe ar chóras na scéimeanna teanga an cuspóir atá luaite leis a bhaint amach. Ní bhainfear an cuspóir amach, is é sin seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, gan córas nua a bhunú.

“Tá moltaí déanta agam sa tráchtaireacht seo maidir le malairt cur chuige a chuirfeadh go mór le héifeacht na reachtaíochta. Tá súil agam go dtabharfar aird orthu.”

Léiríonn an taighde nua ó Oifig an Choimisinéara gur ligthe in aimhréidh atá an córas atá in ainm is a chinntiú nach mbíonn gá ag lucht labhartha na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla agus iad i mbun gnó leis an Stát.

Deir an Coimisinéir gurb í “an laige is suntasaí” ar an gcóras ná go mbíonn scéimeanna ag comhlachtaí poiblí “nach bhfuil ag comhlíonadh in aon slí shásúil (nó ar chor ar bith, scaití)” na dualgais teanga atá leagtha síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Ar an iomlán, is deacair dom a shamhlú gur féidir muinín a chothú in athuair i gcóras na scéimeanna teanga,” a deir an Coimisinéir.

Deir Ó Domhnaill gurb í a “thuairim mheáite” nach bhfuil “an próiseas reachtúil oiriúnach dá fheidhm” ná “i gcomhréir” le cuspóir na reachtaíochta teanga.

13 bliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an chórais, níl aon scéim teanga aontaithe i gcás timpeall dhá thrian de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta agus níor iarradh go fóill fiú amháin ar os cionn leath de na comhlachtaí sin scéim a ullmhú.

Tá ar a laghad 398 comhlacht poiblí ann a thagann faoi scáth an Achta.

Ag deireadh na bliana 2016, bhí 116 scéim teanga i bhfeidhm i 130 comhlacht poiblí agus bhí 55 scéim acu sin imithe in éag. Bhí sé cinn de na scéimeanna sin imithe in éag le hos cionn seacht mbliana.

Bhí 60 comhlacht poiblí eile ann ar iarradh orthu a gcéad scéim teanga a ullmhú ach nach bhfuil a leithéid déanta go fóill acu. I gcás seacht gcinn de na comhlachtaí poiblí sin iarradh orthu scéim teanga a ullmhú naoi mbliana ó shin nó níos mó.

Aontaíodh 20 scéim teanga, ar an meán, in aghaidh na bliana le dhá bhliain anuas agus, de réir anailís an Choimisinéara, nuair a thógtar san áireamh na hiarratais ar fad ar scéimeanna, idir chéad scéimeanna, dara scéimeanna agus tríú scéimeanna, thógfadh sé os cionn sé bliana “breith suas ar na hiarratais sin amháin atá ag seasamh amach ag deireadh na bliana 2016”.

De réir na tuarascála nua bíonn, ar an meán, tréimhse trí bliana go leith i gceist ón uair a iarrtar ar chomhlacht poiblí a gcéad scéim teanga a ullmhú agus an uair a mbíonn an scéim sin daingnithe.

Tréimhse ceithre bliana, ar an meán, a bhíonn i gceist i gcás an dara scéim teanga.

In ainneoin na moilleadóireachta seo, in imeacht na 13 bliana ó tháinig an córas isteach, níor thuairiscigh aon Aire Gaeltachta aon chomhlacht poiblí chuig Tithe an Oireachtais as diúltú scéim teanga a ullmhú nó a chomhaontú.

Léiríonn an taighde nua chomh maith go ndéantar maolú seachas láidriú ar na gealltanais a dhéanann comhlachtaí poiblí i dtaobh seirbhísí Gaeilge de réir mar a aontaítear an dara agus an tríú scéim teanga leo.

As na 23 dara nó tríú scéim teanga a aontaíodh le linn na mblianta sinn, ní raibh aon “dul chun cinn suntasach” in aon “réimse gealltanas” i gceist ach i gcás 17% díobh.

Dealraíonn sé chomh maith go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tabhairt neamhaird ar imscrúduithe de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga. Nuair a chinn an Coimisinéir go raibh sárú ar ghealltanais ar a scéimeanna teanga á dhéanamh ag comhlachtaí poiblí, maolaíodh nó cuireadh ar leataobh ar fad na gealltanais a bhí i gceist i gcás 64% de na chéad scéimeanna teanga eile a aontaíodh leis na comhlachtaí poiblí a ndearnadh imscrúdú orthu.

“Sna cásanna ina ndéanann an Coimisinéir Teanga fionnachtain in imscrúdú reachtúil nach bhfuil gealltanas scéime á chomhlíonadh, is í an fhreagairt is coitianta ná cúlú a dhéanamh ar an ngealltanas ábhartha nó é a tharraingt siar,” a deirtear i dtuarascáil an Choimisinéara.  

I gcás amháin, Comhairle Contae na hIarmhí, athraíodh gealltanas ar chuir an Coimisinéir tuairisc ina leith faoi bhráid Thithe an Oireachtais i ndiaidh dó imscrúdú a dhéanamh.

Maireann scéim teanga a cheadaítear faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar feadh trí bliana agus faoi dheireadh na tréimhse sin, iarrtar ar an gcomhlacht poiblí atá i gceist scéim nua a ullmhú. Is é cuspóir na reachtaíochta ná go gcuirfí le líon na seirbhísí Gaeilge atá á gcur ar fáil le gach scéim nua a dhaingnítear agus go ndéanfaí na seirbhísí sin a fheabhsú i ngach scéim.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga, áfach, gur a mhalairt atá ag tarlú.

“Is minic gur mó de mhianaidhmeanna seachas tiomantais shoiléire a bhíonn i gceist agus go scríobhtar gealltanais i slite a sheachnaíonn aon dliteanas ar an eagraíocht má theipeann uirthi na seirbhísí sin a chur ar fáil.

“Cuireann sé an-imní orm go gceadaíonn córas na scéimeanna teanga go maolófaí nó go gcúlófaí ó ghealltanais a bhí tugtha ag comhlachtaí poiblí ina scéim teanga, tráth a n-aontaíonn siad a gcéad scéim teanga eile. Ar an mbealach seo is féidir leis an gcomhlacht poiblí laghdú a dhéanamh ar an dualgas reachtúil a bhí orthu seirbhís áirithe a chur ar fáil i nGaeilge. Téann an méid sin in aghaidh spiorad agus cuspóir an Achta.” 


Príomh-Mholtaí Thráchtaireacht an Choimisinéara


  • Polasaí nua earcaíochta a thabhairt isteach a dhéanfadh athchothromú ar líon na bhfostaithe stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a dheimhneodh go bhfuil íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal.
  • Plean cuimsitheach a thabhairt isteach do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, plean a d’ullmhódh saineolaithe teanga agus saineolaithe sa riarachán poiblí
  • Sonrú a dhéanamh ar na seirbhísí stáit a chuirfear ar fáil i nGaeilge, na slite a gcuirfear ar fáil na seirbhísí sin agus na hacmhainní a theastóidh
  • Nasc a chruthú idir an phleanáil teanga agus cearta teanga trí fhoráil a chur sa reachtaíocht a chinnteoidh go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit a bhíonn lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag obair inti go rialta
  • Laghdú a dhéanamh ar réimse feidhme na scéimeanna teanga, de réir a chéile, trí níos mó seirbhísí a rialú faoi chóras rialachán. Ba é an toradh a bheadh air sin sa deireadh, a deirtear, ná caighdeáin chomónta seirbhíse a laghdódh “an t-ualach riaracháin” a bhaineann le haontú scéimeanna teanga aonaracha
  • Rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí, bunaithe ar a dtábhacht agus ar an gcaidreamh atá acu leis an bpobal i gcoitinne, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh, agus na caighdeáin is airde ó thaobh seirbhísí Gaeilge a éileamh ó na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal
  • Comhlachtaí poiblí a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch seachas a bheith ag brath ar uasdátú an sceidil faoi mar atá faoi láthair

Scéal theip na scéimeanna teanga


 

Fág freagra ar 'Teipthe ar chóras na scéimeanna teanga agus é ag baint de chaighdeán seirbhísí Gaeilge an Stáit– An Coimisinéir Teanga'