Teipthe ar achomharc Uí Ghribín agus a chás á chur faoi bhráid an Ombudsman aige

Dúradh leis an Uas Ó Gribín gur sheas an Coiste Achomhairc le cinneadh an bhoird é a chur ar fionraí mí Iúil seo caite

Teipthe ar achomharc Uí Ghribín agus a chás á chur faoi bhráid an Ombudsman aige

Tá teipthe ar achomharc a rinne iarchomhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge, Éamonn Ó Gribín, maidir le tréimhse fionraíochta a gearradh air agus moladh a deineadh é a bhriseadh óna chúram ar Bhord an Fhorais.  Ach tá sé i gceist ag Ó Gribín a chás a chur faoi bhráid an Ombudsman anois.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl don Uas Ó Gribín gur sheas an Coiste Achomhairc le cinneadh an bhoird é a chur ar fionraí mí Iúil seo caite de bharr líomhaintí tromchúiseacha a cuireadh ina leith. Mhol an Foras ina dhiaidh sin don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas gur cheart é a bhriseadh óna chúram tar éis dóibh tuairisc 90 leathanach a fháil ón abhcóide Cathal Ó Braonáin a d’fhostaigh siad leis an chás a iniúchadh. Ba é an líomhain ba mhó a cuireadh in éadan Uí Ghribín sa tuarascáil sin ná go ndearna sé tagairt “mí-oiriúnach” do dhathúlacht ball foirne de chuid na heagraíochta, Gaelscoileanna.

Tá an líomháin sin séanta go láidir ag Ó Gribín, ach theip ar an achomharc a rinne sé. I mbreithiúnas atá feicthe ag Tuairisc.ie, d’aontaigh an Coiste Achomhairc le cinneadh an bhoird agus leis an phionós a gearradh air:  “Glactar leis gur gearán tromchúiseach a bhí i gceist mar gur scríobh ceannasaí eagraíocht náisiúnta chuig Foras na Gaeilge mar gheall ar an iompar a bhí mar ábhar an ghearáin. Mar thoradh ar phróiseas dian fiosrúcháin, cuireadh fianaise láidir os comhair an Choiste Osradhairc ar a raibh a moladh do bhord Fhoras na Gaeilge bunaithe.”

Deirtear i dtuairisc an Choiste Achomhairc go bhfuiltear sásta gur cloíodh le próisis chuí nuair a fiosraíodh an gearán ar dtús agus gur tugadh deis do na páirtithe aon cheist faoi nósanna imeachta an fhiosrúcháin a ardú roimhré. Deirtear fosta nár iarr aon pháirtí go n-athrófaí aon chuid d’aon nós imeachta nuair a tugadh an deis sin dóibh.

Deirtear gur tugadh deis do na páirtithe éagsúla tuairimí a nochtadh nó aighneachtaí a chur ar fáil faoin mhéid a bhí i dTuarascáil Uí Bhraonáin.

Ní bhfuarthas aon aighneacht, áfach. Deir an Coiste go ndearna siad staidéar ar théarmaí tagartha an fhiosrúcháin. (Níl na téarmaí tagartha sin luaite in áit ar bith i dtuarascáil Uí Bhraonáin). Rinne an Coiste staidéar fosta ar an tuairisc féin agus ar chomhfhreagras idir Éamonn Ó Gribín agus Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideacha an Fhorais, Shane Ó hEidhin.

Tá  gearán foirmeálta déanta ag Ó Gribín leis an Choimisinéir Teanga toisc go bhfuil Foras na Gaeilge ag tabhairt freagraí i nGaeilge ar cheisteanna atá á gcur aige orthu i mBéarla. Rinne an Coiste Achomhairc tagairt de sin ina dtuairisc ach níor phléigh siad é de bharr go bhfuil an gearán sin á bhreithniú ag an Choimisinéir faoi láthair. Tháinig deireadh le tréimhse Uí Ghribín ar Bhord an Fhorais ar an 12 Nollaig.

Thug sé le fios do Nuacht TG4 inniu go bhfuil sé i gceist aige an cás uilig a chur faoi bhráid an Ombudsman. Ní raibh urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge ar fáil inniu le ceisteanna a fhreagairt faoin scéal.

Fág freagra ar 'Teipthe ar achomharc Uí Ghribín agus a chás á chur faoi bhráid an Ombudsman aige'