‘Teipfidh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta’ — Ollamh

Dúirt an tOllamh Emeritus Dónall Ó Baoill 'nach fiú' an phleanáil teanga 'mura mbíonn an costas, tacaíocht agus na hacmhainní cearta ar fáil ag gach leibhéal'

‘Teipfidh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta’ — Ollamh

Teipfidh ar na pleananna teanga a seoladh i nGaeltacht Thír Chonaill aréir, cheal maoinithe agus ceannaireachta, dar leis an ollamh emeritus Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair.

Agus é faoi agallamh ar Nuacht TG4 aréir, dúirt Ó Baoill “nach fiú an plean mura mbíonn an costas, tacaíocht agus na hacmhainní cearta ar fáil ag gach leibhéal”.

“Tá go leor tagairtí i ngach plean do ghnéithe éagsúla den obair atá le déanamh ag na pobail sin. Má tá siad chun airgead chomh suarach le céad míle a thabhairt dúinn, b’fhéidir go measfadh duine éigin eile gur airgead mór é, ní fhéadfadh tú mórán daoine a chur ag obair leis sin, agus mar sin titfidh cuid mhaith den obair bhreá a rinne muid, agus ní rachaidh sé chun cinn mar ba cheart dó,” a dúirt Ó Baoill.

Thug sé le fios gur tháinig scéal ó Roinn na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin gur mhaith le hoifigigh na Roinne casadh leis an ngrúpa pleanála teanga i nGaoth Dobhair ach “gur léir an uair sin nach raibh siad in ann a rá an raibh [an plean] ceadaithe nó nach raibh”.

“Níl aon cheannasaíocht ná eolas ann, níl duine ar bith cinnte go bhfuil oifigigh ag gach uile leibhéal ag déanamh na hoibre atá riachtanach lena chinntiú go bhféadfadh muid na pleananna seo atá riachtanach a chur ag obair, agus an rud a iarradh orainn sa chéad áit a bhaint amach, a bhaint amach,” a dúirt sé.

Tá ráite cheana féin ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige gur “údar díomá agus míshástachta” é nach mbeidh ach fostaí amháin leis an bplean a chur i gcrích mar gur “léir ón obair ar fad” go dteastaíonn beirt eile, Oifigeach Óige agus Oifigeach Oideachais, leis an bplean mar a réitíodh é a chur i bhfeidhm.

Chuir Údarás na Gaeltachta “fáilte mhór” roimh sheoladh na gcéad phleananna teanga faoin bpróiseas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. I ráiteas a d’eisigh an eagraíocht tráthnóna dúradh gur “céim shuntasach eile í seo atá á tógáil sa bpróiseas pleanála teanga”.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord an Údaráis go raibh sí sásta go raibh dóthain maoiniú ar fáil chun tús maith a chur leis an obair a bhaineann leis an pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Suas le €100,000 a fógraíodh don chéad bhliain d’fheidhmiú gach plean teanga.

Maítear go gcosnódh sé thart ar €250,000 in aghaidh na bliana na moltaí atá i bplean Chois Fharraige a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar '‘Teipfidh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta’ — Ollamh'

  • Mánus

    “Suas le €100,000 a fógraíodh don chéad bhliain d’fheidhmiú gach plean teanga.” Ag magadh faoi na coistí deonacha atá an Státchóras agus rialtas FFFG.