Teipeann ar an Eoraip teacht ar aontú sa Bhratasláiv

Ach céard atá le rá ag rialtas na hÉireann faoi na roghanna seo? Tada. Níl muid le seasamh ar bith a thógáil, is cosúil, agus muid ag súil go dtiocfaidh na Gearmánaigh ar réiteach sa deireadh a bheidh fabhrach dúinn!

Teipeann ar an Eoraip teacht ar aontú sa Bhratasláiv

Ag an gcruinniú mullaigh sa Bhratasláiv ag an deireadh seachtaine, theip ar Aontas na hEorpa teacht ar thuiscint choiteann faoina bhfuil i ndán don Aontas tar éis imeacht na Breataine.

Sna laethanta díreach i ndiaidh an Reifrinn, chualathas caint láidir dhána faoin scéal. go háirithe ón bhFrainc, agus cheap an Coimisiún namhaid aitheanta na Breataine, Michel Barnier, le bheith i gceannas ar an idirbheartaíocht le Sasana thar ceann an Coimisiúin.

Bhí uachtarán na Fraince, Francois Hollande, ar bís le cur in iúl don Bhreatain nach mbeadh aon choinníollacha fabhracha ar fáil ón Aontas – mar phionós, ba chosúil, ar ghníomh dána Shasana.

Ar ndóigh, bhí súil ag Hollande ar thoghchán na Fraince san athbhliain nuair a bheidh sé go mór faoi bhrú ó Marine Le Pen agus an Front National a mholann don Fhrainc sampla na Breataine a leanúint agus imeacht as an Aontas chomh maith.

Tá Hollande i gcónaí ag iarraidh a chruthú do mhuintir na Fraince nach chun leasa aon tír eile a bheadh sé aithris a dhéanamh ar na Sasanaigh (agus deirim Sasanaigh toisc go bhfuil éiginnteacht ann i gcónaí faoi dhearcadh na nAlbanach faoin scéal agus toisc go bhfuil cás thuaisceart na tíre seo casta mar gheall ar fhadhb na críochdheighilte).

Tá sé riachtanach don straitéis seo go dtosódh an idirbheartaíocht go luath, ach tuigeann na Sasanaigh an méid sin agus, in ainneoin a raibh le rá ag Donald Tusk, uachtarán Chomhairle na hEorpa, ag an deireadh seachtaine, is ar éigean go gcuirfidh na Sasanaigh tús leis an bpróiseas faoi alt 50 go dtí go mbeidh toghchán na Fraince thart.

Bhí sé i gceist, mar sin féin, go gcabhródh an cruinniú mullaigh sa Bhratasláiv le plean aontaithe a leagan amach, ach a mhalairt ar fad a tharla.

Tá laghdaithe anois, ar ndóigh, ar an gcaint dhána, mar is léir go mba mhaith leis an nGearmáin socrú réasúnta a dhéanamh leis an mBreatain (mar gheall ar thábhacht na trádála leo).

Tá go maith, ach d’admhaigh Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, go bhfuil ‘géarchéim eisiach’ ann i gcás an Aontais féin mar gheall ar na difríochtaí móra idir dearcthaí dreamanna éagsúla.

Tá bloc Visehrad (An Pholainn, an tSeic, an tSlóvaic agus an Ungáir) ag iarraidh an deis a thapú anois le hathchóiriú a dhéanamh ar an Aontas sa gcaoi nach mbeidh an Coimisiún nó an Chomhairle in ann cinntí a thógáil faoi aon rud eile seachas cúrsaí eacnamaíochta is trádála.

Míshástacht faoi chúrsaí imirce agus géarchéim na dteifeach is mó a luaitear sa gcomhthéacs seo, ach ní fórsaí den eite dheis amháin atá ag iarraidh athchóiriú den chineál seo.

Cé gur ceap magaidh cuid mhór é Alexis Tsipras na Gréige – fear a labhair amach go láidir ach a ghéill go ciúin – tá an port céanna á sheinm aige maidir le hathchóiriú. Thug sé ionadaithe ón Iodáil, ón bhFrainc agus ón Spáinn le chéile ag mionchruinniú dá gcuid féin roimh chruinniú na Bratasláive le hAontas sóisialta a phlé.

Dhá dhearcadh go bunúsach atá i gceist i dtaobh thodhchaí an Aontais. Ar thaobh amháin tá lucht tacaíochta díograiseach fhiontar na hEorpa, a bhformhór acu sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, atá ag iarraidh ollstát a dhéanamh den Aontas, agus, ar an taobh eile den scéal, tá lucht ceannais na mballstát atá glan in éadan a leithéid.

Theip glan ar lucht an Aontais seasamh gualainn ar ghualainn sa Bhratasláiv faoi na nithe seo.

Níor éirigh leo aontú faoi mhórán seachas caint leibideach Donald Tusk faoi chúrsaí slándála (faitíos gan bhunús i gcoinne na Rúise den chuid is mó). Bhí aontas áirithe ann freisin faoi dhearcadh ‘daonna’ a léiriú i gcás ghéarchéim na dteifeach agus faoin tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir na ballstáit.

Níor luaigh Tusk, nó aon urlabhraí eile, na polasaithe déine is cúis cuid mhór leis an míshástacht i measc an phobail ar fud na hEorpa faoin Aontas ná níor pléadh aisling sheachmallach Tsipras faoi Aontas ‘sóisialta’ a chruthú.

Is léir anois freisin, ámh, nach leor éirí as an gcaint bhagrach i gcoinne na Breataine mar a bhí ar siúl ag na Francaigh. Tá an bloc Visehrad chomh láidir céanna i gcoinne aon socrú a thabharfadh cead isteach don Bhreatain sa mhargadh gan saorthaisteal isteach chun na Breataine a chinntiú dá gcuid saoránach.

Ach céard atá le rá ag rialtas na hÉireann faoi na roghanna seo? Tada.  Níl muid le seasamh ar bith a thógáil, is cosúil, agus muid ag súil go dtiocfaidh na Gearmánaigh ar réiteach sa deireadh a bheidh fabhrach dúinn!

Agus níos measa fós, níl tuairisciú ceart á dhéanamh ar na scéalta, beag ná mór.  Is ar éigean gur chuala móramh dínn faoin mbloc Visehrad mar shampla; agus is ar éigean go bhfuil aon anailís ar chruinniú na Bratasláive le fáil ach preasráiteas folamh na Comhairle, agus tráchtairí (ar nós Suzanne Lynch san Irish Times) ag tabhairt ‘tuairisc’ nach bpléann na himeachtaí tábhachtacha seo ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Teipeann ar an Eoraip teacht ar aontú sa Bhratasláiv'