‘Teip’ tugtha do chainteoir dúchais Béarla as Éirinn i scrúdú béil do víosa Astrálach

Theip ar Lucy Kennedy sa scrúdú béil in ainneoin dhá chéim ollscoile a bheith bainte amach aici trí mheán an Bhéarla

‘Teip’ tugtha do chainteoir dúchais Béarla as Éirinn i scrúdú béil do víosa Astrálach

Theip ar chainteoir dúchais Béarla as Éirinn ina hiarratas ar víosa oibre san Astráil mar gheall nach raibh sí ‘líofa’ a dóthain, de réir scrúdú a cuireadh uirthi.

Rugadh Lucy Kennedy in Éirinn agus is é an Béarla a teanga dhúchais, ach diúltaíodh d’iarratas an tréidlia ar víosa nuair a theip uirthi sa Pearson Test of English Academic – scrúdú Béarla a chuirtear ar inimircigh san Astráil.

Tá dhá chéim ollscoile bainte amach ag Kennedy trí mheán an Bhéarla agus tá sí ag obair le dhá bhliain anuas san Astráil ar víosa eile. Chinn sí víosa fadtéarmach a lorg i mbliana agus is mar chuid den phróiseas iarratais ar an víosa sin a cuireadh an scrúdú Béarla uirthi.

Theip uirthi sa scrúdú béil.

“Ba é an t-aon scrúdú a rinne mé riamh nach raibh mé neirbhíseach faoi agus mé ag dul isteach ann. Cúig lá ina dhiaidh sin cuireadh in iúl dom nach raibh mo líofacht cainte sách maith,” a dúirt sí leis an tseirbhís nuachta 3AW.

Theastaigh ar a laghad 79 pointe sa scrúdú béil le pas a fháil ann. Fuair Kennedy 74 pointe. Cé gur éirigh thar barr léi sad á chuid eile den scrúdú, an léamh agus an scríobh, níor leor na marcanna a fuair sí sa scrúdú béil le víosa a fháil.

Tá Kennedy ag súil le leanbh i gceann dhá mhí agus tá imní uirthi faoina bhfuil i ndán di anois. Dúirt sí go mbeadh uirthi víosa interim a fháil a fhad is a chuir sí isteach ar ‘víosa céile’ a ligfeadh di fanacht sa tír in éineacht lena fear céile.

Tá cúig chomhlacht ann a cuireann scrúduithe teanga ar iarrthóirí ar víosaí thar ceann rialtas na hAstráile. Tuairiscítear gurb é an scrúdú Pearson, an ceann a rinne Kennedy, an t-aon chomhlacht a úsáideann meaisín le measúnú a dhéanamh ar an scrúdú béil.

Mhaígh Kennedy go bhfuil an córas atá in úsáid ag an gcomhlacht lochtach más é an chaoi nach féidir le cainteoirí líofa dúchais dóthain pointí a bhaint amach le pas a fháil sa scrúdú Béarla. Tá séanta, áfach, ag Pearson go bhfuil locht ar bith ar a scrúdú ná ar a chóras marcála.

Bhí deacrachtaí ag altra Éireannach a chuaigh chun cónaithe san Astráil dhá bhliain ó shin post a fháil sa tír mar gheall ar chúrsaí teanga. Dúradh leis an altra, a fuair a cuid scolaíochta ar fad trí mheán na Gaeilge, go mbeadh uirthi cúrsa agus scrúdú Béarla a dhéanamh sula bhféadfadh sí dul ag obair ann.

De réir choinníollacha clárúcháin an Australian Health Practitioners Regulation Agency (AHPRA), teastaíonn fianaise ó altra eachtrannach go bhfuil cúig bliana oideachais trí Bhéarla faighte aige sula gcláraítear leis an nGníomhaireacht é.

Cainteoir dúchais Béarla ab ea an bhean óg a chuaigh trí chóras an tumoideachais in Éirinn. D’fhreastail sí ar bhunscoil agus meánscoil lánGhaeilge ach rinne sí Béarla mar ábhar Ardteiste. Ina dhiaidh sin, chaith sí ceithre bliana ar an ollscoil anseo agus bhain sí céim amach san altranas agus san eolaíocht trí mheán an Bhéarla.

Bhain an t-altra óg dioplóma amach i mBainistíocht na Seirbhísí Sláinte freisin a múineadh agus a tástáladh trí mheán an Bhéarla. Níor áiríodh an cúrsa dioplóma seo, áfach, mar gheall ar a laghad uaireanta an chloig a caitheadh ina bhun.

Ainneoin iarrachtaí na mná óige a chur ina luí ar an nGníomhaireacht gurb é an Béarla a teanga dhúchais, ní raibh an AHPRA sásta í a chlárú mar altra san Astráil gan an scrúdú costasach teanga a dhéanamh.

Tugadh geallúint an uair sin nach dtarlódh a leithéid arís san Astráil.