‘Teip’ is ea cur chuige Shinn Féin maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh – POBAL

Dúirt Stiúrthóir an bhrúghrúpa Janet Muller nach bhfuil aon amhras ar an eagraíocht faoi ‘dhea-thoil an Aire Cultúir agus Sinn Féin’ maidir leis an reachtaíocht ach gur ‘theip go hiomlán ar a gcur chuige i leith an Achta’

J Muller

Tá cainéadh láidir déanta ag an eagras Gaeilge POBAL ar an gcinneadh a glacadh i Stormont an tseachtain seo caite droim láimhe a thabhairt le Bille Gaeilge an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín.

Dúirt stiúrthóir POBAL, Janet Muller, gur ‘teip’ a bhí i gcur chuige na bpáirtithe náisiúnacha sa Tionól maidir le hAcht Teanga.

“Cé gur fhoilsigh an tAire moltaí níos mó ná bliain ó shin, bhí sé soiléir ón tús nach mbeadh feidhm leo gan chomhaontú ó na páirtithe eile. Dhiúltaigh na páirtithe aontachtacha glacadh leis an straitéis, fiú agus dualgas curtha orthu in Acht Chill Rímhinn 2006 straitéis a thabhairt isteach. 

“Is léir nach nglacann na haontachtaithe agus Páirtí na Comhghuaillíochta le cearta teanga ná le seirbhísí teanga do phobal na Gaeilge. Ní haon iontas sin, faraor, agus mar sin de, agus aimsir na dtoghchán ag déanamh orainn, caithfidh pobal na Gaeilge ceist a chur air féin arbh fhiú an Tionól dúinn go dtí seo, nuair nár oibrigh cur chuige na bpáirtithe náisiúnacha ar na ceisteanna is bunúsaí maidir le cearta teanga,” a dúirt stiúrthóir POBAL, Janet Muller.

Gheall Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn sa bhliain 2006 go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge.

Dúirt Muller nach bhfuil aon amhras ar a heagraíocht faoi “dhea-thoil an Aire Cultúir agus Sinn Féin” maidir leis an reachtaíocht ach gur “theip go hiomlán ar a gcur chuige i leith an Achta”.

Dúirt sí go gcaithfear anois brú a chur ar Westminster agus ar na hiarrthóirí a bheidh ag seasamh i dtoghchán Stormont i mí na Bealtaine reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

“Deich mbliana i ndiaidh ghealltanas Chill Rímhinn, níl muid pioc níos faide chun tosaigh,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Teip’ is ea cur chuige Shinn Féin maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh – POBAL'

  • Breathnóir

    Is dócha gurb í an fhírinne searbh go síleann an dá mhórpháirtí náisiúnach ó thuaidh nach bhfuil go leor vótaí le fáil ó chur chuige onnghníomhach agus deimhneach i leith na Gaeilge le go gcuirfidís an iomarca dua orthu féin maidir le hAcht na Gaeilge – cé gur acht é a theastaíonn go géar.