Teip: gearrscéal a scríobh ‘ar an láthair’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: seift scríbhneoireachta nár éirigh léi.

Teip: gearrscéal a scríobh ‘ar an láthair’

Is iomaí turas a chuireann scéal de i gcaitheamh a shaoil: ó aigne an scríbhneora go dtí an leathanach bán, ón ríomhaire go dtí an clódóir, ó shiopa leabhar go seastán leabhar.
Luíonn sé le réasún, mar sin, go rithfeadh sé le scríbhneoir go bhféadfaí tús a chur le turas scéil… le turas! Aistear a chuirfeadh duine de d’aon ghnó ar thóir scéil. (Ficsean atá i gceist agam seachas litríocht taistil, ar eagla na míthuisceana.)
Go teoiriciúil, d’fhéadfaí gearrscéal a scríobh – an chéad dréacht, i gcás ar bith – in achar lae nó dhó. An t-achar a chaithfeadh duine ar shaoire ghairid.
Seasamh d’eitleán, traein nó bád, cóipleabhar agus peann úrnua a cheannacht i siopa stáiseanóireachta agus caifé compordach a lorg. Peann a chur le páipéar agus ligint don chathair choimhthíoch dul i bhfeidhm ar an tsamhlaíocht. Filleadh abhaile agus an cóipleabhar lán. Gearrscéal nua sa mhála.
Nárbh iontach an rud é dá n-oibreodh sé?
Búdaipeist.
São Paulo.
Chicago.
Miami.
Maidrid.
Is fada le háireamh liosta na gcathracha ar thug mé cuairt orthu in imeacht na mblianta agus é ar intinn agam gearrscéal a scríobh go hiomlán ‘ar an láthair’. Ach go dtí seo theip ar chuile iarracht.
An fuacht agus deacracht teacht ar theach caife compordach (nár chuid d’impireacht chaife é) a bhí i mo choinne in Chicago. Faoin am ar shuigh mé síos sa West Town Bakery (NASC: http://westtownbakery.com) bhí drochghiúmar orm de bharr na coisíochta ar fad agus ní raibh spéis agam ach sna meallóga cáca ildaite a bhí ar díol ann. Rith sé liom go mbeadh ‘Meallóga Cáca’ iontach mealltach mar theideal, ach theip orm, dhá lá as a chéile, teacht aníos le gearrscéal a gcuirfinn an teideal sin air.
Cathair eile agus teach caife eile. In São Paulo, chuir Casa Mathilde (NASC: http://casamathilde.com.br/pt/galeria-de-imagens) scéal ó mhaith orm. Níorbh iad na pastéis de nata agus na milseáin eile ón bPortaingéil a bhí ar díol ann a bhí ag teacht idir mé agus mo chuid scríbhneoireachta ‘ar an láthair’, ach fear freastail mealltach a shleamhnaigh isteach sa scéal a bhí idir lámha agam agus a mhill é toisc nach raibh aon bhaint aige leis.
Miami an cás ab aistí ar fad agus mé do mo chur ó chaifé go caifé agus go deimhin ó chosán go cúinne sráide ag carachtar a raibh glór millteach mealltach aige, ach tada le rá. Labhraíodh sé i mo chluas agus tromchúis Stoc na Cille Uí Chadhain ina ghlór: ‘Caithfear éisteacht! Suigh síos ar an gcéim staighre sin anois díreach agus tóg nótaí!’ Shuínn ar mo ghogaide agus bhreacainn síos a chuid tíolacthaí mar a bheadh fear mire ionam. Caithfidh sé gur cheap muintir Miami go raibh spiorad éigin istigh ionam. Cá bhfios nach raibh, ach má bhí, ní raibh tuiscint aige ar cad is plota ann. Bhí mo chóipleabhar lán nuair a thóg mé an t-eitleán abhaile ach ní raibh scéal nua i mo mhála.
Ar an gcéad radharc, bhí cúiseanna éagsúla leis na teipeanna seo: tuirse, easpa fócais, an iomarca muiníne i nglór gan treoir. Ach dar liom féin go raibh an bhunchúis chéanna leo ar fad. Is féidir gearrscéal a scríobh laistigh de lá nó dhó, ach bíonn tréimhse ghoir níos faide ag teastáil ón bhfo-chomhfhios. Bíonn seachtainí, míonna nó fiú blianta idir eachtra spreagthach agus scéal.
An chéad uair eile a thabharfaidh mé cuairt ar chathair choimhthíoch, líonfaidh mé mo chóipleabhar le nótaí taighde agus scríobhfaidh mé scéal nuair a thogróidh mé é.
Sa bhaile.