Corcaigh nó Port Láirge? An mbeidh lá eile ag an bPaorach?

Foireann níos forbartha is ea Corcaigh, a bhfuil níos mó cluichí móra imeartha acu ná Port Láirge. Ba cheart go ndéanfaidís an bheart ar an nDomhnach

pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Beimid ag triall amárach ar Staid Tom Semple i nDúrlas Éile agus ceann de mhórdhuaiseanna na hiomána le buachtaint. I ndiaidh drochthaispéantais ó na peileadóirí ar an nDomhnach seo caite, beidh lucht tacaíochta Chorcaí ag súil le níos mó óna n-iománaithe.

Ní mórán a cheap go mbeadh Port Láirge, agus iad ag imirt i roinn 2, ar cheann de na fóirne a bheadh san iomaíocht amárach. Ach sin mar atá agus chun bheith fírinneach faoi, is iad Port Láirge atá chun tosaigh don ghradam ‘foireann na bliana’ faoi láthair. Tá éacht déanta acu ó bhuadar Roinn 1B agus an Ghaillimh agus Tiobraid Árann ó Roinn 1A curtha go tóin poill acu. An iad Corcaigh na chéad íobartaigh eile?

Ní aon dabht ach go bhfuil níos mó fóirne láidre ag teastáil chun an brú a chur ar an chuid is treise atá ann agus tá Port Láirge ag taispéaint go mbeidh siadsan gar don mharc i mbliana.

Is trua go mbeidh siad ag casadh ar a chéile arís go luath i gcomórtas na Mumhan, ach ina dhiaidh sin, beidh foireann amháin acu ag tosú ar an aistear a chríochnóidh i mBaile Átha Cliath ag tosach Mheán Fómhair. 

Ní bhiodh aon suim ar leith ag Corcaigh an Chraobh Sraithe a bhuacaint roimhe seo. Ach ar an nDomhnach beag seo, déanfaidh siad a seacht ndícheall an corn a thabhairt leo agus an lámh in uachtar a fháil do thús an tsamhraidh ar bhonn na síceolaíochta.

Measaim go bhfuil an-suim ag bainistíocht, imreoirí agus lucht leanta na nDéise corn na Sraithe a thabhairt leo chomh maith. Tá daoine sna meáin ag ceapadh nach bhfuil siad ullamh fós don phríomhdhuais níos déanaí sa bhliain. Ceapadh an rud céanna dhá bhliain ó shin faoi ógánaithe an Chláir sarar thugadar Corn Mhic Cárthaigh leo. Tráthnóna amárach beidh níos mó eolais againn faoi iománaithe óga na nDéise.

Sa chluiche leathcheannais coicís ó shin, bhí spiorad agus eitic oibre diamhar sa bhfoireann agus an t-ádh leo go raibh Pádraig Mahony ag tógaint na bpocanna saora.

Sa chluiche leathcheannais eile, bhí Corcaigh chun deiridh sa chuid is mó de na ‘stats’ ach amháin sa ‘stat’ is tábhtachtaí agus sin an ceann a bhí le léamh ar chlár na scór nuair a shéid an réiteoir James Owens an fheadóg ag deireadh an chluiche. ‘Sea, bhí an t-ádh leo freisin agus an t-ádh leo go raibh radar Pátrick Horgan ag feidhmiú ar lánchumhacht.

Tá na geallghlacadóirí ag ceapadh go mbuafaidh Corcaigh ach nílimse rochinnte faoi sin. Ní oirfeadh stíl chosantach na nDéise do Bhainisteoir Chorcaí Jimmy Barry Murphy. Is fear tradisiúnta amach is amach é. Is maith leis cúigear déag i gcoinne cúigear déag sa tseanstíl. Bí cinnte de nach mbeidh na Déise ag imirt mar sin amárach.

Beidh béim an-mhór go deo ar an gcosaint agus a lán imreoirí taobh thiar den liathróid. Tá sé an-deacair imirt i gcoinne stíl chosantach mar sin. Tá sé thar a bheith deacair cúil a scóráil. Thaispéain Tiobraid Árann, áfach, gur féidir é a dhéanamh.

Ach mura n-éireoidh le Corcaigh an imirt a choiméad oscailte, rachaidh sé dian orthu an cluiche seo a bhuachaint.

Ó thaobh forbairt na fóirne de, tá níos mó dul chun cinn déanta ag Corcaigh ná Port Láirge. Tá níos mó cluichí móra imeartha acu agus tagann taithí leis sin. Agus gach rud á chur san áireamh mar sin, ceapaim go mbeidh an lá leo agus go mbeidh lá eile ag teastáil ón bPaorach.

Fág freagra ar 'Corcaigh nó Port Láirge? An mbeidh lá eile ag an bPaorach?'

  • sean o rathaille

    Sea, beimid ann go beo beathuch, glorach. Luifidh an da fhoireann amach orthu fein chun an ceann seo a bhuachtaint, rud a thabharfaidh chun cinn go mor iad ma dheanann.
    A chonach sin ar an bhfoireann bhuacach.
    Go n-eiri le Aidan Ryan mar lanchulai, conas a chruthoidh se n’fheadar? Caithfidh se breith ar an uain ar an urla anois agus a dheis a thapu.
    Ach ta spiorad, meanma, meon dochloite, scil agus aontacht iontach ag oganaigh seo na nDeise agus is iad a bheidh go caithreimeach trathnona amarach! Ta an ghaoth ina seolta agus is deacair e sin a sharu.