Teastas sa Ghaeilge le bronnadh ar an Taoiseach tráthnóna

Deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir gur chaith an Taoiseach 'an-dua' leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. ‘Ní cur i gcéill a bhí i gceist – bhí sé an-dáiríre faoin chúrsa,’ a deir sé

Teastas sa Ghaeilge le bronnadh ar an Taoiseach tráthnóna

An Taoiseach Leo Varadkar. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá teastas sa Ghaeilge le bronnadh ar an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Beidh an Taoiseach i measc 70 duine a mbronnfar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) orthu.

Is cúrsa de chuid Ghaelchultúir é an TGG, a bhfuil tacaíocht á cur ar fáil dó ag Foras na Gaeilge ó 2011,  agus atá dírithe ar fhostaithe san earnáil phoiblí.

Thug an Taoiseach faoin gcúrsa ag Leibhéal 4 (meánleibhéal 1) le déanaí.

D’fhreastail an tUasal Varadkar ar rang trí uair an chloig gach maidin Dé Céadaoin idir mí Feabhra agus tús mhí na Bealtaine. Bhí na ranganna seo ar siúl in ionad Ghaelchultúir ar Shráid an Chláraigh i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus bhí ceithre dhuine dhéag eile, ó réimse leathan eagraíochtaí stáit, sa rang leis.

Bhí measúnú leanúnach i gceist sa chúrsa agus bhí béaltriail le déanamh ag na mic léinn ar chríochnú an chláir dóibh. Rinne an Taoiseach a bhéaltriail féin Dé Céadaoin, an 17 Bealtaine – an lá a d’fhógair Enda Kenny go raibh sé ag éirí as a phost mar Thaoiseach.

Deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir gur chaith an Taoiseach “an-dua” leis an gcúrsa.

“D’fhreastail sé ar na ranganna go léir agus rinne sé an obair bhaile a tugadh do na mic léinn le déanamh. Ní cur i gcéill a bhí i gceist – bhí sé an-dáiríre faoin chúrsa.

“Tá sé tábhachtach go síceolaíoch do phobal na Gaeilge Taoiseach a bheith i gceannas ar an tír a bhfuil meas aige ar an teanga – is cinnte go gcuirfidh sé go mór le stádas na Gaeilge duine a bhfuil oiread cumhachta agus oiread tionchair aige a bheith báúil leis an teanga,” a dúirt Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir.

Is é an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill a dhéanfaidh an bronnadh agus i measc na n-aíonna speisialta a bheidh i láthair ag an ócáid, beidh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Mícheál Mac Donncha; Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Cathrach, Owen Keegan; agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Séan Ó Coinn.

Ag ócáid na hoíche anocht i dTeach an Ardmhéara, déanfar cúig bliana den TGG a cheiliúradh chomh maith. Nuair a cuireadh tús leis an TGG i dtrátha an ama seo in 2012, ní raibh sé ar fáil ach ag Leibhéal 4 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus ceathrar a d’fhreastail ar an gcéad chúrsa a reáchtáladh.

Deir Éamonn Ó Dónaill go gcuirtear an TGG ar fáil ag ceithre leibhéal éagsúla anois agus go bhfuil breis is 600 duine ó níos mó ná 70 eagraíocht de chuid na hearnála poiblí tar éis an cháilíocht a bhaint amach.

Deir Ó Dónaill go bhfuil meascán den Ghaeilge ghinearálta agus de shainteanga na hoibre le fáil sa chúrsa agus go mbaintear úsáid as an bhfoghlaim chumaisc, is é sin meascán den fhoghlaim aghaidh ar aghaidh agus den fhoghlaim ar líne, chun an t-ábhar a chur i láthair.

“Na príomhspriocanna a bhí againn ón tús ná dearcadh níos dearfaí a chothú i leith na Gaeilge in eagraíochtaí na hearnála poiblí agus misneach agus muinín a thabhairt dóibhsean a thabharfadh faoin TGG. Bhí muid ag súil go scaipfeadh dea-scéalta faoin chúrsa de réir a chéile sna heagraíochtaí éagsúla a bhfuil muid ag plé leo agus go mbeadh borradh leanúnach faoin chúrsa dá bharr. Ar an dea-uair, tá sé sin ag tarlú anois.

“Nuair a thosaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a thairiscint an TGG in 2015, cuir i gcás, ní raibh ach sé fhostaí dhéag acu a bhí ábalta plé leis an phobal trí Ghaeilge. Tá an eagraíocht sin i ndiaidh sé chúrsa a reáchtáil le dhá bhliain anuas agus anois tá nach mór caoga duine acu atá líofa agus sásta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Is dul chun cinn iontach é sin agus tá súil agam gur spreagadh a bheidh ann d’eagraíochtaí eile.”

Fág freagra ar 'Teastas sa Ghaeilge le bronnadh ar an Taoiseach tráthnóna'

  • Seán Mag Leannáin

    Dea-scéal don Ghaeilge gan aon agó agus féar plé do Leo. Rinne sé beart de réir a bhriathar.

  • Claire e lyons

    Led do thoil, faigh réidh leis an tearma béal trial, goileann sé orm, úsáid scrúdú caint nó trial cainte fiú. Ní dhéantar aon scrúdú ar do bhéal ach are do chumas labhartha!!!!