Téarma Stormont thart – an mbeidh an chéad Tionól eile níos éifeachtaí?

Iar-airí agus an Ceann Comhairle i measc scata a d’fhág slán ag an Tionól

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tháinig deireadh le téarma an Tionóil an tseachtain seo. Ní scorfar é go hoifigiúil go dtí an naoú lá fichead ach bhí an seisiún poiblí deiridh ann Dé Máirt seo caite. Bhí ionadaithe áirithe maíteach, an DUP agus Sinn Féin ag déanamh gaisce faoina raibh bainte amach le cúig bliana. Ní raibh na páirtithe eile ar an bport céanna, iad den bharúil gur lig Stormont an pobal síos agus nár mhór athruithe tromchúiseacha a dhéanamh sa chéad Tionól agus Feidhmeannas eile. Tá go leor cainte ar siúl faoi fhreasúra a sholáthar i ndiaidh an toghcháin ar an 5 Bealtaine.

Tá an SDLP, an UUP agus Alliance á thabhairt le fios go mb’fhéidir nach mbeidís páirteach sa bhFeidhmeannas. D’ainneoin páirtithe a bheith i dteideal Airí a cheapadh faoi chóras d’Hondt, tá seans go mbunófar freasúra mura mbeifear in ann a theacht ar réiteach faoi chlár rialtais. Táthar ag déanamh talamh slán de, is cosúil, gurb iad an DUP agus Sinn Féin a bheidh i dtús áite ar an dá thaobh arís.

Tá a fhios ag cait an bhaile go raibh an pholaitíocht dífheidhmeach cuid mhór den am, parailís in oifig an chéad agus an leas-chéad aire mar go raibh bac á chur ag DUP agus SF ar a chéile. Nuair a tháinig Arlene Foster i gcomharbacht ar Peter Robinson mar Chéad Aire, gheall sí polaitíocht ‘ar bhealach úr’. Dá réir sin baineadh siar as daoine nuair a labhair sí ag cruinniú feachtasaíochta den DUP faoin tábhacht a bhí lena chinntiú gurb ise – agus nach é Martin McGuinness- a bheidh mar Chéad Aire tar éis an toghcháin. Sin é seanphort an DUP agus gan de bhrí leis ach siombalachas; tá an Chéad &an Leas Chéad Airí ar chomhchéim agus ní thig le ceachtar acu blas a dhéanamh gan cead an duine eile.

An bhfeicfimid athrú ar bith sa chéad Tionól eile mar sin? Sin í an cheist. D’fhéadfadh an reifreann Eorpach tionchar mór a imirt dá ndéanfaí cinneadh an AE a fhágáil. Cé is moite de sin ba cheart go saorfadh an toghchán na páirtithe chun a bheith níos fiúntaí- seo í an tríú bliain as a chéile a raibh vótáil le déanamh – seans go bhféadfaidh siad gníomú nuair nach mbeidh siad ag faire ar na vótaí.

Cibé ní faoin gcur chuige chífimid athrú pearsana go cinnte mar tá daoine mór le rá ag tabhairt droim láimhe le Stormont. Bhí sé dhuine dhéag ar an rolla Dé Máirt seo caite nach mbeidh san iomaíocht sa Bhealtaine.

Orthu sin ba é Peter Robinson an duine ba shinsearaí. Ní hamháin gur iar-Chéad Aire agus iarcheannaire an DUP é ach ba eisean ailtire na forbartha ar an DUP. Ba é a bhog iad ó ‘never, never, never’ go dtí an suíochán ag ceann an bhoird; ba é a d’athraigh mionlach a bhíodh i mbun agóidíocht sráide go príomhpháirtí aontachtach Thuaisceart Éireann. Mar sin féin bhí air éirí as ceannaireacht an pháirtí agus an Chéad Aireacht mar go raibh a thacaíocht ag meath. Ceapadh tráth go bhfágfadh sé ‘rítheaghlach’ polaitiúil mar oidhreacht ach níl ionadaí tofa ar bith fágtha i measc a mhuintire anois.

Tá Gregory ‘curry my yoghurt’ Campbell, DUP, éirithe as an Tionól freisin chun díriú ar Westminster. Agus ós ag trácht ar Ghaeilge mé tá an gaeilgeoir aitheanta, Dominic Ó Brolcháin, SDLP, éirithe as chomh maith. Aireoidh na meáin Ghaeilge uathu é. Tá a chomhghleacaithe san SDLP Alban Maginnis agus John Dallat ag éirí as chomh maith agus béim á leagan ag an bpáirtí ar ionadaithe óga nua.

Bhí béim ar úire agus óige ag an bpáirtí NI21 nuair a bhunaigh iar-ionadaithe ón UUP, Basil McCrea agus John McCallister é in 2013. Ba ghearr gur thit siadsan amach le chéile agus gur fágadh an páirtí san abar. Faoi thús na míosa seo ní raibh d’ionadaí ag NI21 ach Basil McCrea agus an páirtí ar an dé deiridh. D’fhógair McCrea an tseachtain seo thart go bhfuil sé ag éirí as an bpolaitíocht. Mionpháirtí aontachtach eile tite as a chéile.

Cá bhfios cén tionchur a bheidh ag na hathruithe ar an gcéad Tionól eile. Tá fear amháin ag éirí as a bhfuil a rian fágtha aige go cinnte. Sé sin an Ceann Comhairle, Mitchel McLaughlin. B’eisean an chéad bhall de SF a fuair an gradam sin. Go deimhin ba é an chéad náisiúnach é. Chruthaigh sé go maith sa phost agus glactar leis gur sháraigh a cheapachán tabú. B’fhéidir go sárófaí geis eile san Tionól nua. B’fhéidir.