Téarma príosúin trí bliana gearrtha ar fhear as Conamara as ionsaithe gnéis

Gearradh téarma breise 3 bliana ar fhear as mí-úsáid a bhaint as leanaí agus é ina mhúinteoir

6839754966_ef358604a2_o

Tá téarma príosúin trí bliana gearrtha ar iarmhúinteoir as mí-úsáid a bhaint as triúr daltaí. Ciontaíodh an fear cheana as ionsaithe gnéis a dhéanamh roimhe seo.

Séanann Seosamh Ó Ceallaigh (63), a bhfuil aithne air mar Joseph Kelly freisin, gur bhain sé mí-úsáid as na gasúir i Scoil Colm sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath, agus tugann suas do bhreithiúnas an ghiúiré.

Dúradh sa Chúirt Chuarda i mBaile Átha Cliath go raibh dlúthbhaint ag Ó Ceallaigh le coláistí samhraidh in iarthar na hÉireann chomh maith le bheith ina mhúinteoir san ardchathair.

Ciontaíodh Ó Ceallaigh, arb as Béal An Daingin i gCeantar na nOileán i gConamara, Co. na Gaillimhe é, an mhí seo caite as ionsaí gnéis nó ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar thriúr buachaillí in áiteanna éagsúla, lena n-áirítear i seomra ranga, ina charr agus ar thurais scoile, idir 1977 agus 1994. Tá an méid atá curtha ina leith séanta aige.

De bharr dlíthe a bhí i bhfeidhm i bhfad siar, níorbh fhéidir ach téarma dhá bhliain a ghearradh air as dhá cheann de na cionta atá i gceist.

Tá téarma deich mbliana á chur isteach aige faoi láthair as cailín óg a ghruamáil, a éagnú agus mí-úsáid gnéis a dhéanamh uirthi idir na blianta 1982 agus 1992.

Agus a bhreith á tabhairt aige, dúirt breitheamh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil go mba dheacair dó gan deora a shileadh agus é ag éisteacht le cuntas duine de na híobartaigh agus an díobháil a rinne an mhí-úsáid uirthi.

Dúirt an t-íospartach nuair a d’éagnaigh an fear í agus í 12 bliain go mba ábhar ceiliúrtha dó é agus go ndúirt sé léi gur éirigh leis rud a theastaigh uaidh a dhéanamh le fada an lá a chur i gcrích sa deireadh thiar thall.

Cuirfear tús leis an téarma príosúin trí bliana a gearradh inniu air tar éis dó a théarma deich mbliana a chur isteach.

D’inis an Bleachtaire Jonathon Kelly do lucht na cúirte gur baineadh mí-úsáid as dalta i gcéaduair nuair a bhí an t-íobartach ocht mbliana d’aois, i 1977, agus gur lean an mhí-úsáid ar aghaidh ar feadh bliana.

Ghlaodh Ó Ceallaigh an buachaill suas go barr an tseomra ranga agus “mholadh rudaí áirithe dó”. Ansin chuireadh sé púróga i bpóca an pháiste agus thógadh amach arís iad lena lámh féin, á cuimilt le baill ghiniúna an pháiste. Deireadh sé rudaí i gcogar leis an bpáiste agus dhéanadh miotú ar a chluais.

Amannta eile thugadh an fear an buachaill suas go sléibhte Bhaile Átha Cliath ina charr. Chuireadh sé an buachaill ar a ghlúin agus ligeadh an buachaill air go raibh sé ag tiomáint an chairr. Chuimlíodh an fear a lámh le baill ghiniúna an bhuachalla an fhaid is a tharla sé sin. Bhaineadh an fear mí-úsáid as an mbuachaill amannta eile agus an bheirt ar a mbealach go dtí cluichí peile de chuid Scoil Colm.

Chuir an t-abhcóide ionchúisimh, Paul Carroll BL, fianaise os comhair na cúirte gurbh é Ó Ceallaigh a bhí freagrach as garchabhair sa scoil. Bhain sé leas as sin chun iarraidh ar bhuachaill amháin teacht isteach go dtí an seomra ranga chuige agus a bhríste a tharraingt anuas le go bhféadfadh sé a lámh a chuimilt lena bhaill ghiniúna.

Bhain Ó Ceallaigh mí-úsáid as an tríú páiste ar thuras scoile go Gaillimh. Bhí go leor buachaillí scoile ag fanacht i dteach duine muinteartha leis agus chuir Ó Ceallaigh iachall ar dhuine de na buachaillí a chuid éadaí a bhaint de an fhaid is a bhain Ó Ceallaigh a chuid éadaí féin de féin.

Thosaigh an múinteoir ag cur isteach ar an mbuachaill ansin agus ina dhiaidh sin, thóg sé lámh an bhuachalla agus “thaispeáin dó conas lámhchartadh a dhéanamh”, a dúradh sa chúirt.

Léadh ráitis tionchair íospartaigh thar ceann an triúir íospartach. Rinne fear amháin cur síos ar an mbealach a dtéadh sé i muinín an alcóil d’fhonn iarracht a dhéanamh an mhí-úsáid a ligean i ndearmad, rud a mhill a shaol, a dúirt sé.

Dúirt an dara fear go bhfacthas dó gur “rún deargnáireach” a bhí sa mhí-úsáid ach nach bhfuair sí an ceann is fearr air riamh toisc an tacaíocht a fuair sé óna mhuintir. Dúirt sé go bhfuil súil aige go gcuirfidh a chuid fianaise stop le Ó Ceallaigh tuilleadh mí-úsáide a dhéanamh ar íospartaigh eile.

Dúirt an tríú híospartach nach gcreideann sé go dtí an lá inniu féin céard a rinneadh air agus go mba uafásach an rud é a cheapadh go scaoilfí saor Ó Ceallaigh lá éigin amach anseo.

“Ní mhaithfidh mé go deo dó as an deargnáire agus an tráma a chuir sé orm,” a scríobh sé.

Dúirt an t-abhcóide cosanta, Patrick McGrath SC, go bhfuil teora leis an méid is féidir leis a rá mar mhaolú toisc nach nglacann Ó Ceallaigh le breithiúnas an ghiúiré. Dúirt sé go bhfuil lear mór fadhbanna sláinte ag a chliant, galar croí agus ísle brí san áireamh.

Chuir an t-abhcóide cosanta teistiméireachtaí ó ghaolta agus ó chairde Uí Cheallaigh os comhair na cúirte agus dúirt go dtacaíonn a bhean leis i gcónaí. D’iarr sé ar an mBreitheamh Patrick McCartan gan cur leis an téarma deich mbliana atá á chur isteach aige faoi láthair.

Dúirt an Breitheamh McCartan gur tháinig Ó Ceallaigh i dtír ar dhaoine toisc go raibh muinín acu as agus toisc go mba dhuine é a raibh údarás aige. Dúirt an breitheamh gur léiríodh an méid seo sna ráitis “léanmhara” a rinne na híospartaigh.

Luaigh sé nár shéan an múinteoir na líomhaintí é féin sa chúirt ach gur thug sé comhairle dá abhcóide bréagadóireacht a chur i leith na n-íospartach agus iad á gcroscheistiú.

Dúirt an breitheamh go mba dheacair aon trócaire a dhéanamh ar Ó Ceallaigh de bharr go séanann sé an mhí-úsáid i gcónaí.