Téarma priosúin seacht mbliana gearrtha ar thógálaí ó Chonamara as Noel Hill a ionsaí

Cuireadh na trí bliana deireanacha den phianbhreith ar fionraí ar feadh 10 mbliana

Noel-Hill012
An ceoltóir, Noel Hill

Tá téarma priosúin seacht mbliana gearrtha ar thógálaí ó Chonamara as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar an gceoltóir tradisiúnta Noel Hill i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá ‘le Stiofáin seacht mbliana ó shin.

Cuireadh na trí bliana deireanacha den phianbhreith ar fionraí ar feadh 10 mbliana.

D’fhág an t-ionsaí go mbeidh gortuithe ar an íobartach ar feadh a shaoil.

Agus an phianbhreith á fhógairt ag an mBreitheamh Rory McCabe i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe inniu, dúirt sé gur ionsaí “uafásach, gránna agus brúidiúil” a bhí ann agus go mba uafásach an méid a bhí fulaingte ag an íobartach dá bharr.

Nuair a cuireadh tús le triail Michael Folan (55), ón Teach Mór, Leitir Mealláin, os comhair giúiré i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe i mí sa Samhna seo caite, phléadáil sé neamhchiontach san aon chúis amháin a bhí curtha ina leith maidir le díobháil thromchúiseach a dhéanamh d’aon turas agus go meargánta don Uasal Hill (56) i dTigh Phádraig Máirtín Beag i Leitir Móir, Conamara, ar Lá ‘le Stiofáin, 2008.

D’athraigh sé a phléadáil go ciontach ar an dara lá den triail tar éis don Uasal Hill cuntas léanmhar, a bhain steangadh as baill an ghiúiré, a thabhairt ar na gortuithe a tharla dó.

Bhí sé ráite ag an máinlia plaisteach, an tUasal Patrick McCann, leis an ngiúiré go raibh log súile an Uasal Hill brúite siar ina bhlaosc mar a bheadh “ubh in ubhchupán” agus go raibh mogall tíotáiniam curtha ag an máinlia san áit a mbíodh an cnámh faoina log shúile ag an Uasal Hill agus go ndearna sé an méid sin in 2009.

Dúirt an Sairsint Ronan Mahon leis an gcúirt i mí Feabhra go raibh an tUasal Hill istigh sa teach tábhairne an oíche úd lena pháirtí agus gur ionsaíodh é ón taobh thiar nuair a chuaigh sé go dtí an leithreas.

Bhí sé ina sheasamh istigh i gcubhachail agus an doras ar oscailt nuair a d’fhéach sé thar a ghualainn, áit a bhfaca sé an cúisí ina sheasamh laistiar de.

Bualadh buille i ndiaidh buille doirn air ina dhiaidh sin ar thaobh na láimhe deise dá cheann.

Bhí aithne ag an Uasal Hill ar an gcúisí mar Michael Bheairtle Mharcuisín Folan, tógálaí a rinne obair ar an dteach a bhí á athchóiriú ag an Uasal Hill ar an bPointe ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Le linn an ionsaithe, tháinig an tUasal Hill amach as cubhachail an leithris agus bualadh go dona é sa bhéal agus sa tsúil chlé.

Leagadh chun talún é, áit ar bualadh ciceanna troma air sa cheann agus sa cholainn. Chaith sé trí seachtaine san ospidéal áit a ndeachaigh sé faoi scian. Dúradh leis an gcúirt i mí na Samhna go raibh a bhlaosc scoilte agus a shúil chlé brúite siar isteach inti.

Rinne an t-abhchóide don ionchúiseamh, Conor Fahy, cur síos i mí na Samhna ar a tharla.

“Lean sé [Hill] air ag agairt trócaire ach trócaire ní bhfuair sé agus shíl sé go raibh an bás i ndán dó. Ag an am, thit sé chun talún d’iompaigh na buillí doirn ina mbuillí coise agus bualadh ciceanna troma ar thaobh a chinn.

“D’fhág trí chic a fuair sé a chluas chlé pollta ag spéaclaí. Bualadh cic eile air a bhris a chnámh leicinn ar thaobh na láimhe cle dá aghaidh. Bualadh ciceanna eile ar a shúil chlé agus scoilteadh a bhlaosc. Brúdh siar ina chloigeann a shúil chlé. Mhair an eachtra cúpla nóiméad.”

Thug an tUasal Hill 25 nóiméad ag léamh a ráitis íobartaigh os ard sa Chúirt i mí Feabhara.

“Bhí mé cinnte go bhfaighinn bás. Ní i bhfad uaidh a bhí mé. Chonaic mé m’athair agus m’uncail a cailleadh le deireanas agus dúirt m’athair liom nach raibh sé sa chinniúint dom bheith ina dteannta go fóill. Ba é a chreid mé féin i m’aigne istigh go raibh sé i gceist ag Michael Folan mé a mharú an oíche sin,” a dúirt an tUasal Hill agus é ag sileadh na ndeor.

“Is ceoltóir proifisiúnta mé ach ní féidir liom casadh ar feadh i bhfad an aimsir seo. Tá an taobh clé de mo chorp lag leonta i gcónaí, sé bliana níos deireanaí,” a dúirt sé.

Chuala an chúirt gurb é ba chúis leis an ionsaí ná aighneas a bhí idir an bheirt i dtaobh íocaíochtaí as obair athchóirithe a bhí déanta ag Folan don íobartach agus go raibh a ndlíodóirí ag plé an scéil ag an am.

Ar chloisteáil don Bhreitheamh McCabe i mí Feabhra go raibh a chuid fadhbanna sláinte féin ag Folan anois agus go bhfuil sé ag freastal ar sheisiúin chomhairliúcháin mar gheall ar alcólacht agus láimhseáil feirge, chuir McCabe siar a phianbhreith go dtí an lá inniu.

Chuir an t-abhchóide Bernard Madden, a bhí ag cosaint Folan, faoi bhráid na cúírte roinnt tuairiscí a bhain le cúrsaí sláinte agus cúrsaí comhairleoireachta andúile. Tugadh le fios sna tuairiscí seo go raibh iarracht mhaith déanta ag an gcúisí deileáil le na fadhbanna a bhí aige le halcól agus láimhseáil feirge.

Dúirt an tUasal Madden gurb é a chliant an t-aon chúramóir a bhí ag a bhean chéile atá tinn agus go raibh tinneas ainsealach ar Folan féin chomh maith.

Dúirt an Breitheamh McCabe inniu gur sheas an phianbhreith seacht mbliana, ach go raibh na trí bliana deireanacha á gcur ar fionraí aige toisc go raibh iarracht déanta ag an gcúisí idir an dá linn deileáil lena chuid fadhbanna. Thóg an Breitheamh san áireamh chomh maith cúinsí teaghlaigh an chúisí.

Má thógtar loghadh san áireamh, tabharfaidh an cúisí trí bliana ar fad i bpriosún, a dúirt an Breitheamh McCabe. Dúirt sé, áfach, go ngearrfaí ar Folan an chuid den phianbhreith a cuireadh ar fionraí dá dtiocfadh sé salach ar na coinníolacha a leagadh síos dó aon uair le linn na deich mbliana i ndiaidh a shaortha.

Fág freagra ar 'Téarma priosúin seacht mbliana gearrtha ar thógálaí ó Chonamara as Noel Hill a ionsaí'