Téann ‘Trumbo’ chun leadráin uaireanta ach ná cuirimis ar an liosta dubh é

Cé go bhfuil ‘Trumbo’ eipeasóideach in áiteanna, is táirge taitneamhach é ar an iomlán a thugann siar go tréimhse náireach, shuimiúil sinn

Screen Shot 2016-02-10 at 18.59.26.pngTrumbo

Stiúrthóir: Jay Roach

 Cliar: Bryan Cranston, Diane Lane, Michael Stuhlbarg, Helen Mirren, Louis C.K.

Ba thréimhse náireach agus diamhair i Meiriceá iad na daicheadaí déanacha agus na caogadaí mar a raibh géarleanúint an ‘House Committee on un-American Activities’ agus feachtasaíocht an tseanadóra Joseph McCarthy faoi lán seoil. Is tír í Meiriceá a ghránn agus a mhaíonn as an tsaoirse ach sna laethanta úd bhí polaiteoirí, na meáin agus an pobal faoi bhos ag cúngaigeantacht, polaiteoirí faille agus eagla gan bunús.

Sa tréimhse seo ní raibh ag teastáil ach gaoth an fhocail le tú a fhógairt go dtí an leac is íochtaraí in ifrinn. D’eascair an ‘Blacklist’ as seo, liosta de dhaoine ó gach aicme den saol a bhí dofhostaithe. Níor tháinig iomaire na scannánaíochta in Hollywood slán ón tua, go deimhin bhí an bhinb ní ba ghéire ina leith. Bhí deichniúr a sheas an fód os comhair choiste na n-ionadaithe agus bhí an scríbhneoir Dalton Trumbo ar dhuine acu. Déanann an saothar seo a shaol siúd a chíoradh mar aon le léiriú neamhbhalbh a dhéanamh ar éigiall na tréimhse.

Ba bhall de pháirtí na gcumannach é Trumbo, rud nach raibh chomh neanmhghnách tar éis An Spealadh Mór. Ach leis an gCogadh Fuar faoi bharr lasrach bhí an chloch sa mhuinchille do na ‘namhaid’ seo. Ba scríbhneoir rathúil é Trumbo a raibh a chóta bán déanta: Post le pá maith, tigh galánta, bean, clann agus saol sócúil.

I ndiaidh dó an fód a sheasamh i gcoinne an choiste cuireadh é agus a leathbhádóirí i bpríosún mar aon len iad a dhaoardh chun an ‘liosta.’ Dá bharr seo ar fad tugadh íde na muc agus na madraí orthu ar feadh na mblianta.

Duine caithiseach, deisbhéalach, ceanndána é Trumbo le Bryan Cranston, fear nach raibh aon dealramh ag a shaol le cumannachas. Luann carachtar amháin leis go labhraíonn sé cosúil le cumannaí ach go gcaitheann sé a shaol cosúil le caipitlí.

Bíodh sin mar atá cruachann sé in aghaidh na hainnise agus déanann sé iarracht a chrústa a thuilleamh. Seo an chuid is taitneamhaí den scannán is é i mbun comhghuaillíochta le léiritheoir teaspúil le John Goodman, fear ar cuma leis sa diabhal faoi faic ach airgead agus cúrsaí leathair.

I rith na tréimhse seo éiríonn le dhá shaothar dá chuid, Roman Holiday (1953) agus The Brave One (1956), duaiseanna Oscar a ghnothú faoi ainmneacha scríbhneoirí eile agus ainmneacha cleite. Tugann seo ann féin éachtaint ar sheafóid na tréimhse.

Tugtar léargas chomh maith ar an tionchar a bhíonn aige seo ar fad ar a theaghlach. Tugann Diane Lane taispeántas ábalta uaithi mar a bhean chéile, Chleo.

Taispeántas iontach é ó Cranston, mar is dual dó ar na saolta seo. Is léir go bhfuil súp á bhaint aige as an gcarachtar agus téann sé go smior ann. Bíonn carúlacha grinn agus gaoise á gcaitheamh uaidh ar dalladh agus is fuirist ionannú leis an gcarachtar . Bhí an óráid dheiridh ana-chorraitheach. Ina dhiaidh sin féin, is dóigh liom go bhfaighidh Leonardo DiCaprio an fear maith air ar oíche Oscar.

Déanann an stiúrthóir Jay Roach an t-amhábhar a láimhseáil go cáiréiseach agus ní haon ionadh go n-éiríonn leis an saothar, an pholaitíocht agus an greann a shníomh le chéile óir ba é saoiste na scannán Austin Powers agus Meet the Parents/Fockers mar aon leis na táirgí sollúnta Recount (2008) agus Game Changer (2012).

Cé go bhfuil an scannán eipeasóideach in áiteanna agus go dtéann sé chun leadráin agus seanchaiteachta ar uairibh is táirge taitneamhach, suimiúil é ar an iomlán, táirge a thugann siar go tréimhse náireach, shuimiúil sinn.