Téann an draoi David Fincher ag tochailt i bpóirsí dorcha in ‘Mindhunter’

Clár aigneolaíoch, corraitheach, neamhghnách é ‘Mindhunter’ agus  is fiú cur suas leis an gcéad chlár malltrialach

Téann an draoi David Fincher ag tochailt i bpóirsí dorcha in ‘Mindhunter’

Saoiste scéinséara agus ceardaí cadrála é Fincher a sholáthraigh dúinn táirgí deisbhéalacha, aigneolaíocha, duairce cosúil le Gone Girl (2014), The Girl with the Dragon Tattoo (2011), Zodiac (2007), Se7en (1995)

agus, gan amhras, an bas ar fad acu, Fight Club (1999).

Stiúrthóir é a bhfuil a dhintiúirí go maith aige mar sin agus ba leor a ainm a bheith luaite le Mindhunter le huisce a chur le fiacla. Comhartha eile go bhfuil an scáileán beag sa treis sa chomhrac teilifíse/scannánaíochta gur chinn an draoi seo dul i mbun comhghuaillíochta le Netflix le saothar a sholáthar a thabharfadh éachtaint ar fhorás aonad na n-eolaíochtaí iompraíochta san FBI.

Tá clár coiriúlachta an nóis imeachta ar cheann de na múnlaí is fadbhunaithe, is seanchaite agus is mo tóir. Lena chois sin tá raidhse sraitheanna agus scannán a bhfuil an dúnmharfóir srathach mar bhunchloch iontu; gach rud ó ghaiscí míchlúiteacha Hannibal go táirge na hÉireann, The Fall. Cé nach bhfuil an táirge seo gan locht, an bua is mó atá aige ná go n-éiríonn leis anam a chur sna seanfhondúirí seo.

Cóiriú de shaghas é seo ar leabhar den teideal céanna a scríobh duine acu siúd a bhí ar thosach cadhnaíochta in obair an FBI sna seachtóidí. Is geall le gasóg shaonta é Holden Ford (Jonathan Groff) atá bailithe de thuairimí agus cur chuige seanchaite na heagraíochta. Le barr mífhoighne agus fiosrachta teastaíonn uaidh dúnmharfóirí srathacha (nach raibh an t-ainm sin baiste orthu fós) a chur fé agallamh féachaint an bhféadfaí teacht ar thuiscintí a chabhródh leo teacht rompu. Fé mar a deir a chomhghleacaí Bill Tench (Holt McCallany) ina dhiaidh sin; ‘How do we get ahead of crazy if we don’t know how crazy thinks?’

Tosaíonn an tsraith amach go malltriallach agus cé gur minic gur chuir saontacht agus ceartaiseacht Forden pip orm d’éiríos gafa leis an scéal. Seachas seatanna fánacha de phictiúir ní dhéantar sin a bhá i bhforéigean na gcoireanna. Is de réir a chéile a chuirtear an tionscnamh faoi lán seoil agus éiríonn leo Edmund Kimper, Monte Rissell, Richard Speck agus Jerry Brudos a chur fé agallamh. Tá na míreanna seo lán le teannas agus deismireachtaí cainte. Tá an clár coiriúlachta gnásúil curtha bunoscionn óir go bhfuil na sonraí ar eolas, an coirpeach gafa agus i bpríosún. Éiríonn leis an táirge seo sinn a choimeád ar tinneall trí dul ag tochailt i bpóirsí dorcha na hinchinne.

Tá an teannas le brath taobh amuigh den phríosún chomh maith. Tagann Ollamh (Anna Torv) isteach sa mheitheal agus bíonn an triúr in adharca a chéile go rialta. I rith an ama bíonn siad ag iarraidh uafás na scéalta a chóomeád ó dhoras a n-intinní féin.

Cuirtear Meiriceá 1977 ina steillbheatha os ár gcomhair. Níl ach cúpla bliain gafa tharainn ó cailleadh J. Edgar Hoover, tá lorg cogadh Vítneam agus gluaiseacht na hipithe fós le braistint. ’Sí tuairim na coitiantachta go bhfuil an tsochaí i lár mórathruithe agus ar tí briseadh as a chéile.

Is siombail í an FBI den bhunaíocht, agus drochamhras air dá réir. ‘They’ll never forgive you for putting a tail on John and Yoko,’ a deir cailín Holden leis go seanbhlastúil.

Is beag meas atá ar a cuid oibre ar dtús agus bíonn orthu a bheith ag streachailt le ciníochas, gnéasachas, cúngaigeantacht agus homafóibe na tréimhse.

Clár aigneolaíoch, corraitheach, neamhghnách. Is fiú cur suas leis an gcéad chlár malltrialach mar éireoidh tú gafa le táirge eile de chuid an draoi.