Teanga ó ‘Game of Thrones’ le bheith ar chúrsa ollscoile i SAM

Beidh cúrsa samhraidh faoi chumadóireacht teangacha á theagasc ag David J. Peterson, an teangeolaí a chum an teanga Dothraki don tsraith cháiliúil teilifíse

Teanga ó ‘Game of Thrones’ le bheith ar chúrsa ollscoile i SAM

Tá teanga a cumadh don tsraith cháiliúil leabhar A Song of Fire and Ice agus a ‘labhraítear’ sa tsraith teilifíse atá bunaithe ar na leabhair sin, Game of Thrones, le bheith mar chuid de chúrsa nua ollscoile in Ollscoil Berkeley i California.

Beidh an cúrsa sé seachtaine ‘Teangeolaíocht Chluiche na Corónach agus Ceird na Cumadóireachta  Teanga” á mhúineadh san ollscoil ar feadh sé seachtaine an samhradh seo. Is é David J. Peterson, an fear a chum an teanga ‘Dothraki’ don tsraith teilifíse, a bheidh i mbun teagaisc.

Tá Dothraki ar cheann de na teangacha a luaitear go minic sa tsraith leabhar agus a chloistear ó am go chéile ar an gclár teilifíse, go háirithe sna séasúir luatha den tsraith.

Is teangeolaí é Peterson a bhain céim an mháistir amach sa teangeolaíocht in Ollscoil California os cionn 10 mbliana ó shin. Ba é a roghnaíodh leis an teanga a chumadh don leagan teilifíse de Game of Thrones in 2009, agus chrom sé chun oibre ar an teanga, a bhunaigh sé ar an teanga bhunaidh a fhaightear sna leabhair.

Tá os cionn 3,000 focal éagsúil anois sa teanga chumtha (Conlang, nó constructed langauge i mBéarla) agus cuireadh na focail sin a chum Peterson i mbéal roinnt mhaith carachtar ó thosaigh an tsraith teilifíse in 2011. Chum Peterson teanga eile de chuid Game of Thrones freisin agus tá roinnt teangacha eile cumtha aige ó shin do chláir agus scannáin teilifíse eile.

Díreofar ar an gcúrsa ollscoile nua ar cheird na cumadóireachta teanga in áit díriú ar an teanga féin a fhoghlaim. Is í an Dothraki a bheidh in úsáid ag Peterson leis an gceird sin a mhúineadh.

Tá Dothraki le léamh sa leabhar Cluiche na Corónach, leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith A Game of Thrones a d’fhoilsigh Leabhar Breac anuraidh. Bheartaigh an t-aistritheoir, Oisín Ó Muirthile, gan Gaeilge a chur ar na focail agus na frásaí Dothraki a fhaightear sa leabhar sin.

Fág freagra ar 'Teanga ó ‘Game of Thrones’ le bheith ar chúrsa ollscoile i SAM'