‘Teanga mharbh í an Ghaeilge nár cheart stádas AE a bheith aici’ – ráiteas polaiteora ón bhFionlainn cáinte

Tá olc curtha ag ráiteas a rinne iarcheannaire Pháirtí Glas na Fionlainne faoin nGaeilge ar lucht na Gaeilge ar líne, ar dhaoine óna thír féin agus ar Chomhaontas Glas na tíre seo

osmo soininvaara
osmo soininvaara kansanedustaja vihreä liitto

olc curtha ag polaiteoir san Fhionlainn ar lucht na Gaeilge ar líne agus ar chuid de mhuintir a thíre féin araon de bharr ráiteas a rinne sé faoi stádas na teanga san Aontas Eorpach.

Dúirt Osmo Soininvaara, feisire parlaiminte sa pharlaimint náisiúnta agus iarcheannaire ar Pháirtí Glas na Fionlainne, an tseachtain seo gur “teanga mharbh” a bhí sa Ghaeilge agus gur chosain an stádas oifigiúil atá aici san Aontas Eorpach na céadta milliún euro.

“Léiríonn sé go leor faoin AE gur tugadh cead d’Éirinn an teanga mharbh Gaeilge a ainmniú mar theanga oifigiúil san AE. Cosnaíonn sé ar a laghad na céadta milliún,” a dúirt Soininvaara.   Dúirt Comhaontas Glas na hÉireann le Tuairisc.ie gur “ait” leo ráiteas mar sin ag polaiteoir Glas, “go háirithe nuair a chuimhnítear ar phrionsabail na gluaiseachta Glaise agus go ndearnadh leithcheal ar chainteoirí Fionlainnise san am atá caite agus an tír faoi smacht na Sualainne”.   Thuill giolc Soininvaara freagraí go leor san Fhionlainnis a bhréagnaigh an méid a dúirt sé.

“Níl an Ghaeilge marbh. Tá buneolas ar fáil anseo.”

“Níl an Ghaeilge marbh, bhí athbheochan mhór ann. Tá go leor scoileanna lán-Ghaeilge ann.”  

“1. Níl an Ghaeilge marbh.

2. Má chuimhníonn tú air, cosnaíonn do mhionteanga gan luach féin airgead freisin. Tosaigh an obair san Fhionlainn”

Thug Soininvaara freagra níos cuimsithí ar lucht a cháinte ar a bhlag tráthnóna aréir. Dúirt sé gur tugadh “scóladh maith” ar na meáin shóisialta dó mar gheall ar an ngiolc agus ghéill sé go raibh an tsuim airgid a luaigh sé le costas stádas na Gaeilge “go huile is go hiomlán mícheart”.

“Níl gníomh an Aontais Eorpaigh chomh seafóideach céanna is a cheap mé a bhí,” a dúirt sé.

Dúirt sé athuair áfach nach raibh aon chiall le stádas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge.

“Is cur amú ama é a bheith ag aistriú na míle leathanach go Gaeilge nuair nach léifidh duine ar bith go brách iad. Dá dtabharfaí leath an airgid sin d’Éirinn don aistriúchán Gaeilge agus an leath eile le bail níos fearr a chur ar na bóithre, bheadh Éire sásta an t-airgead sin a thógáil,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur luadh go minic leis gur buncheart an duine é a theanga dhúchais a úsáid agus nach féidir baint den bhuncheart sin mar gheall ar a laghad daoine a labhraíonn an teanga sin. Dúirt Soininvaara nach raibh “aon chiall leis sin” agus luaigh teangacha “móra” eile ar nós na Catalóinise, na Bascaise agus na Rómáinise mar theangacha nach bhfuil aon bhunchearta ag lucht a labhartha.

“Tá níos mó cainteoirí dúchais Sáimise [mionteanga de chuid na Fionlainne] ann ná mar atá cainteoirí dúchais Gaeilge ach níl stádas oifigiúil ag an tSáimis, fiú sa tSualainn ná an Fhionlainn. Tá an ceart ag lucht labhartha na Sáimise í a úsáid ach ní fhoilsítear aon dlí sa tSáimis,” a dúirt sé.

Ní mó ná sásta atá Comhaontas Glas na hÉireann le ráiteas iarcheannaire Pháirtí Glas na Fionlainne.

“Tagann cosaint na Gaeilge le bunphrionsabail an Chomhaontais Ghlais agus na gluaiseachta Glaise i gcoitinne ar fud an domhain. Is acmhainn thábhachtach chultúrtha do phobal na hÉireann agus do mhuintir an domhain í an Ghaeilge, ach is acmhainn leochaileach leonta í ar gá í a chosaint, agus tacaímid le stádas iomlán oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach dá réir mar bheart dearfach a bheidh chun leas na teanga,” a dúirt Seán Ó Buachalla, urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais.

Dúirt sé freisin go bhfuil an páirtí “fíorbhródúil” as a suíomh “ceannródaíoch” Gaeilge agus go bhfuil fáil ar pholasaithe an pháirtí i nGaeilge agus Béarla araon.

Fág freagra ar '‘Teanga mharbh í an Ghaeilge nár cheart stádas AE a bheith aici’ – ráiteas polaiteora ón bhFionlainn cáinte'

  • Seán Ó Floinn

    Tá an ceart ar fad ag Soininvaara faoin gcur amú airgid seo ar aistriúchán doiciméid nach léifidh éinne. Is mar gheall ar phoist mhaorlathacha gan chiall den chineál seo go bhfuil daoine ag éirí bréan den AE. Mura gcuirtear srian ar an gcineál seo maorlathachais ní mhairfidh an AE i bhfad eile. Is dócha nach dtuigeann mórán cáiníocóirí san AE go bhfuil siad ag maoiniú a leithéid de rud – cruthaíonn an AE go leor post maorlathach nach bhfuil feidhm ar bith leo i ngan fhios do ghnáth-dhaoine an AE. Ach de réir a chéile tá ballstáit an AE ag tabhairt faoi deara nach dtéann an AE chun tairbhe dóibh – faoi mar a léiríodh i mBrexit. Tá súil agam go leanfaidh tíortha eile a sampla siúd.

    Ar ndóigh táim i bhfábhar chaomhnú na Gaeilge ach ní dóigh liom go gcabhraíonn aistriúchán an AE leis an gcúis – caithfidh pobal na Gaeilge freagracht a ghlacadh as an teanga a chaomhnú in áit a bheith ag brath ar dhea-thoil an AE nó ar pholasaithe mí-éifeachtacha ar nós ‘aistriúchán na ndoiciméid nach dtuigeann éinne agus nach bhfuil aon mhaith leo’.

  • Séamas Mac Coitir

    Sea, beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh! Táim tinn
    tuirseach ag éisteacht leis an bpíopaireacht agus an ghaotaireacht chéanna llle fada an lá! Is léir don dall go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis ar dalladh!!

    Tá sé ródhéanach a bheith ag seanchas nuair a bhíos an anachain déanta! Feictear domsa nach bhfuil fágtha anois ach Gaeilge ghliogair na gcág!

    Níl sruth cainteoirí maithe ag teacht amach as aon scoil ná coláiste sa tír, agus mura bhfuil an teanga náisiúnta in umar na haimléise anois, ní lá go maidin é! Ní gá ach éisteacht le déagóirí agus daoine óga i gcoitinne a bhíonn faoi agallamh ar ghnáthchúrsaí an lae ar na meáin chumarsáide go tráth rialta, chun drochstaid na Gaeilge a mheas!

    Is scéal fada ar an anró é, gan aon agó!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Is cur amú ama é a bheith ag aistriú na míle leathanach go Gaeilge nuair nach léifidh duine ar bith go brách iad. Dá dtabharfaí leath an airgid sin d’Éirinn don aistriúchán Gaeilge agus an leath eile le bail níos fearr a chur ar na bóithre, bheadh Éire sásta an t-airgead sin a thógáil,” a dúirt sé.

    AONTAÍM LEIS ach thabharfainn leath den airgead le tionscadail maithe a chur ar bun le Gaeilge a chaomhnú is a neartú sa mhéidín bheag de Ghaeltacht atá fanta againn, inar féidir a rá go fírinneach nach teanga marbh í go fóill.

    • Laoch Ó Laoghaire

      Ní fíor nach léitear iad. Déanaim íoslódáil orthu go rialta agus léim iad. Níl sé cothrom orthu san a léann iad agus nar b’mhaith leo a bheith tarraigthe isteach i mbaoth-argóintí gan seasamh i gcoineadh ár dteanga dúchais. Go dtí go mbíonn an Ghaeilgeoir dheireannach curtha – TÁ AN GHAEILGE BEO !!

  • Lillis Ó Laoire

    Léiríonn sé an dóigh a dtig le dearcadh fíordhiúltach i leith ceisteanna tábhachtacha timpeallachta agus cearta daonna aghaidh fidil na céille agus na siosmaide a chur uirthi féin. Faolchú i gcraiceann caorach an fear seo agus gan é ach ag ligean air féin gur ‘glasach’ é, fear a rinne leithscéal leathbhacach nuair a tugadh a dhúshlán, ach a chuir a spág arís ann trí chomparáid a dhéanamh le teangacha na Sáimí. Níl a fhios cad é a d’fhulaing cainteoirí na dteangacha úd. nuair a bhí siad faoi ghéarleanúint ag mórtheangacha an réigiúin. Agus díríonn seisean aird ar na cearta nach bhfuil acu! Tá an t-aontú idir an mhíleatacht agus an tionsclaíocht I bhfostú go smior na gcnámh ann. Ba chóir a bhallraíocht in aon pháirtí a mhaífeadh go bhfuil leagan amach ‘glas’ aige a bhaint den fhear seo. Is leis na caomhaigh a bhaineann sé le fírinne.

  • padraig

    Ta iarracht den cheart aige dar ndoigh, ta droim laimhe a thabhairt ag tuismitheoiri na Gaeltachta lena dteanga dhuchais le fada an la -seachas breactheaghlach anseo is ansiud – agus ni bheidh puinn daoine a labhairt go laethuil i gceann 10-20 bliain. Admhaitear go bhfuil a droim le haill cheana fein aici. Ni maith liom e sin a admhail ach ni healai duinn dallaphuicin a chur orainn fein. Beidh aistritheoiri ar thuarastal iontach san Eoraip ag aistriu turchaipeisi ‘nach leifidh einne go brach na breithe’ agus gan a leathcheart aiseanna na tacaiochta ag an mbunscolaiocht tri Ghaeilge sa bhaile, gan aon phobal daoine ag labhairt na teanga agus a teilgean ar aghaidh go dti an chead ghluin eile. Is mithid athmhachnamh o bhonn a dheanamh air seo uileag agus orainn fein mar dhaoine.

  • Fearn

    Is ionadh dom cumas polaiteora Fhionnlannaigh agus baicle Gael cur is cúiteamh a dhéanamh beag beann ar fhíric ar bith ach iad ar fad teann as a gcuid tuairimíochta fhéin.

    Agus an t-airgead seo atá le “athdhíriú” ar scéimeanna fiúntacha, cuireann sé bréag an £350 000 000 a bhéas a chogilt sa Bhreatain anois go bhfuil an “soraidh slán agaibh” ráite aici.

    Cháin Jean-Claude Juncker agus Guy Vanhofstadt na bréaga seo, ach dar ndóigh na daoine nach bhfuil i dtaobh fíricí, bíonn na bréaga sásta.

  • B'fhéidir é!

    Is fíor do Shéamas Mac Coitir go bhfuil ag meath ar cháilíocht na Gaeilge idir labhairt agus scríobh, ach is fíor fosta go gcuideoidh an stádas nua seo san Aontas Eorpach cúl a chur ar an mheath sin; cuideoidh sé, go cinnte, óir ardóidh sé luach (eacnamaíoch agus eile) na teanga.

    Déantar an mheancóg go minic an locht a chur ar an aos óg as laigeacht a gcuid Gaeilge. Ní hiad an t-aos óg a chruthaíonn an domhan ina bhfásann siad aníos – bíonn sé ann rompu agus is iad an glún rompu a mhúnlaíonn é. An pobal a bhfuil muinín acu as a dteanga féin, cinntíonn siad go mbíonn an teanga sin go maith ag a gclann. An pobal a fheiceann go bhfuil deiseanna fostaíochta ann don té a bhfuil an teanga go maith aige, labharfaidh siad an chuid is fearr den teanga leis an ghlún óg. Agus beidh an teanga go maith ag an ghlún óg.

    Tá lagmhisneach agus easpa muiníne ar phobal na Gaeltachta faoi thodhchaí a dteanga, agus amhras orthu faoi fhiúntas na teanga, faoi fhiúntas agus luach eacnamaíochta na teanga. Tá an lagmhisneach céanna i bhfostú sna hinstitiúidí (scoileanna, gnólachtaí, raidió, etc.) atá fréamhaithe sa phobal. Agus is dá bhrí sin nach bhfuil an pobal lántiomanta do chosaint na teanga. Is dá bhrí sin nach bhfuil a lán de thuismitheoirí na Gaeltachta leagtha ar an chuid is fearr den teanga atá acu féin a thabhairt dá gclann. I bpobal fholláin bhródúil ar bith, cluinfidh tú tuismitheoirí ag ceartú cuid cainte a gcuid páistí; rud annamh é i nGaeltacht an lae inniu, óir ní aithnítear go bhfuil luach ar dhea-cháilíocht na Gaeilge.

    Cuideoidh an stádas nua san Aontas Eorpach claochló a chur ar an dearcadh sin, óir dearbhú poiblí atá ann go bhfuil fiúntas sa teanga agus sa mhuintir a labhrann í, agus dá réir sin gur fiú airgead a chaitheamh uirthi; cuirfidh sé luach breise eacnamaíoch ar an Ghaeilge. Ní gan cúis mhaith a thugtar stádas ar an rud atá bronnta ar an Ghaeilge ag an Aontas Eorpach.

    Is argóintí gan bhunús atá ag Donncha Ó hÉalaithe (agus ag a dhíorma beag de lucht aonbharúla) agus iad ag maíomh go dtiocfaidh mí-leas na Gaeilge nó mhuintir na Gaeilge as stádas oifigiúil oibre na Gaeilge san Aontas Eorpach.

    Tiocfaidh a lán a bheidh ‘coincréiteach’ dearfach as an stádas seo – earnáil láidir saoraistriúcháin, rud a chuideoidh le daoine oilte sa Ghaeltacht a mbeatha a thabhairt i dtír, i nGaeilge, agus a gclann a thógáil, gan a mbaile féin a fhágáil. Cuirfidh sé borradh nua faoin earnáil oideachais sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de, agus ag gach leibhéal, óir beifear ag iarraidh caighdeán na teanga a ardú, caighdeán theagasc na dteangacha eile a ardú, agus cruthófar sainchúrsaí nua sa dlí, san aistriúchán, sa téarmeolaíocht agus san fhoclóireacht, etc. Tiocfaidh borradh faoi shaothrú na foclóireachta agus na téarmaíochta. Agus níl ann sin ach cuid de. Sin an rud a dtugtar an ‘éifeacht domino’ air. Nó mar deir an seanfhocal, ‘Bailíonn brobh beart’. Tá sé ar obair cheana féin.

    Tá argóint Dhonncha lochtach fabhtach, ar dhóigh eile fosta, óir tá sí bunaithe ar an toimhde ainréasúnach aingiallta go n-éireodh le feachtas a bheadh dírtithe ar thabhairt ar an Aontas Eorpach airgead atá curtha ar leataobh aige don aistriúchán a chur i gciste eile (don Ghaeilge). Níl ach dóigh amháin a dtiocfadh stad de chaitheamh an airgid sin ar an aistriúchán go Gaeilge, is é sin go gcinnfí deireadh a chur le seasamh na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Sin ceann an bhóthair ar mhaith le Donncha sinn a sheoladh air – aisghairm an stádais oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, an stádas sin ar throid Gaeil go dian ar a shon. Samhlaigh an buille síceolaíoch a bhuailfeadh seo ar an Ghaeltacht!

    Smaoinigh ar an náire a ghabhfadh leis – badh é ‘Brexit’ an náisiúin Ghaelaigh é, chan amháin as an Aontas Eorpach ach as comhthionól domhanda na náisiún. (Agus ná habradh Donncha linn go bhfaigheadh an Stát seo laghdú ar bith ar mhéid na ranníocaíochta bliantúla a dhéanann an Stát i gciste airgeadais an Aontais Eorpaigh.)

    Agus tá caint Dhonncha baoth óir níl aon choincheap ná aon samhail curtha inár láthair aige den rud a gheobhadh sé in áit an ruda atá againn faoi láthair. Ar ndóigh tá a lán ab fhéidir a dhéanamh in Éirinn féin le cás na Gaeilge a fheabhsú, ach níor leag Donncha amach a phlean féin dúinn. Tá easpa bhunúsach tuisceana air sa chás seo; diúltaíonn sé a aithint nach gá (agus nach ceart) do phobal na Gaeilge rogha a dhéanamh idir stádas na teanga san Aontas Eorpach agus dul chun cinn na teanga in Éirinn. Diúltaíonn sé, sin nó teipeann air, a aithint go gcuideoidh an stádas nua san Aontas Eorpach le cur chun cinn agus fás na Gaeilge in Éirinn, agus go gcuideoidh sé le pobal na Gaeltachta.

    Is beag a bhéarfadh orm a chur i leith Dhonncha gur namhaid don Ghaeilge é; ach ní hé sin atá ann, óir creidim gur dall atá sé – is é an galar atá air (air féin agus ar a mhacasamhail) gur dearcadh cúng paróistiúil atá aige ar cheist na Gaeilge ¬– ní fheiceann sé an toise mór – ní fheiceann sé dráma na staire á léiriú beo os comhair a dhá shúil – ní hacmhainn dó an réaltacht nua a shamhlú. Ní thuigeann sé gur le cumhacht oifigiúil a mharaítear (agus a maraíodh) teangacha agus go dteastaíonn cumhacht oifigiúil agus cosaint oifigiúil le go mairfeadh siad. (Agus ní hionann sin agus a rá gurb é sin a dteastaíonn.) Is deacra feasta don Stát Éireannach gan tacú leis an teanga náisiúnta, óir tá an teanga sin suite go daingean anois i gconarthaí agus i ndlí an Aontais Eorpaigh.

    B’fhearr le Donncha an rud diúltach a fheiceáil sa rud is dearfaí a tharla don Ghaeilge agus dá muintir le fada fada an lá. Is é an trua sin, óir tá deis le tapú againn uilig anseo. B’amaideach agus ba thragóideach an mhaise dúinn an deis seo a ligean tharainn!

    Seo an méid a scríobh mé i bpostáil eile (maidir le dearcadh Dhonncha Uí Éallaithe – https://tuairisc.ie/dialann-ae-nil-airgead-na-gaeilge-a-chaitheamh-ar-stadas-na-gaeilge-san-eoraip/); níor fhreagair Donncha an phostáil sin.

  • Seán Ó Floinn

    Níl a fhios agam cé thú ‘B’fhéidir é!’ ach ba mhaith liom freagra a thabhairt duit.

    Tá tú ag déanamh amach gur ag troid ar son mhuintir na Gaeltachta atá tú ach is dócha gur cuma le formhór mhuintir na Gaeltachta faoi stádas oifigiúil na Gaeilge san AE – is rud é a bhaineann leis an ‘lucht acadúil’ dar leo siúd. Anuas air sin, an dóigh leat go spreagfadh post mar aistritheoir mórán daoine óga eile i dtreo na Gaeilge?

    Post é a bhaineann le haistriúchán a dhéanamh ar dhoiciméid atá doiléir agus dothuigthe. Daoine a bhfuil bua acu don teanga agus staidéar déanta uirthu b’fhéidir go dtaitneoidh sé leo, ach ní dócha go spreagfadh sé daoine nua i dtreo na teanga. Déanann daoine staidéar ar an nGaeilge toisc gur cuid dá bhféiniúlacht agus cultúr í, go saibhríonn sí a saol ar iliomad slite. Ach is cosúil go bhfuil tusa ag iarraidh daoine óga a mhealladh i dtreo na Gaeilge trí post a thabhairt dóibh. An é sin an bealach is fearr chun an teanga a shlánú, dar leat? In áit an teanga a chur chun cinn ar mhaithe leis an gcultúr, leis an gcomhluadar agus cur le chéile a spreagann sí i measc cainteoirí, tá tusa ag rá gur gá dúinn iad a mhealladh le poist sa Bhruiséil?

    Ní fheictear domsa go rachaidh sé seo chun leas na teanga – an é go bhfuilimid ag iarraidh an teanga a shamhlú le maorlathas mí-éifeachtúil, doiléir na Bruiséile? Ní fheictear domsa go bhfuil ciall ar bith ag baint leis an toradh atá ar an bpolasaí seo ach an oiread – is ag mealladh na Gaeilgeoirí is cruinne agus is cumasaí as an tír atá an scéim seo chun a saol a chaitheamh i mbun obair gan tábhacht ar nós doiciméid a aistriú a rialaíonn an méid cócó atá ceadaithe i seacláid (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=URISERV%3Al21122b). An é seo an cineál ruda a spreagfadh duine óg sa Ghaeltacht dul leis an nGaeilge?

    B’fhearr i bhfad do Ghaeilgeoirí a ndícheall a dhéanamh imeachtaí ón mbonn aníos a spreagadh trí mheán na Gaeilge chun fuinneamh agus beocht a choinneáil sa teanga in áit a bheith ag plé le maorlathas leamh na Bruiséile. Na daoine atá ag caitheamh an oiread sin dua ar ‘stádas oifigiúil’ na Gaeilge sa Bhruiséil bheidís i bhfad níos fearr as agus dhéanfaidís i bhfad níos mó maithis don teanga tríd an teanga a chur chun cinn in Éirinn i measc a bpobal féin.

    B’fhéidir go gceapann tú gur ‘ardú stádais’ é don teanga í a bheith in úsáid sa Bhruiséil ach níl aon fhianaise ann go gcabhróidh seo leis an teanga go fad-téarmach. Ní hionann tacaíocht stáit oifigiúil a thabhairt do theanga agus sláinte na teanga sin. Ní raibh tacaíocht stáit ag teangacha eile mionlaigh amhail Breatnais agus Catalóinis i gcatiheamh fhormhór an 20ú haois ach tá éirithe níos fearr leo a dteanga siúd chaomhnú ná mar atá éirithe againn in Éirinn cé gur chaith an stát s’againne go leor dua agus airgid ar an nGaeilge. Braitheann folláine agus beatha teanga mhionlaigh ar an bpobal féin, ní ar thacaíocht an stáit, is cosúil.

    • Dáithí Mac Cárthaigh

      Tháinig meath mhór ar theangacha réigiúnacha na Spáinne sa 20ú Aois toisc ‘easpa tacaíochta’ an Stáit Spáinnigh.
      Tá borradh anois faoin gCatalóinis toisc gurb í teanga oibre na Parlaiminte agus na seirbhíse poiblí í ó na 1980í i leith.
      Is léir go bhfuil an fhís atá ag cuid de na daoine don Ghaeilge an-teoranta: í mar órnáid chultúrtha agus an obair dháiríre ar siúl as Béarla ag na daoine móra/fásta/ acadúla.

      https://books.google.ie/books?id=9KJ4VN4HxosC&pg=PA176&lpg=PA176&dq=catalan+public+service+language&source=bl&ots=-eD_VYGIVc&sig=2ymEhXfEhWFVWBli2w-E_TGqm7E&hl=ga&sa=X&ved=0ahUKEwiDzarum-7NAhVILMAKHeemBxQQ6AEIKTAD#v=onepage&q=catalan%20public%20service%20language&f=false

      • Seán Ó Floinn

        Ní fheictear domsa cén chaoi go bhféadfadh stádas oifigiúil san AE cabhrú le stádas na Gaeilge. Tá an teanga caighdeánaithe agus tá téarmaíocht theicniúil fhairsing forbartha ag státseirbhísigh cheana féin. Tosaíodh ar an obair seo ar fad sna 1920idí le bunú an tSaorstáit agus leantar leis inniu i Rannóg an Aistriúcháin. Cén gá atá ann le tuilleadh dua a chaitheamh ar an gceist seo sa Bhruiséil nuair atá foireann chumasach dhíograiseach againn cheana féin in Éirinn ag plé le cúrsaí téarmaíochta?

        Feictear domsa go bhfuil daoine áirithe ag iarraidh teacht i dtír ar fhlaithiúlacht an AE ar bhealach ciniciúil mímhacánta i gceist an aistriúcháin. An meon atá ag daoine áirithe ná gur cheart dúinn bob a bhualadh ar an AE trí ligean orainn gur ‘ceart daonna’ é dúinn doiciméid mhaorlathacha an AE a aistriú go Gaeilge. B’fhéidir go gcuireann sé seo roinnt post sócúlach ar fáil san AE dóibh siúd a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu cheana féin ach ní dhéanfaidh sé leas na Gaeilge sa bhaile agus ní spreagfaidh sé a fás nó forbairt sa Ghaeltacht. Sin é an rud is measa faoin bhfeachtas seo don stádas oifigiúil.

        B’fhéidir go gcuireann an AE maoiniú airgeadais ar fáil dúinn sa ghearr-thréimhse, ach ní dóigh liom gur bealach é seo chun an teanga a neartú go fad-téarmach. Is é an rud a dhéanann an stádas oifigiúil ná go gcuireann sé poist mhaithe ar fáíl chun Gaeilgeoirí a bhreabadh chun dul leis an aistriúchán. Iad siúd atá ag cur stádas oifiúil AE chun cinn ní luann siad riamh fiúntas an phoist ann féin ach leagann siad béim ar an bpá flaithiúil i gcónaí a bhaineann leis i gcónaí, rud a léiríonn ciniciúlacht agus cur i gcéill.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá borradh anois faoin gCatalóinis toisc gurb í teanga oibre na Parlaiminte…..” Cén parlaimint atá i gceist agat? Ní dhéarfainn go bhfuil an borradh faoin gCatalóinis ag braith in aon bhealach ar stádas an teanga san AE.